Leagann an tAire Healy-Rae béim ar “bheith sábháilte i gcónaí” ag an dara Cruinniú de chuid an Tascfhórsa um Fhoraoisí leagtha ag an nGaoth
- Foilsithe: 12 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bhí an dara cruinniú de chuid an Tascfhórsa um Fhoraoisí leagtha ag an nGaoth ar siúl tráthnóna inniu i mBacastún, Co. Chill Dara, i ndiaidh na chéad rannpháirtíochta an tseachtain seo caite.
Dúirt an tAire Stáit don Fhoraoiseacht, Gairneoireacht agus Sábháilteacht Feirme, Michael Healy-Rae TD:
“Ní mór a lua arís agus arís eile gur áiteanna thar a bheith dainséarach iad suíomhanna foraoise leagtha ag an ngaoth. Ní mór d’úinéirí a bheith sábháilte i gcónaí agus gan tabhairt faoin obair seo iad féin le sábha slabhracha. Is féidir le crainn leagtha síos ag an ngaoth a bheith faoi gach cineál teannais agus is é an t-aon bhealach sábháilte chun an t-adhmad seo a thógáil amach ná úsáid a bhaint as meaisíní móra fómhair.”
Táthar ag súil le go dtabharfar faoi mheasúnú íomhánna satailíte gan mhoill, agus tabharfaidh an píosa oibre ríthábhachtach seo léargas cruinn dúinn ar cé mhéad damáiste a rinneadh, agus is cosúil go bhfuil níos mó damáiste déanta ná mar a rinneadh le linn Stoirm Darwin. Luaigh an tAire cé chomh tábhachtach is atá sé muilleoir sábhadóireachta a bheith ag an gcruinniú, chun an scéal is deireanaí a thabhairt óna dhearcadh féin agus cuireadh fáilte roimh Irish Timber Council ar an tascfhórsa.
Tugadh na figiúirí is déanaí a tháinig ar ais luath ó roinnt comhlachtaí príobháideacha foraoiseachta don tascfhórsa, a léirigh go bhfuil ceadúnas leagain crann ag breis is 50% na bhforaoisí a ndearnadh damáiste dóibh. Dúirt an tAire an méid seo a leanas:
“Cé nach mór dúinn breathnú ar na roghanna uilig chun dlús a chur faoin bpróiseas ceadúnaithe, is léir go bhfuil ceantar ann d’fhoraoisí leagtha ag an ngaoth atá clúdaithe le ceadúnas leagain crann, agus tá sé tábhachtach anois, chomh fada agus is féidir, go mbaintear leas as an gcumas an fómhar a bhaint sna ceantair seo”.
D’fháiltigh an grúpa roimh na himlitreacha eolais a d’eisigh an Roinn an tseachtain seo. Tugadh treoir i gceann acu sin maidir le conas measúnú a dhéanamh ar dhamáiste ar fhoraoisí, ag baint úsáid as íomhánna satailíte atá ar fáil gan srian. Tugadh sonraí sa dara himlitir d’fhoraoiseoirí cláraithe maidir le hiarratais a chur isteach ar cheadúnais leagain crann agus bhóthair i gceantair a ndearnadh an ghaoth damáiste dóibh.
I ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire:
“bhí baill an Tascfhórsa an-chuiditheach ina gcuid rannpháirtíochta agus tugadh tús áite d’úinéirí foraoise sa mhéid a dúirt siad. Tá fonn orthu uilig leanúint ar aghaidh go sábháilte agus a chinntiú nach bhfágtar aon úinéir foraoise ar gcúl”.
Buailfidh an tascfhórsa um fhoraoisí leagtha ag an ngaoth le chéile an tseachtain seo chugainn arís.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá páirtithe leasmhara ó Forest Industries Ireland, Irish Timber Growers Association, Teagasc, Coillte, IFA, Irish Forest Owners, Irish Timber Council, SEEFA ar an tascfhórsa agus is é an tAire atá ina chathaoirleach air.
Tá an dá imlitir thuasluaite ar fáil ag an nasc seo a leanas: imlitreacha foraoiseachta.
Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an Roinn Item was unpublished or removed