English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Gairm Oscailte ar thograí d'Oiliúint Scileanna Foraoiseachta 2024–2025 fógartha ag an Aire Hackett

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, gairm phoiblí inniu ar thograí le haghaidh tionscadail oiliúna a leathnóidh eolas agus cumas grúpaí éagsúla in earnáil na foraoiseachta. I measc na ngrúpaí spriocdhírithe tá mic léinn foraoiseachta atá i mbun oideachas ardleibhéil, foraoiseoirí cláraithe agus conraitheoirí foraoiseachta.

Dúirt an tAire Stáit Hackett an méid seo a leanas agus an ghairm á fógairt aici:

“Mar chuid den Chlár Foraoiseachta 2023–2027 táimid ag maoiniú tionscadal agus tograí a chlúdóidh raon leathan oiliúna scileanna, bunaithe ar riachtanais na hearnála foraoiseachta, agus mar a leagtar amach inár n ocht dTosaíocht Oiliúna. Tá oiliúint chuí scileanna riachtanach lena chinntiú go mbeidh tionscal na foraoiseachta sábháilte agus táirgiúil ar fad, agus lena chinntiú freisin go leanfaidh an tionscal ar aghaidh ag bainistiú na timpeallachta ar bhealach freagrach.”

Tá dhá mhodúl ag an ngairm seo, gach ceann acu ag díriú ar ghrúpa difriúil laistigh d'earnáil na foraoiseachta. Beidh Modúl 1 dírithe ar oiliúint a chur ar mhic léinn atá cláraithe ar chláir foraoiseachta lánaimseartha ag QQI Leibhéal 5 agus os a chionn, agus tá Modúl 2 dírithe ar thograí atá dírithe ar oiliúint a chur ar ghairmithe foraoiseachta agus ar dhaoine eile atá ag obair nó atá ag smaoineamh ar bheith ag obair laistigh d'earnáil na foraoiseachta. Táthar ag súil go maoineofar trí thogra in aghaidh an mhodúil, sé thionscadal san iomlán ar uasmhéid €50,000 in aghaidh an tionscadail, in aghaidh na bliana. Féadfar níos mó ná sé thionscadal a mheas le haghaidh cúnamh deontais gach bliain i gcás nach sáraítear an buiséad bliantúil iomlán atá ar fáil.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó aon ghrúpa nó duine aonair. Ba cheart do thionscadail ceann de na hocht dtosaíocht oiliúna shainaitheanta, a liostaítear thíos, a chomhlíonadh:

1. Comhlíontacht Timpeallachta

2. Scileanna Oibreora Foraoise

3. Cosaint Foraoise agus Sláinte Foraoise

4. Sláinte agus Sábháilteacht

5. Bainistíocht Inbhuanaithe Foraoisí

6. Maolú ar an Athrú Aeráide agus Oiriúnú Foraoisí, lena n áirítear adhmad

7. Reachtaíocht Foraoiseachta

8. Teicneolaíocht Foraoise

Tá na tosaíochtaí oiliúna mar an gcéanna don dá mhodúl. Tá an próiseas iomaíoch seo oscailte do chách, agus lorgaítear iarratais ón raon is leithne páirtithe leasmhara is féidir, chun gach ceann de na Tosaíochtaí Oiliúna a chlúdach.

Lean an tAire ar aghaidh:

“Cuirfidh infheistíocht in oiliúint maidir le scileanna foraoiseachta le spriocanna na bainistíochta inbhuanaithe foraoise ar deireadh thiar. Cinnteoidh sé freisin go gcuirfear oiliúint ar ardchaighdeán ar oibrithe agus ag an am céanna go laghdófar an baol gortaithe dóibh. Léiríonn an babhta maoinithe seo d'oiliúint foraoiseachta tiomantas an Rialtais do thionscal inbhuanaithe agus éagsúil a bhfuil an cumas scileanna aige a acmhainn ollmhór a bhaint amach ar son na timpeallachta, na bpobal áitiúil agus an gheilleagair tuaithe i gcoitinne.”

DEIREADH

Nótaí don Eagarthóir:

· Is féidir breathnú ar an Doiciméad Sonraíochta agus ar an bhfoirm iarratais ar Item was unpublished or removed

· Is féidir iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig ForestrySkillsTraining@agriculture.gov.ie

· Is é 5 i.n. ar an 29 Deireadh Fómhair 2024 an spriocdháta le haghaidh iarratas.