Fógraíonn na hAirí oscailt na Scéime Infheistíochta Caipitil Gréine (an SCIS) faoi TAMS
- Foilsithe: 22 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., oscailt iarratas ar phainéil ghréine faoin Scéim Nuachóirithe Talmhaíochta Spriocdhírithe (TAMS 3) nua. Cuireann TAMS cistiú ar fáil d’infheistíochtaí caipitil ar fheirmeacha agus beidh sé i bhfeidhm ar feadh cúig bliana agus beidh buiséad €370m aige.
Chun ceannach infheistíochtaí gréine a spreagadh agus an brath a laghdú, leis sin, ar fhuinneamh iontaise i measc feirmeoirí, déanfar an scéim gréine a imfhálú lena teorainn infheistíochta féin €90,000 agus cuirfear cúnamh deontais ar fáil dó ar an ráta breise 60%.
Ag labhairt dó ar an Scéim Infheistíochta Caipitil Gréine (an SCIS), dúirt an tAire McConalogue:
“Tá tús áite tugtha agam do na hinfheistíochtaí gréine a thabhairt isteach ar dtús, a osclófar ón lá inniu, Dé Céadaoin, an 22 Feabhra. Anuas ar na rátaí deontais níos airde, mhéadaigh mé méid na n-infheistíochtaí atá ar fáil ó 11 kW go 62 kW. Cuirfidh an scéim ar chumas gach feirmeora a gcumhacht féin a ghiniúint dá n-áit chónaithe agus dá ngabháltas agus cabhróidh sé le geilleagar tuaithe níos inbhuanaithe a bhaint amach, a chabhróidh le feirmeoirí costais fuinnimh a laghdú ar a ngabháltais.
“Seo tús todhchaí spreagúla agus gile maidir le giniúint fuinnimh ar an bhfeirm. Is eol dom go mbeidh TAMS gréine ina ábhar ollmhór spéise i measc feirmeoirí agus spreagaim gach duine an scéim a ghrinnscrúdú féachaint an oibreoidh sí dóibh.”
Príomhcholún aeráide don earnáil talmhaíochta é glacadh le cleachtais fuinnimh inbhuanaithe ar leibhéal feirme, éifeachtúlacht fuinnimh, imlonnú athnuaiteán ar leibhéal feirme agus bunábhair thalmhaíochta a sholáthar do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite ina measc i dtaobh na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
1. Costais fuinnimh ar an bhfeirm a laghdú;
2. An lorg carbóin ar leibhéal feirme a laghdú; agus
3. Cur le dícharbónú an chórais fuinnimh ar an iomlán.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Cuireann an teorainn infheistíochta ar leith seo do FV gréine deis ar fáil anois d’fheirmeoirí coigilteas costas fuinnimh a bhaint amach agus cur freisin lenár slándáil agus dícharbónú go náisiúnta. Spreagaim anois gach feirmeoir an tacaíocht seo a fháil agus bheith airdeallach chomh maith ar an tacaíocht bhreise a d’fhéadfadh bheith ar fáil tríd an Scéim Tacaíochta Micrighiniúna”.
Dúirt an tAire Stáit Hackett, ina theannta sin,
“Tá painéil ghréine ar an bhfeirm ag go leor feirmeoirí cheana féin agus tá na tairbhí a bhaineann leo tugtha faoi deara acu, go háirithe nuair a chuirtear an méadú ar chostais fuinnimh atá tagtha le roinnt míonna anuas san áireamh. Cuireann an Scéim Infheistíochta Caipitil Gréine an deis ar fáil anois do líon níos mó feirmeoirí, fiú, FV gréine a chur isteach ar bharr a ndíonta agus na tairbhí a bhaint. Tá seo ar aon dul lenár gcur chuige i leith feirmeoirí a spreagadh bheith níos inbhuanaithe agus chun cabhrú leo amhlaidh a dhéanamh. Spreagfainn feirmeoirí fud fad na tíre súil a chaitheamh ar an scéim seo agus féachaint an féidir leo tairbhe a bhaint.”
Dúirt an tAire Heydon,
“Is nuacht iontach í seo do gach feirmeoir agus cuireann sé borradh mór faoi inbhuanaitheacht feirmeacha Éireannacha a fheabhsú. Léirigh feirmeoirí fíorthoilteanas d’infheistiú i dteicneolaíochtaí in-athnuaite agus táim ag tnúth leis an ngné an-mhealltach ghréine seo in TAMS a thabhairt isteach a bheith ina sampla inbhraite de sin.”
Athshocraíodh na teorainneacha infheistíochta faoi TAMS 3 a chiallaíonn gur féidir le gach feirmeoir a rinne iarratas faoi TAMS II iarratas a dhéanamh faoi TAMS 3. Méadófar an teorainn infheistíochta le haghaidh Gréine aníos go dtí €90,000 in aghaidh an ghabháltais maidir le fad na scéime. Ciallaíonn seo go mbeidh gach feirmeoir incháilithe in ann iarratas a dhéanamh ar an teorainn uasta €90,000 don SCIS anuas ar theorainn €40,000 don Scéim Sciodair Astaíochtaí Ísle (LESS) agus teorainn mhéadaithe €90,000 do gach Scéim eile TAMS 3. Is féidir le feirmeoirí éileamh fuinnimh teach cónaithe amháin a chur san áireamh in aghaidh an ghabháltais nuair a bhíonn sraith an phainéil ghréine á toisiú, a rachaidh chun mórshochair teaghlaigh feirme i rith na géarchéime fuinnimh reatha.
Beidh TAMS 3 ar siúl ar feadh cúig bliana agus áireofar leis 10 scéim. Tá súil leis go ndúnfar an chéad Tráinse do gach scéim an 16 Meitheamh 2023. Ní oibrítear an scéim ar bhonn tús freastail ar an duine is túisce agus rachaidh gach iarratas faoi phróiseas rangaithe agus roghnaithe i ndiaidh an dáta deiridh.
Nótaí:
An Scéim Infheistíochta Caipitil Gréine (SCIS) ag 60% den ráta deontais, ag a bhfuil teorainn infheistíochta €90,000 atá ar leith ó scéimeanna eile.
Tháinig méadú ar an teorainn infheistíochta ó €80,000 go €90,000
Tháinig méadú ar an ráta deontais ó 40% go 60%
Tháinig méadú ar kW ó 11kW go 62kW
Foilsítear an réimse iomlán infheistíochtaí anseo. Targeted Agricultural Modernisation Scheme 3 (TAMS 3).
Tá na Cáipéisí Costais Tagartha ar fáil freisin anseo. Targeted Agricultural Modernisation Scheme 3 (TAMS 3).
Ba cheart ceisteanna de chineál teicniúil a bhaineann leis na sonraíochtaí a chur isteach ar ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas tams@agriculture.gov.ieTá uimhir líne chabhrach theicniúil 053 911 4181 ar fáil idir 10.00 am agus 12.30 pm agus idir 2.00 pm agus 4.30 pm ó Luan go hAoine, seachas saoirí poiblí.
I gcás na gceisteanna go léir eile faoi TAMS, déan teagmháil le Riarthóir TAMS 3 trí ghlaoch ar 053 916 3425.
Féadfaidh conraitheoirí a gcód rochtana ríomh-Dheimhnithe Imréitigh Cánach a chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig TAMScontractors@agriculture.gov.ie