Gairm Oscailte ar Thograí do Thionscadail chun Foraoiseacht a Chur Chun Cinn do 2025/2026 seolta
- Foilsithe: 31 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 2 Aibreán 2025
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, agus an tAire Stáit um Fhoraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae, TD, gairm oscailte ar thograí inniu do thionscadail um chur chun cinn na foraoiseachta.
Chuir an tAire Heydon fáilte roimh an dara tráinse den ghairm oscailte seo don tréimhse 2025/2026 agus dúirt sé:
“Tá áthas orm gur féidir linn tacaíocht a thairiscint do thionscnaimh a spreagfaidh úinéirí talún chun níos mó crann a chur, na buntáistí a bhaineann le hadhmad a chur chun cinn agus cabhrú le húinéirí foraoisí i mbainistíocht inbhuanaithe a gcuid foraoisí.”
Tacóidh an ghairm phoiblí seo ar thionscadail nuálacha leis na tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le foraoiseacht, foraoisí agus táirgí adhmaid agus leagfaidh sí béim ar na tairbhí sin. Déanfar maoiniú a leithdháileadh trí chomórtas oscailte faoi Chiste Tacaíochta do Thionscadail um Chur Chun Cinn na Foraoiseachta.
Dúirt an tAire Stáit Healy-Rae an méid seo a leanas agus an ghairm á fógairt aige:
“Ní mór dúinn an fhoraoiseacht a chur chun cinn agus tá mé ag lorg moltaí nuálacha chun feirmeoirí agus úinéirí talún eile a spreagadh chun crainn a chur faoin gclár foraoiseachta, agus chun próifíl na foraoiseachta a ardú mar ghné atá chun leas an phobail agus mar fhiontar atá inmharthana ó thaobh tráchtála de.”
Tá fáilte roimh iarratais, ó aon ghrúpa nó duine aonair, faoi na téamaí seo a leanas:
1. Scéimeanna um chur chun cinn foraoiseachta le fócas ar leith ar dhul i dteagmháil le feirmeoirí, úinéirí foraoise atá ann cheana féin agus úinéirí talún eile.
2. Na buntáistí a bhaineann le húsáid mhéadaithe táirgí adhmaid sa tógáil agus sa dearadh a chur chun cinn, i gcomhthéacs an ghníomhaithe ar son na haeráide agus an bhithgheilleagair.
3. Scéimeanna bainistíochta foraoise inbhuanaithe agus neartú athléimneachta aeráide a chuireann buntáistí ilfheidhmeacha crann agus foraoisí chun cinn, lena n-áirítear seirbhísí éiceachórais, bithfhuinneamh, deiseanna gairme foraoiseachta, foraois do dhaoine agus folláine ghinearálta.
Tá an próiseas iomaíoch seo oscailte do chách agus mar a bhí leis an tráinse roimhe seo, táthar ag súil le hiarratais ó raon leathan páirtithe leasmhara.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Healy-Rae an méid seo a leanas:
“Ba mhaith liom a chur i dtábhacht gur féidir le crainn a bheith mar bhreisiú luachmhar d’fhiontar feirmeoireachta ar bith agus go bhfuil roghanna faoin gclár a oireann do chách, ón Scéim um Limistéar Crann Dúchasach beag go dtí an dá chineál déag d’fhoraoisí atá á dtairiscint trínár Scéim Foraoisithe reatha”.
DEIREADH
Nótaí don Eagarthóir:
· Is féidir breathnú ar dhoiciméad na Sonraíochta Gairme agus ar an bhfoirm iarratais ar Item was unpublished or removed
· Is féidir iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig ForestrySupportFunding@agriculture.gov.ie
· Is é 5 i.n., Dé Luain, an 28 Aibreán 2025 an spriocdháta le haghaidh iarratas