Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Léirítear i dTorthaí na Tástála in 2020 ar Iarmhar go bhfuil Leibhéil Leanúnacha Chomhlíonta á mBaint Amach

Scaoil an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le torthaí na tástála a rinneadh faoin bPlean Rialaithe Iarmhair Náisiúnta (an PRIN) in 2020 agus lean an ráta comhlíonta de bheith ar leibhéal fíor-ard 99.88%. Cumhdaítear sa PRIN tástáil ar shubstaintí coiscthe, cógais fhaofa tréidliachta, breiseáin fhaofa bhia ainmhithe agus éilleáin chomhshaoil.

Rinneadh tástáil ar 16,196 sampla in 2020, a rinneadh i measc 8 speiceas táirgthe bia[i] anuas ar bhainne, uibheacha agus mil. Glactar formhór na samplaí i gcomhréir le critéir atá in ainm is díriú ar ainmhithe nó táirgí ar mó is dóchúil go mbeidh iarmhair neamhdhleathacha iontu (‘sampláil spriocdhírithe’). Léirítear sna torthaí gur bhain 99.88% de na samplaí a tástáladh toradh diúltach amach i dtaobh iarmhair neamhdhleathacha agus go bhfuil seo ar aon dul leis an treocht i gcaitheamh roinnt blianta ina raibh easpa ghinearálta ann de na hiarmhair seo i dtáirgí bia na hÉireann. Tá an t-ardleibhéal comhlíonta seo á bhaint amach go comhsheasmhach siar go dtí 2013 agus cuireann an Roinn fáilte roimhe seo mar chomhartha go bhfuil cur chuige freagrach á ghlacadh ag tromlach mór na bhfeirmeoirí. Cabhraíonn an clár monatóireachta seo le tomhaltóirí agus ainmhithe a chosaint trí ardmhéid comhlíonta i dtaobh rialacháin an AE a chinntiú.

Ar an iomlán, sainaithníodh 20 sampla amhail bheith neamhchomhlíontach agus bhain an tromlach díobh seo le hiarmhair chógas údaraithe. Deimhníodh i measúnuithe riosca faoinar thug Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann mar fhreagairt do gach toradh neamhchomhlíontach, nach raibh aon riosca do-ghlactha sábháilteachta bia ann roimh thomhaltóirí, agus níor theastaigh táirgí a aisghairm ón margadh. Thug an Roinn faoi fhiosrú leantach faoi imscrúduithe feirme i dtaobh na dtorthaí dearfacha siúd inar measadh gur theastaigh anailís riosca bhreise a dhéanamh.

Níor aimsíodh aon fhianaise i leith úsáid neamhdhleathach a bhaint as hormóin choiscthe fhás-spreagthacha ná substaintí coiscthe eile i measc ainmhithe táirgthe bia in Éirinn sna torthaí a baineadh amach ón tástáil fhorleathan a rinneadh faon PRIN in 2020.

Nóta d’eagarthóirí:

1. Is iad na 8 speiceas táirgthe bia buaibheach, caorach/gabhair, mucúil, eachaí, éanlaithe clóis, géim shaothraithe, géim fhiáin agus dobharshaothrú

Tá an PRIN, a fhaomhann an Coimisiún Eorpach, mar chuid thábhachtach de rialuithe sábháilteachta bia na hÉireann agus cuirtear i bhfeidhm é faoi chonradh seirbhíse le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (ÚSBÉ). Dírítear sa PRIN, ar gné amháin é de Phlean Rialaithe Náisiúnta foriomlán na Roinne é, ar bhunadh bia ainmhí.

Tá Tuarascáil Iarmhar 2020 ar fáil ag:

www.gov.ie/en/publication/a9165-veterinary-medicine-residues/#national-residue-control-plan-reports

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat