Labhróidh an tAire Dooley ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil 2025 Chumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann
- Foilsithe: 4 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhreastail an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta aige as Iascaigh, Timmy Dooley TD, inniu ar Chruinniú Ginearálta Bliantúil Chumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann (IFPEA) in Inis, Co. an Chláir.
Tar éis an chruinnithe a bhí aige le déanaí le hionadaithe an tionscail bhia mara, lena n-áirítear IFPEA, thapaigh an tAire Dooley an deis aitheantas a thabhairt don rannpháirtíocht dhearfach atá faighte aige ón earnáil próiseála bia mara, agus tiomantas, athléimneacht agus inoiriúnaitheacht na ndaoine atá ag obair san earnáil sin.
B’ionann luach an láimhdeachais san earnáil próiseála bia mara in 2023 agus €947 milliún, agus b’ionann onnmhairí bia mara in 2024 agus thart ar €595 milliún.
Ag labhairt dó ag IFPEA, d’aithin an tAire Dooley an tábhacht a bhaineann leis an earnáil próiseála bia mara agus le honnmhairí bia mara do gheilleagar na hÉireann agus do phobail chósta na tuaithe; le nuálaíocht bia; agus le seasamh na hÉireann mar tháirgeoir bia mara den scoth.
Thug sé breac-chuntas ar a thiomantas do bheith ag obair leis an tionscal chun tacú le hearnáil próiseála bia mara na hÉireann agus í a fhorbairt agus chun onnmhairí bia mara na hÉireann a mhéadú, agus dúirt:
“Táirgeann Éire bia mara ar chaighdeán an-ard agus tá éileamh mór air i margaí na hÉireann agus i margaí eachtrannacha araon. Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh dé bheith ag cur lenár gcáil maidir le táirgí bia mara den scoth agus iniúchadh a dhéanamh ar gach bealach chun ár n-acmhainn táirgthe a fhorbairt."
Rinne an tAire Dooley tagairt don ról atá ag an Rialtas i dtacú leis an earnáil próiseála bia mara, roimhe seo tríd an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), trí scéimeanna arna maoiniú faoi Chúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta (BAR) agus faoi láthair trí Chlár Forbartha Bia Mara na hÉireann, atá cómhaoinithe ag rialtas na hÉireann agus Coimisiún an Aontais Eorpaigh faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF).
Leag sé béim ar a thábhachtaí atá infheistíocht san earnáil phróiseála chun tacú lena forbairt inbhuanaithe leanúnach, agus chun cabhrú le cuideachtaí éagsúlú a dhéanamh agus fás. Labhair an tAire Dooley ar an raon tacaíochtaí agus seirbhísí atá ar fáil don earnáil thar roinnt gníomhaireachtaí stáit ar nós An Bord Iascaigh Mhara (BIM), Bord Bia, Fiontraíocht Éireann, agus Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann.
Dúirt an tAire Dooley mar fhocal scoir:
"Creidim go bhfuil an fás ar láimhdeachas le blianta beaga anuas ina chúis dóchais, agus creidim go láidir go bhfuil todhchaí geal ag an earnáil próiseála bia mara."
DEIREADH