English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógra Éanlainne eisithe ag an Roinn mar Bheart Réamhchúraim i gCoinne Fhliú na nÉan

Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil rialacháin déanta ag an Aire Charlie McConalogue T.D., faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013 a cheanglaíonn ar choimeádaithe na healta éanlaith chlóis agus éin ghafa atá acu nó faoina smacht a choinneáil i bhfoirgneamh daingean nach bhfuil éin fhiáine ná aon ainmhí eile ábalta dul isteach ann agus bearta bithshlándála ar leith a chur i bhfeidhm. Déantar foráil leis na rialacháin, dar teideal Rialacháin um Fhliú na nÉan (Éin a Ghaibhniú mar Réamhchúram) 2020, maidir le bearta réamhchúraim in aghaidh fhliú na n-éan agus beidh feidhm leis na rialacháin ón 21 Nollaig.

Táthar ag tabhairt faoi na bearta seo i bhfianaise go bhfuil ráig de Fhliú na nÉan H5N8 deimhnithe in ealta bheag turcaithe i gCo. Chill Mhantáin agus in éin fhiáine i roinnt ceantar ar fud na tíre.

Leagtar béim leis na torthaí seo go bhfuil baol atá ag méadú ann d'ealtaí éanlaith agus d'éin ghafa ar fad agus don tionscadal éanlaith dá réir sin.

Tá ráigeanna de fhliú na n-éan ardphataigineach deimhnithe in ealaí éanlaith sa Bhreatain Mhór, agus i dtíortha eile san Eoraip le cúpla seachtain anuas. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach bhfuil aon bhaol i gceist le héineoil ná táirgí éineola a ithe.

Thug an Roinn rialacháin isteach roimhe seo, an 01 Nollaig, á dhéanamh éigeantach do choimeádaithe éanlaith chlóis agus éin ghafa bearta bithshlándála feabhsaithe a ghlacadh agus cosc a chur ar éin a thabhairt le chéile a eagrú.

Tá sé deimhnithe ag an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte cé go bhféadfadh drochghalar a theacht ar éanlaithe agus ar éin eile mar gheall ar an bhfochineál H5N8, níor tuairiscíodh aon ionfhabhtuithe den víreas i ndaoine ar fud an domhain agus dá bhrí sin tá an baol a bhaineann leis do dhaoine an-íseal.

Ach, moltar don phobal áfach gan éin fhiáine atá tinn ná marbh a láimhseáil agus éin thinne nó mharbha a thuairisciú chuig an Oifig Tréidliachta Réigiúnach nó teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach ar ghalair an DAFM ar 1850 200 456. Tá córas foláirimh luath i bhfeidhm le Cairde Éanlaith Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Cumann Náisiúnta na gComhairlí Áitiúla Géime maidir le faireachas ar ghalair in éin fhiáine.

Ba cheart go leanfadh úinéirí ealtaí éanlaith de bheith ag faire amach do chomharthaí galair ina n-ealtaí, bearta bithshlándála géara a chothabháil agus aon amhras faoi ghalar a thuairisciú chuig an Oifig Tréidliachta Roinne is gaire dóibh.

Tá córas foláirimh luath i bhfeidhm le Cairde Éanlaith Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Cumann Náisiúnta na gComhairlí Áitiúla Géime maidir le faireachas ar ghalair in éin fhiáine.

Tá an Roinn ag leagan béim arís ar an ngá atá ann leanúint de bheith ag déanamh monatóireacht ghéar ar an gcás maidir leis an ngalar agus é a mheas agus tá sí i dteagmháil rialta le páirtithe leasmhara tionscail.

Nótaí d'Eagarthóirí:

1. Rialacháin um Fhliú na nÉan (Éin a Ghaibhniú mar Réamhchúram) 2020 teideal na hIonstraime Reachtúla

2. Fuarthas Fliú na nÉan H5N8 in éin fhiáine, 10 n-éan fhiáine i gCorcaigh, i gCill Dara, i Luimneach, i Maigh Eo, i Muineachán, i Loch Garman agus i gCill Mhantáin. Léiríonn sé seo go bhfuil fliú na n-éan ag scaipeadh i measc éin fhiáine ar fud na tíre.

3. Tá limistéar cosanta (PZ) de raon 3km ar a laghad curtha i bhfeidhm agus limistéar faireachais (SZ) de raon 10km ar a laghad curtha i bhfeidhm ón ngabháltas ionfhabhtaithe. Táthar ag tabhairt faoi áireamh de na gabháltais ar fad laistigh den limistéar cosanta agus den limistéar faireachais agus táthar ag cur nósanna imeachta i bhfeidhm chun gluaiseacht éanlaith beo, éin ghafa eile, uibheacha gortha agus uibheacha le hithe, salachar, aoileach agus sciodar ó ghabháltais éanlaith a rialú. Níl aon cheanglas ann faoi Threoir 2005/94, gluaiseacht beatha éanlaith a rialú ach amháin chuig áitribh atá faoi "amhras" nó atá "ionfhabhtaithe". Ach tá feidhm ag na bearta bithshlándála i leith gluaiseacht fheithiclí seachadta beatha idir feirmeacha éanlaith sa HPRZ.

4. Is féidir tuilleadh eolais maidir le fliú na n-éan a fháil ar:

www.gov.ie/en/publication/50ce4-avian-influenza-bird-flu/

5. Áirítear cloigne ata, mílíthiú ar mhuiníl agus ar scornacha na n-éan, ní bhíonn aon dúil acu i mbeatha, deacrachtaí anála, sciodar, agus ní bhíonn an oiread uibheacha á mbreith acu ar chomharthaí cliniciúla ar cheart d'úinéirí éanlaith súil a choinneáil amach dóibh - cé go mbíonn éagsúlacht i gceist ag brath ar speiceas na n-éan.

6. Má cheapann tú go bhfuil an galar ar d'ealta féin, cuir sin in iúl don Oifig Tréidliachta Réigiúnach is gaire duit nó glaoigh ar Líne Chabhrach Fliú na nÉan: 076 106 4403 (Taobh amuigh de Ghnáthuaireanta Oscailte na hOifige: 1850 200 456).

7. Má thagann tú ar éin fhiáine ar nós lachain fhiáine, géanna fiáine, ealaí, faoileáin nó éin chreiche marbh ná láimhseáil iad. Déan sin a thuairisciú chuig an Roinn mar atá thuasluaite.

8. Is féidir liosta d'oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus sonraí teagmhála na n-oifigí sin a fháil ag: Item was unpublished or removed

9. Is iad a leanas teidil na nIonstraimí Reachtúla a tugadh isteach an 01 Nollaig; Rialacháin um Fhliú na nÉan (Bearta bithshlándála) 2020 agus Rialacháin um Fhliú na nÉan (Srian ar Éin Bheo a Thabhairt le Chéile) 2020.

CRÍOCH