Fógraítear go bhfuil Éire ina Cathaoirleach ar an gComhaontas Taighde Dhomhanda do Gháis Ceaptha Teasa Talmhaíochta (Global Research Alliance for Agricultural Greenhouse Gases)
- Foilsithe: 13 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Feabhra 2025
Reáchtálfar an phríomhchomhdháil náisiúnta i mí an Mheithimh
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as taighde agus nuálaíocht, Noel Grealish TD, inniu, comhdháil mhór náisiúnta maidir leis an athrú aeráide sa talmhaíocht a reáchtálfar i mbliana. Reáchtálfar an chomhdháil mar chuid de theacht le chéile tábhachtach an phobail dhomhanda um thaighde ag obair le chéile mar chuid den ‘Chomhaontas Taighde Dhomhanda’ (GRA).
Tá 68 tír mar bhall den GRA, agus tá siad tiomanta don chomhoibriú ar thaighde maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus slándáil an tsoláthair bia a chinntiú ag an am céanna.
Tá Éire, tríd an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ina Cathaoirleach oifigiúil ar an gComhaontas Taighde Dhomhanda do Gháis Ceaptha Teasa Talmhaíochta (GRA), ar feadh tréimhse 18 mí ón 01 Eanáir 2025. Is í seo an chéad uair d’Éirinn a bheith mar chathaoirleach ar GRA ó thús a ballraíochta in 2009.
Ag labhairt dó ar ról ceannaireachta nua na hÉireann, dúirt an tAire Heydon:
“Feictear domsa gur réiteach é an talmhaíocht i gcás an athraithe aeráide. Is ceannaire domhanda í earnáil bhia na hÉireann ó thaobh na gcóras inbhuanaithe bia de. Mar chathaoirleach GRA, leanfaimid orainn sa ról ceannaireachta idirnáisiúnta seo, ag spreagadh an taighde agus ag forbairt teicneolaíochtaí agus cleachtas nuálach is féidir le feirmeoirí a úsáid chun astaíochtaí a laghdú agus córais bhia atá slán agus ina bhfuil teacht aniar a chur chun cinn ag an am céanna”.
Dúirt an tAire Stáit Grealish:
“Is mór an onóir d’Éirinn a bheith ina cathaoirleach ar an gcomhaontas taighde dhomhanda seo a bhfuil tábhacht ag baint leis, maidir le réimse atá ina thosaíocht dúinn. Infheistíonn mo Roinn go leor acmhainní sa taighde ar an aeráid talmhaíochta, agus cuireadh leis an maoiniú don réimse seo faoi 60% le cúig bliana anuas. Ag glacadh leis an ról seo, cuirtear lenár dtiomantais idirnáisiúnta, lena n-áirítear an togra taighde dhéthaobhaigh leis an Nua-Shéalainn, rannpháirtíocht sa Mhol Luasaire Dhomhanda Mheatáin (Global Methane Hub Accelerator), agus sa Mhisean Nuálach Talmhaíochta don Aeráid (Agricultural Innovation Mission)”.
D’fháiltigh Ionadaí Speisialta an GRA, an Dr Harry Clark, roimh cheannaireacht na hÉireann, ag rá:
“Tá an-tábhacht ag baint leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa talmhaíochta. Le deireanaí, d’fhoilsigh iarracht dhomhanda de 60 taighdeoir i líonra beatha agus cothaithe an GRA treoirlínte teicniúla úrnua maidir le breiseáin bheatha chun an meatán a mhaolú. Léiríonn sé seo luach GRA, agus beidh saineolas agus tiomantas na hÉireann don eolaíocht sa réimse seo ríthábhachtach ó thaobh cabhrú leis an GRA cur le haschur dá leithéid seo”.
Comhdháil Aeráide Talmhaíochta
Le cois chathaoirleacht an GRA, d’fhógair na hAirí go bhfuil sé i gceist acu comhdháil mhór náisiúnta a reáchtáil ina ndíreofar ar ról na talmhaíochta ó thaobh mhaolú an athraithe aeráide de, ag tabhairt le chéile an lucht déanta polasaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, taighdeoirí, comhairleoirí, feirmeoirí, ceannairí tionscail agus daoine eile.
Dúirt an tAire Heydon:
“Tá áthas orm a fhógairt go reáchtálfaidh mo Roinn an chomhdháil thábhachtach, náisiúnta seo maidir leis an aeráid talmhaíochta seo i gCaisleán Bhaile Cliath Déardaoin, an 05 Meitheamh 2025. Tógfaidh sé seo ar chomhdháil den chineál céanna a reáchtáladh i mí na Samhna 2023 i Staid an Aviva, agus trí chomhdháil a reáchtáil taobh le cruinniú Chomhairle an GRA léireofar ár dtiomantas d’iarrachtaí domhanda sa talmhaíocht inbhuanaithe a threorú”.
Dúirt an tAire Stáit Grealish:
“I bhfianaise fhairsinge agus leithead na hinfheistíochta taighde déanta ag mo Roinn sa réimse seo, ní mór dúinn na torthaí is deireanaí a chur in iúl dár bpríomhpháirtithe leasmhara ar mhaithe le leanúint lenár n-iarrachtaí móra an méid a chuireann an talmhaíocht le hastaíochtaí GCT na hÉireann a laghdú. Táim ag súil go mór le tuilleadh sonraí a fhógairt faoin gcomhdháil sna míonna amach romhainn”.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
An Comhaontas Taighde Dhomhanda do Gháis Ceaptha Teasa Talmhaíochta
• Ní féidir le haon tír amháin ná le hinstitiúid taighde amháin tabhairt faoin athrú aeráide ina n-aonar.
• Seoladh GRA i mí na Nollag 2009 agus tá líon na mball ag fás, le breis is 60 tír ó gach cearn den domhan. Bhí Éire ar cheann de bhunaitheoirí GRA.
• Tá GRA i gcomhpháirt le príomheagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil freagracht orthu as craobhscaoileadh an eolais don lucht déanta polasaithe, don phobal eolaíochta agus do cheannairí feirme.
• Is Ambasadóir GRA é Ionadaí Speisialta GRA. Is é an Dr Harry Clark an Príomheolaí freisin, sa New Zealand Agricultural Greenhouse Gas Research Centre.
• Is Comhchathaoirleach é an tOllamh Tommy Boland, i Scoil Talmhaíochta agus Bia-Eolaíochta CÓBAC, ar Ghrúpa Taighde Bheostoic (ceann amháin as ceithre ghrúpa taighde) de chuid GRA
• Foilsíodh na treoirlínte teicniúla maidir le breiseáin bheatha do mhaolú meatáin mar eagrán speisialta den Journal of Dairy Science i mí na Nollag 2024. Tá rochtain iomlán ar an eagrán anseo: Breiseáin bheatha do mhaolú meatáin: Intreoir—Eagrán speisialta ar threoirlínte teicniúla chun breiseáin bheatha a fhorbairt le meatán eintreach a laghdú - Journal of Dairy Science. Reáchtálfar dhá sheimineár gréasáin atá go luath chun tuilleadh sonraí a thabhairt faoin tionscadal seo – féach anseo: Breiseáin bheatha chun an meatán a laghdú; Comhaontas Taighde Dhomhanda
• Chun tuilleadh eolais a fháil faoin GRA, téigh chuig Comhaontas Taighde Dhomhanda
An Chomhdháil maidir leis an Talmhaíocht agus leis an Athrú Aeráide
• Beidh an chomhdháil ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Déardaoin, an 5 Meitheamh 2025
• I measc na bpríomhthéamaí a phléifear, beidh: an ghéineolaíocht agus pórú, breiseáin bheatha, teicneolaíochtaí laghdaithe meatáin agus ocsaíde nítriúla eile, ceapadh agus stóráil carbóin, beartas agus treochtaí margaidh, agus tuairimí idirnáisiúnta sna réimsí seo
• Foilseofar tuilleadh sonraí, lena n-áirítear clárúchán, sna míonna amach romhainn