Labhraíonn an tAire Heydon leis an gCruinniú Mullaigh maidir leis an bhFeirmeoireacht Carbóin
- Foilsithe: 6 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, labhair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, leis an dara Cruinniú Mullaigh maidir leis an bhFeirmeoireacht Charbóin i mBaile Átha Cliath.
Tá an cruinniú mullaigh á reáchtáil ón 4 Márta go dtí an 6 Márta, agus an dá lá sin san áireamh, agus deis atá ann do pháirtithe leasmhara ó gach cearn den Aontas Eorpach agus go hidirnáisiúnta na forbairtí is déanaí maidir le feirmeoireacht carbóin a phlé.
Ag labhairt faoin imeacht, dúirt an tAire:
“Tá feirmeoirí agus foraoiseoirí ina gcaomhnóirí ar ár dtalamh. Sin iad na daoine atá in ann an cineál seirbhísí éiceachórais a sholáthar lenar féidir infheistíocht a mhealladh amach anseo. Ar an ábhar sin, beidh rannpháirteachas leo mar bhunchloch d’aon fhorbairt beartais sa réimse seo. Deis fhéideartha atá san fheirmeoireacht carbóin chun go ndíorthóidh feirmeoirí agus bainisteoirí talún sruthanna ioncaim nua dá bhfeirmeacha. Tríd an imeacht seo, soláthraítear deis chun éisteacht le peirspictíocht idirnáisiúnta ar an réimse seo atá ag teacht chun cinn.”
Chuir an tAire an méid seo a leanas leis sin:
“Tá sé beartaithe agam na chéad chéimeanna eile a leagan amach go luath, céimeanna lena bhfuil gá chun beartas náisiúnta a fhorbairt lena n éascófar forbairt na feirmeoireachta carbóin amach anseo in Éirinn. Beidh sé thar a bheith tábhachtach plé leis na páirtithe leasmhara uile, go háirithe ár gcuid feirmeoirí agus an pobal feirmeoireachta. Is ann do roinnt samplaí den Fheirmeoireacht Carbóin cheana, mar shampla, Ciste Comhshaoil na gCoillte. Tríd an mbeart sin, soláthraítear sochair d’úinéirí talún, d’infheisteoirí na hearnála príobháidí agus don Rialtas. Tá súil agam gur féidir linn scéimeanna nuálacha comhchosúla a fhorbairt ar fud réimse leathan de chleachtais feirmeoireachta.”
Mar fhocal scoir, d’aithin an tAire an chomhpháirtíocht thábhachtach le Climate KIC, an tionscnamh nuálaíochta aeráide is mó de chuid na hEorpa. Mar chuid den chomhoibriú sin, bhí an Roinn agus Climate KIC ag obair go dlúth le páirtithe leasmhara de chuid na hÉireann chun a gcuid tuairimí a bhailiú maidir le bacainní agus deiseanna, ach freisin chun go mapálfar na céimeanna is gá chun uaillmhian na hÉireann a bhaint amach maidir le teacht chun bheith ina ceannaire domhanda i gcórais agraibhia inbhuanaithe.
DEIREADH
Nótaí don eagarthóir
Tháinig forbairt na Feirmeoireachta Carbóin chun cinn trí fhoilsiú Rialachán (AE 2024/3012) ón Aontas Eorpach lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí (ACFC) i mí na Nollag 2024.
Maidir le Climate KIC
Tá Climate KIC mar an ghníomhaireacht agus an pobal nuálaíochta aeráide príomha de chuid na hEorpa, rud a chuidíonn le pobail aeráid díonacha a chruthú agus leis an gcliseadh aeráide a chomhrac trí athrú córas a ghríosú i dtíortha, réigiúin, cathracha agus gnólachtaí. I dteannta comhpháirtithe, ar fud an domhain, eagraíonn Climate KIC réitigh agus éascaíonn sé foghlaim, rud a chuidíonn le bearna atá de shíor ag leathnú a dhruidim idir gealltanais aeráide agus an réaltacht reatha.
Maidir leis an Tionscadal CREDIBLE
An Tionscadal CREDIBLE: Is tionscadal é seo atá maoinithe ag an Aontas Eorpach, agus tá sé de phríomhsprioc aige móiminteam agus iontaoibh a chothú chun an fheirmeoireacht carbóin a fhorbairt san Aontas Eorpach. Leis an tionscadal, comhordaítear líonra tionscadal agus páirtithe leasmhara agus glactar ceannais air sin. Tríd an tionscadal, soláthraíodh cruinniú mullaigh maidir leis an bhFeirmeoireacht Carbóin in 2023 in Valencia na Spáinne agus anois in 2024 i mBaile Átha Cliath.