Foilsíonn Airí Sraith Tuarascálacha ar an mBithgheilleagar
- Foilsithe: 22 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 22 Meitheamh 2023
D'fhoilsigh na hAirí Talmhaíochta, Bia agus Mara dhá thuarascáil thábhachtacha inniu a bhaineann le bithgheilleagar na hÉireann, is iad sin an dara tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm an Ráitis Beartais Náisiúnta ar an mBithgheilleagar, agus an chéad tuarascáil ón bhFóram Geallsealbhóirí Bithgheilleagair. Cuireadh an dá thuarascáil os comhair an Rialtais le déanaí.
Is éard atá i gceist leis an mbithgheilleagar ná táirgeadh, úsáid agus athghiniúint ábhar bithbhunaithe. Baineann deiseanna leis chun astaíochtaí gás ceaptha teasa sa chóras agraibhia a laghdú trí acmhainní agus próisis bhitheolaíocha a chur in ionad acmhainní atá bunaithe ar iontaise, idir bhithleasuithe agus bithlotnaidicídí, agus foinsí nua bia, plaistigh agus teicstílí bithbhunaithe, agus bainistíocht dramhaíola bitheolaíche, gan ach cúpla a lua.
D'fhoilsigh Éire Ráiteas Beartais Náisiúnta ar an mBithgheilleagar in 2018. Leagadh amach ann fís chun an bithgheilleagar a fhorbairt. Bunaíodh leis Grúpa Forfheidhmithe Bithgheilleagair (GFB), ar a bhfuil an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ina gcomhchathaoirligh. Tá ionadaithe aige ó raon leathan ranna agus gníomhaireachtaí rialtais. Bunaíodh Fóram Geallsealbhóirí chomh maith.
Aithnítear sa dara tuarascáil ar dhul chun cinn an GFB:
- comhleanúnachas méadaithe beartais agus earnála le comhtháthú an bhithgheilleagair i mbeartais agus i bpleananna tábhachtacha náisiúnta ar nós Fís Bia 2030, an Plean Gnímh don Aeráid 2023, an Straitéis don Gheilleagar Ciorclach, Éifeacht 2030, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, agus go leor eile;
- níos mó ná 38 tionscnamh bithgheilleagair nua cosúil le grúpaí taighde nua, infheistíochtaí chun bithscaglanna a fhorbairt, cláir oideachais agus oiliúna, agus raon leathan de thionscadail chomhoibríocha nua;
- ardú feasachta, go háirithe le linn Sheachtain Bhithgheilleagar na hÉireann;
Baintear de thátal as an tuarascáil go bhfuil gá le leanúint leis na cineálacha cur chuige dea-rialachais a bunaíodh ach go bhfuil gá anois le saoráidí nuálaíochta agus tástála agus taispeántais a mhéadú go háirithe, chun bithgheilleagar na hÉireann a bhogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile dá fhorbairt.
Idir an dá linn, aithnítear i dtuarascáil an Fhóram Geallsealbhóirí Bithgheilleagair, ar a bhfuil John Malone ina chathaoirleach, go bhfuil roinnt nuálaithe tosaigh ag bithgheilleagar na hÉireann atá ag forbairt gníomhaíochtaí bithscaglainne tráchtála. Aithnítear nach bhfuil forbairtí forleathan go náisiúnta mar is cuí áfach, agus aithnítear 15 réimse ar leith ar gá dul i ngleic leo, idir iniúchadh ar shaoráidí bithgheilleagair náisiúnta reatha agus forbairt bithscaglainne ar scála cuí, i measc rudaí eile.
Agus na tuairiscí seo á bhfoilsiú, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D.
“Aithnítear i bhFís Bia 2030 agus sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023 araon go bhfuil an bithgheilleagar mar bheartas straitéiseach tábhachtach leathan chun tacú le forbairtí bunathraitheacha eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta don earnáil agraibhia. Tacóidh an dá thuarascáil atá á bhfoilsiú agam inniu le cur chuige dea-rialachais maidir le cur i bhfeidhm bheartas an bhithgheilleagair agus chun bonn fianaise a chruthú chun Plean Gníomhaíochta Bithgheilleagair Náisiúnta a fhorbairt. Tá forbairt an phlean seo faoi lánseol agus is féidir a bheith ag súil lena fhoilsiú faoi lár na bliana 2023. Cuireann ár n-iarrachtaí náisiúnta le forbairtí Bhithgheilleagar an AE freisin agus thacaigh Éire go láidir leis na Conclúidí ó Chomhairle an AE maidir leis an mbithgheilleagar a glacadh ag cruinniú Chomhairle Agrai-iasc na n-Airí Talmhaíochta i mí Aibreáin.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht ar leith as taighde agus nuálaíocht Martin Heydon T.D.
“Tá infheistíocht mhór déanta ag mo Roinn sa bhithgheilleagar, agus breis is €25 milliún geallta againn do thaighde agus nuálaíocht ó 2018 i leith. Léiríonn na tuarascálacha inniu go raibh an infheistíocht sin ina crann taca d'fhorbairt an bhithgheilleagair go dtí seo agus ta gá ann anois cur leis an tsárobair sin trí na torthaí a chomhtháthú agus a mhéadú i gcleachtas tráchtála.”
Dúirt an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit le freagracht ar leith as úsáid talún agus bithéagsúlacht
“Is léiriú é an fógra le déanaí ar mhaoiniú €20 milliún do Thionscnaimh Taispeána Bithgheilleagair faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir ar thiomantas an Rialtais seo bithgheilleagar inbhuanaithe agus ciorclach a fhorbairt chun leas na tuaithe in Éirinn. Soláthraíonn na tuarascálacha a foilsíodh inniu treoir agus moltaí luachmhara ar féidir leo eolas a dhéanamh don infheistíocht seo”.
Cuireann na tuarascálacha le tuarascáil ón GCC le déanaí ar Bhithgheilleagar Ciorclach chun tacú le Gníomhú ar son na hAeráide, Bia Inbhuanaithe agus Córais Bhithbhunaithe. Tugtar forléargas sa tuarascáil seo ar bhithgheilleagar ciorclach na hÉireann don tréimhse 2030–2050, ag díriú aird ar an bhféidearthacht deiseanna eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a chruthú le haghaidh nuálaíochtaí bithbhunaithe nua.
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí
Tuarascáil an Ghrúpa Forfheidhmithe Bithgheilleagair don Rialtas – féach Item was unpublished or removed
Sa tuarascáil, atá le fáil anseo, soláthraítear nuashonruithe thar roinnt réimsí, lena n-áirítear:
• comhordú rialtais agus comhairliúchán le geallsealbhóirí
• comhleanúnachas beartais earnála méadaithe ag tacú le forbairt straitéiseach agus comhtháthú beartais an bhithgheilleagair
• tuilleadh forbartha ar thionscnaimh bhithgheilleagair atá ann cheana cosúil le hionaid taighde agus maoiniú tionscadal nua comhoibríoch, braislí agus líonraí chun forbairt eolaíoch, teicneolaíochta agus nuálaíochta agus leathadh eolais a chumasú
• ardú feasachta trí Sheachtain Bhithgheilleagair na hÉireann agus imeachtaí eile
• cur chuige múnlaithe agus monatóireachta a fhorbairt chun forbairt an bhithgheilleagair a leagan amach agus a ghríosú; agus
• rannpháirtíocht idirnáisiúnta feabhsaithe
Tuarascáil an Fhóram Geallsealbhóirí Bithgheilleagair
Aithnítear i dtuarascáil an Fhóraim, atá le fáil anseo, 15 ghné a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Ina measc tá:
• an gá atá le spriocanna inbhuanaitheachta agus ciorclaíochta agus príomhtháscairí feidhmíochta gaolmhara a fhorbairt
• iniúchadh ar shaoráidí bithgheilleagair reatha
• tacaíochtaí agus struchtúir nuálaíochta atá ann cheana a fheabhsú chun aschuir luachmhara agus maoin intleachtúil (MI) a aistriú ó eagraíochtaí taighde, ollscoileanna teicneolaíochta agus ollscoileanna go tionscal agus go dtí an tsochaí
• an tábhacht a bhaineann le saoráid náisiúnta bithgheilleagair ar scála píolótach
• forbairt bithscaglainne ar scála cuí gar don áit a dtáirgtear bithacmhainní.
Staidéar Bithgheilleagair Chiorclaigh GCC 2030–2050 ag Tacú le Gníomhú ar son na hAeráide, Bia Inbhuanaithe agus Córais Bhithbhunaithe
Tá an tuarascáil ar fáil anseo
Conclúidí ó Chomhairle an AE maidir le Deiseanna an Bhithgheilleagair:
Tá siad le fáil anseo: Eoraip níos inbhuanaithe, níos iomaíche agus níos athléimní a chur chun cinn agus ceantair thuaithe a threisiú: Faomhann an Chomhairle conclúidí maidir le deiseanna an bhithgheilleagair – Consilium (europa.eu)
'Clár do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir'
Tá sonraí le fáil anseo: Deis mhaoinithe €20 milliún le haghaidh Tionscnaimh Taispeána Bithgheilleagair, lena n-áirítear forbairt 'Ceantair Bhithgheilleagair' agus 'Saotharlanna Beo' chun tacú le forbairt slabhra luacha bithgheilleagair chiorclaigh laistigh den Réigiún