Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí McConalogue & Hackett go bhfuil an Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánaigh oscailte

  • An ceathrú fo-scéim faoin Scéim Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe (SNTS 3) le hoscail
  • ráta deontais 60% ar fáil d’Fheirmeoirí Orgánacha cáilitheacha

D’fhógair an tAire Charlie McConalogue agus an tAire Stáit Pippa Hackett inniu go bhfuil an Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánaigh, an ceathrú scéim le hoscailt faoin Scéim Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe (SNTS 3) oscailte d’iarratais. Soláthróidh an scéim cúnamh deontais faoi SNTS ag an ráta níos airde de 60% d’fheirmeoirí orgánacha le haghaidh infheistíochtaí caipitil agus trealamh chun a bhfiontar orgánach a fhorbairt. Comhlánaíonn sé an méadú faoi chúig ar bhuiséad na scéime Orgánach go €256m thar na cúig bliana amach romhainn.

Dúirt an tAire Hackett,

“Cabhróidh seoladh na Scéime Infheistíochta Caipitil Orgánaigh le feirmeoirí orgánacha an infheistíocht riachtanach a dhéanamh chun a gcuid feirmeacha a fheabhsú go caighdeáin orgánacha agus chun a gcuid feirmeacha a fhorbairt tuilleadh. Comhlánaíonn sé an t-ardú suntasach ar rátaí deontais faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaigh inar tháinig méadú faoi dhó ar líon na bhfeirmeoirí orgánacha in Éirinn le 12 mhí anuas. Léiríonn an ráta deontais 60% níos airde an tábhacht a bhaineann le forbairt ár n-earnáil orgánach. Tá sprioc uaillmhianach socraithe againn dúinn féin maidir le 10% den talamh a shaothraítear go horgánach a bhaint amach faoi 2030 agus tá dul chun cinn iontach déanta go dtí seo. Dreasacht bhreise a bheidh sna tacaíochtaí seo d’fheirmeoirí ar spéis leo feirmeoireacht go horgánach.

Dúirt an tAire McConalogue freisin

“Tá lúcháir orm gur osclaíodh an Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánaigh le haghaidh iarratas. Tá ról tábhachtach ag an scéim seo i bhforbairt na hearnála feirmeoireachta orgánaí. Cuirfidh an ráta cúnamh deontais 60% atá ar fáil do rannpháirtithe na scéime feirmeoireachta orgánaí ar chumas feirmeoirí orgánacha infheistíocht a dhéanamh ina gcuid feirmeacha agus cabhróidh sé le méadú a dhéanamh ar an limistéar talún a ndéantar feirmeoireacht inbhuanaithe air”.

Is é cuspóir na Scéime Infheistíochta Caipitil Orgánaigh ná forbairt na hearnála orgánaí a éascú chun soláthar comhsheasmhach de tháirgí orgánacha ardchaighdeáin don mhargadh a chinntiú agus déanfaidh sé go sonrach;

  • Cabhrú le táirgeadh, láimhseáil agus ullmhú táirgí orgánacha a fheabhsú.

.* Glacadh agus cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua a éascú.

  • Cabhrú lena chinntiú go nglacfar le "dea-chleachtas" laistigh den táirgeadh orgánach.
  • Earnáil curaíochta orgánach a éascú chun cur chuige spriocdhírithe beacht a fhorbairt a dhíreoidh ar dhíbhinní comhshaoil, éifeachtúlacht agus fás breise.

Iomaíochas a fheabhsú agus rannchuidiú le feabhas a chur ar ioncam talmhaíochta.

Leanann fógra an tráinse Orgánach de SNTS ar sheoladh rathúil na Solar Capital Investment Scheme (SCIS) aonair le huasteorainn imfhálaithe de €90,000an S Animal Welfare and Nutrient Storage Scheme and the Pig and Poultry Investment Scheme.. Tá na scéimeanna eile á gcur i bhfeidhm go céimneach agus beidh siad ar fad ar fáil le cur i bhfeidhm roimh dheireadh Thránse 1 de na SNTS i lár mhí an Mheithimh.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Soláthraíonn an scéim SNTS maoiniú le haghaidh infheistíochtaí caipitil ar fheirmeacha agus beidh sé i bhfeidhm ar feadh 5 bliana le buiséad de €370m.

Osclaíodh Tráinse 1 den scéim Dé Céadaoin 22 Feabhra.

Osclaíonn an Scéim Infheistíochta Caipitil Orgánaigh ar 19 Aibreán 2023.

Osclófar na 6 scéim SNTS eile de réir a chéile le linn Tráinse 1 agus táthar ag súil go ndúnfar é ar 16 Meitheamh.

Cén Infheistíochtaí atá Incháilithe?

Liosta Míreanna

  • Tá liosta de na hinfheistíochtaí incháilithe sonraithe. Is féidir rochtain a fháil ar Shonraíochtaí Déanmhais na Roinne atá ábhartha don Scéim seo ar shuíomh gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ag: TAMS - Farm Building and Structures Specifications
  • Ba cheart ceisteanna den chineál teicniúil maidir leis na sonraíochtaí a chur isteach trí ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas tams@agriculture.gov.ie. Liostaítear na huimhreacha fóin teagmhála le haghaidh ceisteanna teicniúla in Iarscríbhinn G.
  • Níl ach infheistíochtaí seasta a thógtar/a chuirtear suas/a shuiteáiltear ar thalamh cáilithe incháilithe le haghaidh cúnamh deontais.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat