Leagann an tAire Heydon béim ar na deiseanna atá ar fáil le haghaidh Eagraíochtaí Táirgeoirí san earnáil orgánaice
- Foilsithe: 17 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, tuarascáil inniu ar an Staidéar Indéantachta maidir le hEagraíochtaí Táirgeoirí in Earnáil Orgánaice na hÉireann. Tá sé de chuspóir ag an tuarascáil sin, a choimisiúnaigh Teagasc, meastóireacht a dhéanamh ar ról féideartha na n eagraíochtaí táirgeoirí maidir le hearnáil talmhaíochta orgánaí na hÉireann a fheabhsú agus tacú léi.
Agus an tuarascáil á seoladh ag an Aire Heydon, dúirt sé:
“Tá an-áthas orm an tuarascáil seo a sheoladh, a maoiníodh faoin ngairm ar chur chun cinn agus forbairt na hearnála orgánaice. Beidh an tuarascáil seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Teagasc agus cuirtear léargas ar fáil inti ar na deiseanna dearfacha laistigh den slabhra soláthair maidir le forbairt na hearnála orgánaice agus cuirtear deis uathúil dár bhfeirmeacha teaghlaigh i láthair inti. Is ann do bhacainní a gcaithfimid déileáil leo freisin, ar ndóigh, agus gríosaím na páirtithe leasmhara chun iarratas a dhéanamh ar ghairmeacha maoiniúcháin ón rialtas agus ó ghníomhaireachtaí chun tacú le hathrú agus forbairt sa réimse seo. Is díol spéise dom an fhorbairt atáthar a dhéanamh ar an mBithcheantar nua atá á bhunú sa Mheániarthar a maoiníodh faoi ghairm mo Roinne maidir leis an Slabhra Soláthair Gairid san fhómhar anuraidh. Féadfaidh sé gníomhú mar theimpléad do dhreamanna eile lena leanúint.”
Léirítear sa tuarascáil gur féidir ról nach beag a bheith ag eagraíochtaí táirgeoirí maidir le huaillmhianta na hÉireann i leith na feirmeoireachta orgánaí a bhaint amach. Tá gealltanas ag teastáil ó na páirtithe leasmhara uile i dtaobh an cur chuige ceart a fhorbairt agus aird a tharraingt ar na hacmhainní dá bhfuil ar fáil. Féadfaidh Eagraíochtaí Táirgeoirí teacht chun bheith ina mbunchloch faoi earnáil orgánaice Éireannach faoi bhláth, agus ar an mbealach sin rannchuidiú le hinbhuanaitheacht talmhaíochta na tíre, rud a chuirfidh ar ár gcumas ár spriocanna comhshaoil agus rath eacnamaíoch a bhaint amach.
Dúirt an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Teagasc:
“Cuireann torthaí an staidéir i dtábhacht na tairbhí móra is féidir le heagraíochtaí táirgeoirí a chur ar fáil d’fheirmeoirí orgánaice trí rochtain níos fearr ar an margadh. Is féidir le heagraíocht táirgeoirí comhiarrachtaí margaíochta a éascú, rud a chuireann ar a gcumas do tháirgeoirí margadh níos mó a shroicheadh agus téarmaí níos fearr a shocrú ach táirgeoirí a aontú agus cumhacht mhargála a neartú. Is é an toradh a bhíonn air sin ná struchtúir phraghsála níos cothroime. Cuideoidh iarrachtaí comhoibríocha freisin chun costais a laghdú agus cleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn”.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:
“Tá mo Roinn meáite go smior ar an bhfeirmeoireacht orgánach a chur chun cinn mar cheann den dúrud bealaí ar féidir tacú le teaghlaigh feirmeoireachta ar fud na hÉireann. Treoir luachmhar atá sa tuarascáil maidir leis an gcaoi ar féidir le heagraíochtaí táirgeoirí inbhuanaitheacht eacnamaíoch ár bhfeirmeoirí a neartú agus a chinntiú go mbíonn na huirlisí agus na tacaíochtaí acu chun earnáil orgánaice láidir inbhuanaithe a chothú in Éirinn”.