Iarrann an tAire Heydon ar fheirmeoirí gach duine a choinneáil sábháilte ar ár bhfeirmeacha ar an Nollaig i mbliana
- Foilsithe: 23 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme, Martin Heydon TD, tar éis iarraidh ar gach duine a oibríonn ar fheirmeacha agus a thugann cuairt ar fheirmeacha tosaíocht a thabhairt do shábháilteacht thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.
Go dtí seo i mbliana, tá aon eachtra mharfach dhéag deimhnithe ar fheirmeacha. Dúirt an tAire Heydon:
“Cé go léiríonn an treocht fhoriomlán le blianta beaga anuas laghdú ar líon na mbásanna san earnáil feirmeoireachta, is bás de bharraíocht é bás amháin ar fheirmeacha. Ní mór dúinn gach iarracht a dhéanamh chun teagmhais a chosc trí na rioscaí a bhainistiú. Agus deireadh 2024 ag druidim linn, is é an t-am anois é d’fheirmeoirí pleanáil a dhéanamh do 2025 agus beart a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil bearta i bhfeidhm chun a sábháilteacht, sláinte agus folláine féin agus gach duine a oibríonn ar a bhfeirmeacha nó a thugann cuairt ar a bhfeirmeacha a chosaint”.
D’iarr an tAire Heydon ar gach feirmeoir am a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Measúnú Riosca ar an gCód Cleachtais um Shábháilteacht ar an bhFeirm roimh thréimhse ghnóthach an earraigh. Cinntíonn an Measúnú Riosca ar an gCód Cleachtais um Shábháilteacht ar an bhFeirm go ndéantar measúnú ar gach guais, agus go gcuirtear bearta i bhfeidhm chun rioscaí gortaithe nó báis a chosc nó a íoslaghdú. Ba cheart an Measúnú Riosca a dhéanamh ar bhonn rialta agus go háirithe sula dtabharfar faoi thascanna nua nó neamhchoitianta.
Mheabhraigh an tAire Heydon d’fheirmeoirí a thábhachtaí atá sé a bheith sábháilte agus iad ag obair go hard sa spéir le linn foirgnimh feirme a chothabháil nó a thógáil. Dúirt sé:
“Is cúis imní dom líon na mbásanna ar fheirmeacha mar gheall ar thitim ó airde, arb ionann iad agus thart ar an gcúigiú cuid de bhásanna feirme ó Eanáir 2023 agus líon suntasach gortuithe tromchúiseacha, ar gortaithe a chuireann cor sa saol iad cuid acu. Nuair a bhaineann sé le bheith ag obair go hard sa spéir, is féidir fiú tasc beag a thógann cúpla nóiméad tú a chur i mbaol mór gortaithe nó báis”.
Leag an tAire béim gur chóir go ndéanfadh daoine inniúla a bhfuil an t-eolas, na scileanna, an taithí agus an trealamh acu obair ar airde ar mhaithe leis an obair a dhéanamh go sábháilte. Agus na rioscaí á measúnú, ba cheart d’fheirmeoirí a mheas an bhfuil sé níos sábháilte agus níos éifeachtaí go fadtéarmach conraitheoir a fhostú.
Chuir an tAire leis sin:
“Féadfaidh an Nollaig a bheith ina tréimhse dheacair do dhaoine áirithe a bhíonn ag streachailt lena meabhairshláinte. Táim ag iarraidh ar gach duine san fheirmeoireacht agus i bpobail tuaithe a bheith ag faire amach dá chéile agus gan leisce a bheith orthu cabhair agus tacaíocht a lorg má bhíonn deacracht acu déileáil leis. Chomh maith le do dhochtúir ginearálta, tá seirbhísí tiomnaithe agus línte cabhrach ar fáil d'fheirmeoirí agus daoine nach feirmeoirí iad araon a bhfuil drochshláinte mheabhrach acu.”
Guíonn an tAire Nollaig mhór mhaith, shábháilte agus shámh agus Athbhliain faoi Mhaise ar gach duine a bhfuil baint acu leis na hearnálacha feirmeoireachta, foraoiseachta, iascaireachta agus dobharshaothraithe agus a dteaghlaigh.
Chun tuilleadh eolais agus mionsonraí na línte cabhrach a fháil, téigh chuig www.gov.ie/farmsafety