Freagraíonn na hAirí don tionchar a bhí ag Stoirm Éowyn ar an earnáil gairneoireachta
- Foilsithe: 14 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Feabhra 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Martin Heydon, TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae, TD, freagairt thapa inniu ar an dochar gan fasach a rinne Stoirm Éowyn don earnáil gairneoireachta.
Dúirt an tAire Heydon:
“Tá leibhéil damáiste gan fasach ann do shaothróirí áirithe san earnáil gairneoireachta de dheasca Stoirm Éowyn. Buille millteanach is ea cailliúint an bhonneagair ríthábhachtaigh fáis ar nós na bpolathollán agus na dtithe gloine go luath sa séasúr fáis agus is tástáil cheart ar athléimneacht é. Agus é sin san áireamh, ghair mo chomhghleacaí, an tAire Healy-Rae cruinniú d’Fhóram an Tionscail Gairneoireachta go sonrach chun cloisteáil faoi thionchar Stoirm Éowyn ar an earnáil go díreach. Bhí an tAire Healy-Rae ina chomhchathaoirleach ar an gcruinniú le Orla McManus, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na hEagraíochta Táirgeoirí CMP Dé Máirt 11 Feabhra.”
Dúirt an tAire Healy-Rae:
“Deis iontach a bhí san Fhóram dom cloisteáil go díreach ó shaothróirí agus ó ionadaithe na hearnála maidir leis na dúshláin agus na deiseanna atá ann don tionscal gairneoireachta. Bhí an cruinniú an-chuiditheach, le plé agus rannpháirtíocht mhaith thar raon réimsí, lena n-áirítear Stoirm Éowyn, a bhí ar bharr an chláir oibre do go leor daoine timpeall an bhoird. Chuala mé go díreach ó shaothróirí faoin tionchar suntasach a bhí ag Stoirm Éowyn ar a ngnó. Agus bonneagar ríthábhachtach caillte acu, is amhlaidh a chaill saothróirí na hinnill a spreagann a ngnó. Thug mé gealltanas go ndéanfainn gach rud is féidir liom chun oibriú leo ar an raon leathan saincheisteanna a ardaíodh.”
Dúirt an tAire Heydon:
“Tar éis méid agus suntas an damáiste a rinneadh agus an gá atá le freagairt mheasartha a chur san áireamh, tá lúcháir orm, in éineacht leis an Aire Healy-Rae, athoscailt spriocdhírithe na Scéime um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt 2025 a fhógairt chun déileáil le saothróirí atá ag moladh infheistíochtaí mar fhreagra ar an damáiste a rinne an Stoirm agus leo sin amháin.”
Dúirt an tAire Healy-Rae:
“Agus Scéim 2025 á hathoscailt, is féidir le saothróirí a raibh iarratais curtha isteach acu cheana féin roimh an spriocdháta i mí na Nollag a n-iarratas a leasú chun tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí i bhfianaise an damáiste a rinne Stoirm Éowyn. Ina theannta sin, freagraíonn an athoscailt spriocdhírithe seo don éileamh ar chabhair do shaothróirí atá thíos le Stoirm Éowyn a bheidh in ann iarratas a dhéanamh anois ar chúnamh deontais chun infheistíocht a dhéanamh i bhfoirgnimh agus i dtrealamh gairneoireachta chun cabhrú lena ngnó teacht slán ón damáiste a rinne an stoirm.”
Ag tagairt don tionchar ar an bhForaoiseacht, dúirt an tAire Healy Rae:
“Bhunaigh mé féin agus an tAire Heydon an Tascfhórsa um Fhoraoisí leagtha ag an nGaoth láithreach tar éis Stoirm Éowyn, a tháinig le chéile faoi dhó le 2 sheachtain anuas. Tá an Tascfhórsa i gceannas ar fhreagairt chomhordaithe a chuimsíonn páirtithe leasmhara ar fud na hearnála chun a chinntiú go ndéantar foraoisí a ndearnadh damáiste stoirme dóibh a bhainistiú go sábháilte agus go cuí. Críochnófar an measúnú íomhánna satailíte tosaigh a rinne mo Roinn agus Coillte go luath agus tabharfaidh léargas cruinn ar scála an damáiste agus beidh mar bhonn ag ár gcéad chéimeanna eile.”
Feidhmíonn an Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt ar bhonn bliantúil agus dúnadh Scéim 2025 le haghaidh iarratas i mí na Nollag seo caite.
Soláthróidh an Scéim cúnamh deontais ar ráta 40% (50% d’fheirmeoirí óga agus saothróirí orgánacha ceadúnaithe) le haghaidh infheistíochtaí caipitiúla ceadaithe. Chun riarachán éifeachtach ar iarratais a éascú, is é Dé hAoine 7 Márta 2025 an spriocdháta chun iarratais a chur isteach.
Nótaí d’Eagarthóirí
Is féidir sonraí na scéime agus foirmeacha iarratais a fháil ag: gov.ie - An Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt 2025
Item was unpublished or removed
Bunaíodh Fóram an Tionscail Gairneoireachta (HIF) mar ghrúpa páirtithe leasmhara chun cur chuige comhoibritheach a éascú i leith na ndúshlán atá roimh an tionscal agus chun cúinsí a chothú a mhéadóidh agus a fhorbróidh an tionscal ar bhonn fadtéarmach. Bunaíodh é in 2014 mar scátheagraíocht do shaothraithe táirgí gairneoireachta na hÉireann.
Thug ionadaithe ó na hearnálacha glasraí, muisiriún, bogthorthaí, prátaí, orgánaice agus barr cosanta forbhreathnú ar na príomhdhúshláin agus na príomh-shaincheisteanna a bhaineann dóibh.