Leagann an tAire Béim ar Thábhacht na Bithshlándála d’Éanlaith Chlóis agus Cás d’Fhliú na nÉan braite i dTuaisceart Éireann
- Foilsithe: 7 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá béim curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, ar an ngá atá ann dóibh siúd ar fad a bhfuil éanlaith chlóis agus éin ar coimeád acu na caighdeáin bhithshlándála is airde a chur i bhfeidhm chun a gcuid ealtaí a chosaint ó fhliú na n-éan. Thug an tAire a thuairimí le fios mar gur aimsíodh cás d’fhliú na n-éan in ealta éan beag i mbraighdeanas i gCo. Dhoire, Tuaisceart Éireann.
“Tá an teachtaireacht atá agam do dhuine ar bith a bhfuil éanlaith chlóis nó éin ar coimeád aige soiléir: tóg réamhchúraimí dochta agus cuir na caighdeáin bhithshlándála is airde i bhfeidhm chun do chuid ealtaí a chosaint ó bhagairt fhliú na n-éan, agus chun an earnáil éanlaithe clóis in Éirinn a chosaint,” a dúirt an tAire Heydon. “Tá a fhios againn go bhfuil an víreas ann in éin fhiáine in Éirinn. Is í an bhithshlándáil an bealach aonair is éifeachtaí chun an víreas a chosc ó leathnú ó éin fhiáine isteach in éanlaith chlóis.”
“Ba mhaith liom mo thacaíocht a chur in iúl do na feirmeoirí éanlaithe clóis agus d’oifigigh an Aire Muir i dTuaisceart Éireann atá ag déileáil leis an gcás seo d’fhliú na n-éan agus atá ag obair go dian chun a dtionscal éanlaithe clóis a chosaint. Déanann m’oifigigh dlúth-theagmháil rialta lena gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann, i bhfianaise a thábhachtaí atá an tionscal éanlaithe clóis ar an dá thaobh den teorainn,” a dúirt sé. “Tá athbhreithniú leanúnach ar an gcás seo á dhéanamh ag m’oifigigh.”
Tugadh isteach rialacháin bhithshlándála nua dhochta d’éanlaith chlóis ar an 6 Nollaig 2024 (IR 666/2024, na Rialacháin um Fhliú Éanúil (Bearta Bithshlándála)) mar fhreagairt ar an riosca méadaithe a bhaineann le healtaí éanlaithe clóis na hÉireann de bharr víreas fhliú na n-éan a bheith in éin fhiáine in Éirinn. Ó thús mhí na Nollag, aimsíodh ionfhabhtuithe an fhliú éanúil cúig huaire in éin fhiáine in Éirinn; ceann amháin i gCo. na Gaillimhe ag tús mhí na Nollag, ceann i gCo. Bhaile Átha Cliath níos déanaí i mí na Nollag, ceann i gCo. Dhún na nGall i lár mhí Eanáir, agus ceann i gCo. na hIarmhí agus ceann eile i gCo. Loch Garman go déanach i mí Eanáir.
Moltar don phobal gan éin fhiáine atá breoite nó marbh a láimhseáil agus tuairisc a thabhairt ar aon eachtra d’éin fhiáine atá breoite nó marbh dá nOifig Tréidliachta Réigiúnach nó, más rud é go dtarlaíonn sé lasmuigh d’uaireanta gnó, dul i dteagmháil leis an mBeolíne Éigeandála Galair Náisiúnta ar 01 492 8026. Leanann an Roinn de mhonatóireacht agus measúnú a dhéanamh go dlúth ar chás an ghalair agus bíonn sí i dteagmháil rialta le páirtithe leasmhara an tionscail agus a gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann.
Tá tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear nuashonrú teicniúil mionsonraithe, ar fáil ag Item was unpublished or removed
DEIREADH