Foilsíonn McConalogue Plean athnuachana maidir le Maolú Níotráití - “Uisce agus Talmhaíocht, cur chuige comhoibríoch”
- Foilsithe: 20 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
D'fhoilsigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD plean na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara chun an cuspóir atá luaite aige, maidir le Maolú Níotráití na hÉireann a choimeád tar éis 2025, a chur chun cinn.
I measc na ngníomhartha suntasacha atá leagtha amach sa phlean tá:
• Tá 50 ‘comhairleoir cáilíochta uisce’, a n-íocann an rialtas agus an tionscal astu, ag cur seirbhís saor in aisce ar fáil d'fheirmeoirí chun cáilíocht an uisce a fheabhsú i réimsí tosaíochta.
• Tá clár nuálaíochta €60 milliún euro curtha i bhfeidhm chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghníomhartha ag feirmeoirí.
• Tá clár comhairleach ‘Feirmeoireacht Níos Fearr don Uisce’ curtha i bhfeidhm ag Teagasc.
• Osclófar Scéim Stórála Iompórtála Cothaitheach 70% (NISS) d'iarratais an tseachtain dar tús an 19 Lúnasa.
• Déanfar foráil do thairseach ‘forbartha díolmhaithe’ nua agus ar leithligh do stóráil cothaitheach ‘neamhspleách’ mar chuid d'athbhreithniú ar rialacháin phleanála, tar éis achtú an Bhille Pleanála.
• Cead á lorg ón gCoimisiún chun deontas 60% agus uasteorainn ar leithligh de €90,000 a chur i bhfeidhm d'fheirmeoirí le haghaidh stóráil cothaitheach ó Eanáir 2025.
• Tar éis athbhreithniú an Phlean Gníomhaíochta Níotráití (NAP) a thabhairt chun críche – tiocfaidh tuilleadh beart comhaontaithe i bhfeidhm.
• RTBM chun measúnuithe comhshaoil agus eacnamaíocha agus samhaltú tionchair a dhéanamh.
• Teagasc chun taighde ar tháirgeadh sciodair agus fuíolluisce a thabhairt chun críche.
• Ceapadh John Comer mar chathaoirleach ar an nGrúpa Oibre um Cháilíocht Uisce Talmhaíochta.
• Tabharfaidh oifigigh an Choimisiúin cuairt ar Éirinn i mí Mheán Fómhair 2024.
I mí na Bealtaine, thug an tAire McConalogue, in éineacht lena chomhghleacaí an tAire O’Brien, is faoina Roinn (Tithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht, DHLGH) a bhfuil na rialacháin maidir le Níotráití, meamram chuig an gcomh-aireacht ina leagadh amach an obair leanúnach agus an obair amach anseo chun athnuachan Mhaolú Níotráití na hÉireann a áirithiú ón 1 Eanáir 2026. De bhun an mheamraim sin, daingníodh cur chuige uile-Rialtais mar thacaíocht d'iarrachtaí a Roinne le síneadh a chur leis an maolú.
Ag labhairt dó inniu i ndiaidh fhoilsiú an phlean, dúirt an tAire McConalogue:
“Tá maolú ar fáil d'Éirinn bunaithe ar chritéir eolaíochta ar leith amhail séasúr fada fáis. Tá Rialtas na hÉireann tiomanta do mhaolú breise a lorg agus is cuid ríthábhachtach é feabhsuithe ar chaighdeán an uisce a sheachadadh chun tacú leis an iarratas seo. Tá tacaíocht iomlán ón rialtas daingnithe agam maidir leis an dá chuspóir sin a bhaint amach agus sin an fáth a dteastaíonn cur chuige talmhaíochta iomláine uainn maidir le feabhsú chaighdeán an uisce.”
Tarraingíonn an plean seo an obair shuntasach ar fad atá déanta go dtí seo ag an nGrúpa Oibre um Cháilíocht Uisce Talmhaíochta, na bearta breise faoin gClár Gníomhaíochta Níotráití agus na tionscadail leanúnacha le chéile a chabhróidh le hÉirinn caighdeán an uisce a fheabhsú agus an maolú a chinntiú.
Cuimsíonn an plean “Uisce agus talmhaíocht - cur chuige comhoibríoch" raon beart faoi chúig phríomhréimse:
1. Bearta rialála.
2. Tacaíocht airgeadais rialtais d'fheirmeoirí.
3. An Rialtas, an tionscal agus feirmeoirí ag obair i gcomhar lena chéile.
4. Bearta breise.
5. An chéad mhaolú níotráití Éireann eile a dhaingniú.
Lean an tAire McConalogue ar aghaidh:
“Tá go leor gníomhaíochtaí faoi na cúig cheannteideal seo ar siúl cheana féin, mar shampla an laghdú ar theorainneacha Nítrigine ceimicí agus an t-aistriú atá ag siúl ag gach feirmeoir chuig Scaipeadh Sciodair Astaíochtaí Ísle. Tá bearta eile nua agus cuirfear tús leo go luath. Mar shampla, osclóidh an cúnamh deontais infheistíochta caipitil dár luach 70% le haghaidh scéim iompórtála cothaitheach (NISS), a thug mé isteach i mBuiséad 2024, le hiarratas a dhéanamh air an tseachtain seo. Tá stóráil sciodair leordhóthanach ríthábhachtach d'úsáid éifeachtach cothaitheach orgánach agus le sruthchúrsaí a chosaint. Chun tacaíocht bhreise a thabhairt agus infheistíocht bhreise i stóráil cothaitheach a éascú, chomh maith leis na liúntais chaipitil luathaithe leanúnacha a dhaingnigh mé - lena gceadaítear infheistíochtaí stórála a dhíscríobh i gcoinne cánach thar dhá bhliain amháin - tá cead faighte ag an Rialtas ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) le haghaidh infheistíochtaí cáilitheacha, i stóráil cothaitheach, le bheith incháilithe go huathoibríoch don ráta lascaine maoinithe ghlais faoin Scéim Iasachta Fáis agus Inbhuanaitheachta atá maoinithe ag an Rialtas.
“Ar mhaithe le feirmeoirí a chumasú níos mó le tuilleadh stórála a thógáil, tá comhaontú faighte agam go dtabharfar isteach tairseach forbartha díolmhaithe ar leith i leith saoráidí stórála aoiligh neamhspleácha tar éis achtú na rialachán nua Pleanála. Tá mé ag iarraidh freisin an Clár Forbartha Tuaithe agus an Plean Straitéiseach CBT a leasú chun ráta deontais 60% agus uasteorainn thiomnaithe €90,000 a cheadú le haghaidh infheistíochtaí stórála cothaitheach. Táim ag obair chun an ráta agus an uasteorainn sin a chur i bhfeidhm d'Eanáir 2025, faoi réir fhormheas an Choimisiúin Eorpaigh.”
Tugtar mionsonraí freisin ar thaighde leanúnach agus ar ghníomhaíocht chomhoibritheach i measc an Rialtais agus an tionscail. Maidir leis seo, mhaígh an tAire:
“D'iarr mé go mbeadh Teagasc i gceannas ar fheachtas comhairleach um chaighdeán uisce ilghníomhaí chun teachtaireachtaí soiléire, simplí agus dearfacha a sheachadadh chun tuiscint feirmeoirí agus an tionscail araon ar na brúnna talmhaíochta ar chaighdeán an uisce agus ar an ngá atá le feabhsú a chur chun cinn. Tá an feachtas comhairleach maidir le caighdeán an uisce “Feirmeoireacht Níos Fearr don Uisce – 8 nGníomhaíocht le haghaidh Athraithe” ann mar thoradh ar sin. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don tionscal freisin nach amháin atá ag plé leis an EIP Feirmeoireacht ar son Uisce dár luach €60m atá maoinithe ag an Rialtas, a sheol mé féin i mí an Mhárta, ach atá i gceannas ar a gcláir um chaighdeán an uisce féin freisin.
“Is é a leithéid de chomhoibriú ag gach agra-chomhpháirtí a chinnteoidh go dtarlóidh an claochlú seo i gcaighdeán an uisce. Tá áthas orm gur fhorbair fíor-chomhpháirtíocht dhearfach oibre faoin nGrúpa Oibre um Cháilíocht Uisce Talmhaíochta a bhunaigh mé i mí na Bealtaine 2023. Thug baill gealltanas maidir le sraith gníomhaíochtaí breise le caighdeán an uisce a fheabhsú agus táim muiníneach go mbeidh rath orthu sin go luath agus go dtosóimid ag feiceáil feabhsuithe ar chaighdeán uisce na hÉireann ó thaobh na talmhaíochta de.
“Ba mhaith liom fáilte a chur freisin roimh cheapadh cathaoirleach nua ar an nGrúpa Oibre. Is é John Comer a bheidh ina chathaoirleach ar an nGrúpa óna chéad chruinniú eile. Is feirmeoir a bhfuil ardmheas air é John, iar-uachtarán an ICMSA agus beidh a thaithí ar bheartas, talmhaíocht agus rannpháirtíocht i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tairbheach d'obair an choiste. Gabhaim buíochas le John as dul isteach sa ról tábhachtach seo.”
Chríochnaigh an tAire McConalogue trí thábhacht ról an Choimisiúin Eorpaigh agus na mBallstát eile a shonrú, dúirt sé:
“Níl sé faoi Rialtas na hÉireann an Maolú a athnuachan de réir mar a chuirtear i bhfeidhm é ar leibhéal an Aontais. Bhí sé soiléir ag an gCoimisinéir Sinkevičius ar a chuairt go hÉirinn, má tá Éire lena Maolú Níotráití a choimeád, bheadh ar an gcaighdeán uisce atá go maith fanacht cobhsaí. Dúirt sé freisin go mbeadh feabhsuithe le feiceáil i gcaighdeán an uisce nach raibh chomh maith céanna. Sa bhreis ar an gcuairt sin, scríobh mé chuig an gCoimisinéir ag tabhairt cuireadh dá oifigigh cuairt a thabhairt ar Éirinn in 2024 chun an dul chun cinn atá á dhéanamh go dtí seo maidir le caighdeán an uisce ag feirmeoirí agus ag an tionscal agraibhia ar an iomlán a fheiceáil. Tá lúcháir orm a dheimhniú go mbeidh an chuairt seo ar siúl i mí Mheán Fómhair agus go bhfuil obair ar chúrsa taistil suntasach sa siúl.
“ Is trí oibriú le chéile, gach duine againn, an Rialtas, feirmeoirí, tionscal agus Coimisiún an Aontais Eorpaigh a dhaingneofar an maolú sa todhchaí. Is aitheantas é an plean seo ar a bhfuil déanta cheana agus beidh sé mar stiúir ar an dul chun cinn is féidir a bhaint amach trí ghníomh comhoibritheach.”
CRÍOCH
Tá an plean, Uisce agus Talmhaíocht – cur chuige comhoibríoch, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne: gov - Timpeallacht Tuaithe agus Inbhuanaitheacht - Níotráit (www.gov.ie)