English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faigheann Coiste Comhairleach na nGeallsealbhóirí um Bhunachar Sonraí Náisiúnta na Leasachán uasdátú ar an dul chun cinn

Tháinig Coiste Comhairleach Geallsealbhóirí um Bhunachair Sonraí na Leasachán le chéile ar an 15 Meán Fómhair chun uasdátú a fháil ar fhorbairt Bunachair Sonraí Náisiúnta na Leasachán, a mheastar a bheidh i bhfeidhm ag tús na bliana 2023.

Cuireadh in iúl don Choiste an dul chun cinn maidir le hachtú an Bhille um Rialáil Beostoic agus Leasacháin Míochaine 2022 maidir le Táirgí Míochaine Tréidliachta, chomh maith le uasdátú ar chórais TF atá mar bhonn agus thaca ag Bunachar Sonraí Náisiúnta na Leasachán, agus ar phleananna na cumarsáide don tréimhse amach romhainn.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD:

“Tá ról tábhachtach fós á imirt ag obair an Choiste Chomhairligh maidir le cur ar chumas mo Roinne uasdátú a dhéanamh ar na geallsealbhóirí ar an dul chun cinn atá déanta maidir le bunú Bhunachar Sonraí Náisiúnta na Leasachán chomh maith le haiseolas rí-ábartha a fháil uathu maidir leis na riachtanais atá beartaithe. Gabhaim buíochas leis an gCoiste as an obair luachmhar atá déanta acu go dtí seo.”

Lean an tAire ar aghaidh ag rá:

“Beidh tuilleadh eolais á chur ar fáil ag mo Roinn d’fheirmeoirí, d’Agra-cheannaithe agus do na geallsealbhóirí eile faoin moladh chun Bunachar Sonraí Náisiúnta na Leasachán a thabhairt isteach ag Comórtas Náisiúnta na Treabhdóireachta i Ráth an Uisce, Co. Laoise an tseachtain seo. Ba mhaith liom anois rannpháirtíocht ghníomhach a spreagadh san obair thábhachtach seo chun a chinntiú go bhfuil na geallsealbhóirí ar an eolas faoi na riachtanais atá beartaithe agus cad a bheidh i gceist acu don obair ar an bhfeirm acu nó dá gcuid gnóthas”.