English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara béim ar an dúshlán One Health maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha ar Lá Feasachta Antaibheathaigh na hEorpa 2024

Déanfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, le tacaíocht ó pháirtithe leasmhara tréidliachta Lá um Fheasacht ar Ábhair Fhrithmhiocróbacha na hEorpa agus an tSeachtain Dhomhanda um Fheasacht ar Ábhair Fhrithmhiocróbacha a chomóradh trí shraith físeán faisnéise a sheoladh d'úinéirí peataí chun feasacht agus tuiscint mhéadaithe a chur chun cinn ar dhúshlán tromchúiseach domhanda One Health maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha.

Reáchtáiltear Lá Feasachta Antaibheathaigh na hEorpa (EAAD) gach bliain ar an 18 Samhain, chun tús a chur le Seachtain Dhomhanda um Fheasacht ar Ábhair Fhrithmhiocróbacha (18 – 24 Samhain 2024) a chomóradh. Tá sé mar aidhm feasacht a mhúscailt maidir leis an mbagairt dhomhanda sláinte poiblí a bhaineann leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR).

Leanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara uirthi ag tabhairt aitheantais don chomhoibriú agus don cheannaireacht leanúnach ó pháirtithe leasmhara tionscail, atá ag obair chun an iliomad gníomhartha a sheachadadh atá sa Dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta de chuid na hÉireann chun aghaidh a thabhairt ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach, iNAP2 2021-2025. Tá an plean gníomhaíochta seo bunaithe ar chreat One Health, - arna fhorbairt agus arna sheachadadh i gcomhar le comhghleacaithe sa Roinn Sláinte agus san earnáil sláinte daonna, le tacaíocht ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.

DEIREADH


Nótaí d’Eagarthóirí

Tá tuilleadh faisnéise faoi AMR agus faoin bhfoilseachán iNAP2 ar fáil ar an gcomhleathanach gréasáin AMR: Item was unpublished or removed

Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le AMR

Is gealltanas idirnáisiúnta do Bhallstáit an Choimisiúin Eorpaigh agus na hEagraíochta Domhanda Sláinte araon iad na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le AMR.

Forbraíodh iNAP2 tar éis Plean Gníomhaíochta Domhanda EDS maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach a bheith curtha amach. Tá réimse idirghabhálacha agus gníomhaíochtaí straitéiseacha sa phlean ar fud na n-earnálacha sláinte daonna, sláinte ainmhithe agus comhshaoil, agus iad grúpáilte faoi chúig chuspóir straitéiseacha atá dírithe ar:

1. Feasacht agus eolas ar AMR a fheabhsú;

2. Feabhas a chur ar an bhfaireachas ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach agus ar úsáid antaibheathach;

3. Scaipeadh ionfhabhtuithe agus galar a laghdú;

4. Úsáid antaibheathach i sláinte an duine agus ainmhithe a bharrfheabhsú; agus

5. Taighde agus infheistíocht inbhuanaithe a chur chun cinn i gcógais nua, uirlisí diagnóiseacha, vacsaíní agus idirghabhálacha eile.

Cad is AMR ann?

Is éard is frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR) ann ná frithsheasmhacht in aghaidh miocrorgánaigh i ndruga a bhí éifeachtach ar dtús chun cóireáil a dhéanamh ar ionfhabhtuithe de bharr an mhiocrorgánaigh sin. Tá miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha (lena n-áirítear baictéir, fungais, víris agus seadáin) in ann ionsaí le drugaí frithmhiocróbacha a sheasamh, amhail drugaí frithbhaictéaracha (e.g., antaibheathaigh), frithfhungasacha, frithvíreasacha, agus frithmhaláireacha, ionas go n-éireoidh na cóireálacha caighdeánacha neamhéifeachtach agus go leanfaidh ionfhabhtuithe ar aghaidh, ag méadú an riosca go scaipfear go daoine eile iad.

Tá frithmhiocróbáin riachtanach do chleachtadh na míochaine nua-aimseartha, rud a chumasaíonn idirghabhálacha agus cóireálacha sofaisticiúla leighis, amhail ceimiteiripe agus trasphlandú orgán.

Cad is One Health ann?

Is straitéis ar fud an domhain é coincheap One Health chun comhoibriú agus cumarsáid idirdhisciplíneach a leathnú i ngach gné de chúram sláinte do dhaoine, d'ainmhithe agus don chomhshaol. Agus é ag aithint go bhfuil nasc dlúth idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte éiceachórais, féachann One Health le sláinte agus folláine gach speicis a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí chomhar agus comhoibriú idir lianna, tréidlianna, gairmithe eile eolaíochta sláinte agus comhshaoil a fheabhsú agus trí láidreachtaí sa cheannaireacht agus sa bhainistíocht a chur chun cinn chun na spriocanna sin a bhaint amach.

Tá comhthoil idirnáisiúnta ann tríd an Tionscnamh One Health a bhfuil EDS (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte), EBT (an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta) agus an OIE (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte um Shláinte Ainmhithe) ina sínitheoirí air, ina n-éilítear gníomh maidir dul i ngleic le bagairt dhomhanda sláinte poiblí AMR ar fud earnálacha sláinte an duine agus ainmhithe, na talmhaíochta agus an chomhshaoil i gcoitinne.

An Coiste Comhairleach Náisiúnta Idir-rannach um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach

Ar leibhéal náisiúnta, bhunaigh Príomhoifigeach Leighis (CMO) agus Príomhoifigeach Tréidliachta (CVO) na Roinne Sláinte agus na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, faoi seach, an Coiste Comhairleach Náisiúnta Idir-Rannach um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach. Bunaíodh in 2014 é. Tá ballraíocht an choiste comhdhéanta d'ionadaithe ón dá Roinn, gníomhaireachtaí ábhartha FSS, GCC, HPRA, FSAI agus príomhghrúpaí páirtithe leasmhara eile in earnálacha sláinte an duine agus ainmhithe.