Fógraíonn na hAirí McConalogue agus Heydon Comhpháirtíocht Straitéiseach nua €2 mhilliún do Ghníomhú ar son na hAeráide agus don Earnáil Agraibhia
- Foilsithe: 30 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, agus an tAire Stáit don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, a bhfuil freagracht maidir le Taighde agus Forbairt, Comhpháirtíocht Straitéiseach Idirnáisiúnta nua €2 mhilliún chun tacú le gníomhú ar son na haeráide ar leibhéal náisiúnta sa Talmhaíocht.
Arna mhaoiniú ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus ag an gCoimisiún Eorpach, is í PEN-Aeráid an EIT an príomhphobal nuálaíochta san Eoraip a oibríonn chun tacú le geilleagar agus sochaí atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a sheachadadh. Beidh PEN-Aeráid an EIT i gcomhpháirtíocht le geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha in earnáil agraibhia na hÉireann, á stiúradh ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, chun a saineolas idirnáisiúnta ar nuálaíocht aeráide agus eolas áitiúil agus le heagrú a chomhcheangal chun tacú leis an earnáil agraibhia athrú aeráide a mhaolú agus chun oiriúnú dó.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire McConalogue
go bhfuil clár oibre dúshlánach socraithe don earnáil agraibhia sa Phlean Gnímh don Aeráid agus sa Straitéis Fís don Bhia 2030. Chomh maith le sin, dúirt sé go mbeidh gá le cineálacha cur chuige nua agus nuálacha ó gach duine sa tionscal ionas go mbeidh laghdú 22-30% ar astaíochtaí faoi 2030 agus chun neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. Creideann sé go bhfuil cumas ag an gcomhpháirtíocht seo le PEN-Aeráid an EIT chun smaointeoireacht nua agus nuálach a thabhairt ar fud na hearnála, agus ag an am céanna chun tacú lena n-uaillmhianta agus chun cabhrú leis an earnáil dul i ngleic leis an athrú aeráide níos tapúla.
Ina theannta sin, dúirt an tAire Heydon
go léiríonn an tiomantas sonrach atá tugtha acu chun €1.6 milliún a infheistiú i dtaighde ar an gcomhpháirtíocht straitéiseach seo le PEN-Aeráid an EIT tiomantas a Roinne do réitigh nuálacha a dtacaíonn le gníomhú ar son na haeráide san earnáil agraibhia agus sa tsochaí a chómhaoiniú. Dúirt sé go bhfáiltíonn sé go háirithe roimh uaillmhian na comhpháirtíochta chun punann gníomhuithe a thógáil, lena n-áirítear cleachtaí agus teicneolaíochtaí nua a thriail, samhlacha nua gnó a fhorbairt agus a spreagadh, agus rannpháirtíocht saoránach a fheabhsú.
Tharraing na hAirí aird ar an gcaoi a gcuirfeadh an Chomhpháirtíocht Straitéiseach le PEN-Aeráid an EIT a samhail nuálaíochta ‘Deep Demonstration’ i bhfeidhm ar an slabhra luacha agraibhia agus bithbhunaithe iomlán, ón ithir go feirm go forc. Is éard a bheidh i gceist leis seo ná oibriú le geallsealbhóirí ó na hearnálacha poiblí, príobháideacha, neamhrialtasacha agus Ardoideachais chun réimse réitigh straitéiseacha agus comhordaithe a fhorbairt maidir le gníomhú ar son na haeráide, agus déanfar tástáil orthu agus léireofar iad. I dtús báire, léireoidh an chomhpháirtíocht córas agraibhia na hÉireann chun na comhpháirtithe san earnáil phoiblí agus príobháideach atá ann cheana féin agus a dtionscnaimh a thuiscint agus a eagrú. Ansin, cruthóidh céimeanna breise creat chun tionscnaimh agus gníomhaithe atá ann cheana a nascadh agus a chomhtháthú, agus chun gníomhartha nuálaíochta nua a shainaithint agus a thabhairt isteach ar fud gnó, an earnáil phoiblí agus pobail. Beidh baint ag príomhchéim le deiseanna a shainaithint chun maoiniú deontais agus caipiteal infheistíochta príobháidí a chruinniú agus a imscaradh chun tacú leis na gníomhaíochtaí nuálaíochta.
Chuir na hAirí in iúl go láidir go bhfuil comhoibriú idir eagraíochtaí agus institiúidí poiblí agus príobháideacha éagsúla ríthábhachtach ionas go n-éireoidh leis an gcomhpháirtíocht. Dúirt an tAire McConalogue
go gcabhróidh na réitigh a forbraíodh agus a thástáiltear le feirmeoirí, le pobail tuaithe agus leis an earnáil agraibhia agus bithbhunaithe níos leithne chun cineálacha cur chuige agus réitigh athléimneacha a thógáil ar dhúshláin an athraithe aeráide agus inbhuanaitheachta comhshaoil. Dúirt sé freisin go gcreideann sé go gcruthóidh comhpháirtíochtaí mar seo smaointeoireacht agus cuir chuige nua agus go bhfuil sé ag tnúth leis na torthaí seo a fheiceáil sna blianta atá le teacht.
Nótaí don Eagarthóir:
● Á mhaoiniú den chuid is mó ag An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) - www.climate-kic.org an príomhphobal nuálaíochta san Eoraip atá ag obair chun an t-aistriú go geilleagar saor ó charbón a luathú. Is Pobal Eolais agus Nuálaíochta (PEN) é PEN-Aeráid an EIT, a oibríonn chun an t-aistriú go sochaí shaor ó charbón atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a luathú tríd an nuálaíocht a chabhraíonn leis an tsochaí an t-athrú aeráide a mhaolú agus chun oiriúnú dó a shainaithint agus í a thacú. Tugann PEN-Aéráid comhpháirtithe i saol an ghnó, an acadúil, agus na hearnálacha poiblí agus neamhbhrabúis le chéile chun líonraí saineolais a chruthú trína bhféadfar táirgí, seirbhísí agus córais nuálacha a fhorbairt, a thabhairt chuig an margadh agus a mhéadú le haghaidh tionchair. Trí na gréasáin seo agus trí chumhacht a chruinniú, tugann PEN-Aeráid an EIT grúpaí éifeachtacha le chéile chun an nuálaíocht a d’fhéadfadh athrú sistéamach a bheith mar thoradh uirthi a chruthú.
● Tá Clár Taighde na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM), lena n-áirítear For-rochtain Idirnáisiúnta agus Tacaíocht le Comhordú, le fáil anseo: - Research - National Funding
● Mairfidh comhpháirtíocht PEN-Aeráid an EIT agus an Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara ar feadh dhá bhliain ar dtús. Is é an buiséad iomlán ná €2 mhilliún euro, leis an Roinn ag infheistiú €1.6 milliún agus PEN-Aeráid ag infheistiú €0.4 milliún. Cuirfear foireann cheannaireachta lárnach le chéile, arna n-urrú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus áireofar oifigigh PEN-Aeráid agus DAFM, ach beidh éiceachóras eolais agus nuálaíochta agraibhia na hÉireann níos leithne agus ceannairí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach agraibhia na hÉireann páirteach ann freisin.
● Tá sé mar aidhm ag PEN-Aeráid, i gcomhpháirtíocht leis an DAFM, eolas agus léargais, comhfhorbairt cumais agus beart praiticiúil a sholáthar chun tacú le huaillmhianta agraibhia, bithgheilleagar agus aeráide na hÉireann. Is é fócas sonrach na hoibre ná bogadh ó thaighde incriminteach aonair agus ó thionscadail taispeántais agus nuálaíochta, agus ina ionad sin, sraith chomhordaithe de ghníomhaíochtaí nuálaíochta, a chruthú agus a chur i bhfeidhm, agus é mar aidhm acu athrú dearfach fadréimseach a sheachadadh.
● Bainfear úsáid as an gcur chuige comhpháirtíochta chun:
● na tionscnaimh san earnáil phoiblí agus príobháideacha atá ann faoi láthair a thuiscint agus a eagrú.
● creat a chruthú chun tionscnaimh agus gníomhaithe atá ann cheana a nascadh agus a chomhtháthú, agus chun gníomhaíochtaí nuálaíochta a shainaithint agus a thabhairt isteach ar fud gnó, na hearnála poiblí agus na pobail.
● maoiniú deontais agus caipiteal infheistíochta príobháidí a chruinniú agus a imscaradh.