English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leitheadúlacht mhéadaithe ráigeanna móra de ghalar dubh tuairiscithe ag Saotharlanna Tréidliachta Réigiúnacha

Tá méadú mór tugtha faoi deara ag saotharlanna Tréidliachta Réigiúnacha na Roinne ar a choitianta is atá diagnóisí de ghalar dubh (Clostridium chauvoei) in eallach a atreoraíodh chucu le haghaidh scrúduithe iarbháis, agus roinnt ráigeanna cuibheasacha móra i bhfeirmeacha timpeall na tíre nach bhfuil aon stair acu roimh ré maidir leis an ngalar. Is galar coitianta eallaigh é galar dubh ar fud an domhain, rud a bhíonn ina chúis le géar-dhamáiste do mhatáin. Faigheann an t-ainmhí bás go tobann de ghnáth, nó faigheann siad bás tar éis tinneas nach maireann i bhfad.

Is é is cúis leis an ngalar innilt spór clóistridiam ó ithir, a fhanann faoi shuan i matán go dtí go dtarlaíonn ballbhrú, matáin stróicthe, nó fachtóirí meitibileacha anaithnide áirithe a bhíonn ina gcúis leis na dálaí sna fíocháin áitiúla a ligeann do na spóir péacadh, agus a chothaíonn an galar ansin. Is iondúil go mbíonn na hiarmhairtí marfach. Is minic a fhaightear ainmhithe atá buailte marbh.

Bíodh is nach bhfuil na tosca is cúis leis na ráigeanna móra sin soiléir, tá an cosc thar a bheith simplí, toisc go bhfuil vacsaíní clóistridiam ilfhiúsacha thar a bheith éifeachtach nuair a úsáidtear i gceart iad, le roinnt brandaí agus soláthraithe le roghnú eatarthu.

Tá sé tábhachtach treoracha na monaróirí ar an mbunchúrsa agus ar an gcóras teanndáileoige a leanúint, rud atá simplí le cur i bhfeidhm, ach atá ríthábhachtach chun an éifeachtacht is mó is féidir a áirithiú. Téigh i gcomhairle le do thréidlia chun comhairle shonrach a fháil maidir le diagnóis agus cosc a chur ar ghalar dubh ar d'fheirm.

CRÍOCH