English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí oscailt chéim 3 den Chlár um Shampláil agus Anailísiú Ithreach

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., agus an tAire Stáit atá freagrach as Úsáid Talún agus an Bhithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu gur oscail Céim 3 den Chlár um Shampláil agus Anailísiú Ithreach roimh iarratais. Tagann seo sna sála ar fhógra na nAirí mar chuid de Bhuiséad 2025, agus acmhainn sa chéim seo den Chlár le tuairim is 40,000 sampla breise a thógáil ó fheirmeacha ar fud na tíre.

Agus an oscailt á fhógairt aige, dúirt an tAire McConalogue,

‘Tógfaidh an Clár seo ar an rath a bhí ar an dá chéim roimhe seo agus tá sé dírithe ar shláinte na hithreach, ar thorthúlacht na hithreach agus ar charbón na hithreach a chur i gcroílár ár múnla talmhaíochta amach anseo. Tá bonnlíne chuimsitheach náisiúnta á bunú tríd an gClár um Shampláil agus Anailísiú Ithreach maidir le stádas agus sláinte ár n-ithreacha ar fud gach córas feirmeoireachta in Éirinn. Tá tacaíocht tugtha d’fheirmeoirí go dtí seo breis agus 170,000 sampla tógtha faoi na céimeanna roimhe seo den Chlár agus tá lúcháir orm an maoiniú leanúnach seo a chur ar fáil.”

Ag labhairt di ar an oscailt, dúirt an tAire Stáit, Pippa Hackett

“Is féidir airgead a shábháil d’fheirmeoirí má thógtar samplaí ithreach agus má ghníomhaítear i leith na dtorthaí, agus go ríthábhachtach, cabhraíonn sé le feirmeoirí sláinte ithreach agus caighdeán an uisce a fheabhsú agus astaíochtaí talmhaíochta a laghdú. Is éiceachórais chasta iad ithreacha ina dtarlaíonn feidhmeanna iontacha iontu, agus méadóidh an Clár seo feasacht agus tuiscint feirmeoirí ar a n-ithreacha. Cabhróidh sé seo le feirmeoirí ar deireadh cinntí bainistíochta níos spriocdhírithe a dhéanamh agus a spleáchas ar ionchuir cheimiceacha costasacha a laghdú.”

Clúdaíonn an Clár seo costas suas le 16 shampla ithreach aonair le haghaidh anailíse cothaitheach, aigéadacht ithreach, ábhar orgánach agus tástáil amháin le haghaidh faireachais ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (AMR) in aghaidh na feirme.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue:

“Tá sláinte ithreacha talmhaíochta ríthábhachtach, ní hamháin maidir le táirgeadh inbhuanaithe bia agus úsáid éifeachtach leasacháin ach freisin chun go leor seirbhísí éiceachórais eile a sholáthar, mar ceapadh carbóin, agus rialáil tuilte. Molaim d’fheirmeoirí cur isteach ar an gclár mar go bhfuil sampláil ithreach ina chuid lárnach de thorthúlacht na hithreach a bhainistiú agus táimid anois ag dul isteach sa tréimhse is fearr chun samplaí ithreach a thógáil.”

Beidh an Clár um Shampláil agus Anailísiú Ithreach oscailte d’fheirmeoirí ar fud na tíre agus tá liosta iomlán na gcritéar incháilitheachta le fáil sna Téarmaí agus Coinníollacha.

Cuirfidh an tionscnamh seo, mar aon le bunú Líonra Monatóireachta Taise Ithreach na hÉireann, bonneagar ar fáil d’Éirinn a éascóidh tuairisciú fíor-ama ar roinnt athróg aeráide éagsúla. Chomh maith leis sin, cuirfidh an Fhaireachlann Carbóin um Ithir Thalmhaíochta Náisiúnta, a bhaineann le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a thomhas thar éagsúlacht de chineálacha ithreacha na hÉireann, eolas ar fáil do bheartas amach anseo agus soláthróidh sé sonraí cruinne ar an tionchar a bhíonn ag cleachtais bhainistíochta ar ár n-acmhainn ithreach.

Is féidir iarratais a dhéanamh trí www.agfood.ie agus tá sonraí iomlán ar fáil ag Item was unpublished or removed

Is é an spriocdháta d’iarratais ó fheirmeoirí faoin gClár an 6 Samhain 2024.

DEIREADH