Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Mórstaidéar ar olann le coimisiúnú ag an Aire Pippa Hackett Ionchur á lorg chun deiseanna a aithint agus Téarmaí Tagartha a fhorbairt Pleananna Grúpa Páirtithe Leasmhara an Fhóraim Olla a bhunú chun Straitéis a fhorbairt

Inniu d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, go bhfuil ionchur á lorg aici ó pháirtithe leasmhara a úsáidfear chun coimisiúnú maidir le Mórstaidéar Féidearthachta Olla a threorú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire le linn di a bheith ag lorg eolais ó pháirtithe leasmhara faoi na deiseanna margaidh a bhaineann le holann dar leo agus chun cabhrú le forbairt na dTéarmaí Tagartha don staidéar, “Níl aon ghanntanas olla sa tír seo agus is mian liom eolas a bhailiú faoin mbealach is fearr chun lántairbhe a bhaint as an olann sin. Dá réir sin, cúis áthais dom go bhfuil €100,000 á chur ar fáil chun mórphíosa oibre a dhéanamh lena fháil cibé acu an féidir nó nach féidir linn táirgí olla éagsúla a fhorbairt do mhargaí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Táim ag súil le tabhairt faoin obair a bhaineann le comhlacht a aimsiú am éigin i mí Bealtaine chun an staidéar féidearthachta a dhéanamh, ach sula ndéanaim é sin, is mian liom dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara lena chinntiú go n-éiríonn linn Téarmaí Tagartha cearta a bhunú. Eascraíonn faisnéis úsáideach as na ceisteanna cearta a chur agus is mian liom a chinntiú go bhfuil na ceisteanna cearta á gcur againn.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire freisin le linn di a bheith ag labhairt faoin tábhacht a bhaineann leis an staidéar féidearthachta a dhéanamh, “‘Tá olann inbhuanaithe agus in-athnuaite, dá réir sin, tá ciall ag baint le heolas a aimsiú faoin bpoitéinseal a bhaineann le holann. Tá úsáid á baint as olann san earnáil teicstílí ar ndóigh, ach chomh maith leis is ábhar orgánach, ísealcharbóin, nádúrtha é olann a d’fhéadfaí a úsáid b’fhéidir ar bhealach inmharthana i raon táirgí éagsúla cosúil le leasacháin, insliú agus pacáistiú. Ba mhaith liom a fháil amach anois, sula gcuirtear tús leis an obair fiú, faoi na deiseanna a shíleann daoine atá ann. Táim ag súil go gcabhróidh an staidéar féidearthachta liom, nuair a bheidh sé curtha i dtoll a chéile, treochlár a fhorbairt do Thionscal Olla na hÉireann. Agus trí chúnamh agus treoir a fháil ó Ghrúpa Páirtithe Leasmhara an Fhóraim Olla atá á bhunú agam, táim ag súil go gcabhrófar liom bearta olla na todhchaí a fhorbairt mar a shamhlaítear iad i gClár an Rialtais.”

Nótaí do na hEagarthóirí:

Tá cuireadh á thabhairt anois do pháirtithe leasmhara an méid seo a leanas a chur ar fáil:

a. Tuairimí maidir leis na Téarmaí Tagartha molta agus/nó

b. Aighneachtaí maidir leis na deiseanna margaidh poitéinsiúla do tháirgí olla.

Áireofaí sna Téarmaí Tagartha molta chun an t-athbhreithniú a chur chun feidhme, ach níl siad teoranta do, na nithe seo a leanas:

• Deiseanna margaidh náisiúnta agus idirnáisiúnta do tháirgí olla a aithint

• Féidearthacht gheilleagrach agus anailís costais is tairbhe a dhéanamh ar na deiseanna margaidh a mholtar

• Cinneadh a dhéanamh maidir le sásraí a d’fhéadfaí a úsáid chun tacú le tionscnaimh sa tionscal seo

• Tionscadail taighde poitéinsiúla a aithint a d’fhéadfadh tacú leis na deiseanna margaidh aitheanta

Tá na sonraí ar fad lena n-áirítear an doiciméad teimpléid atá le cur ar fáil i dteannta leis na haighneachtaí le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag gov.ie - Wool Feasibility Study (www.gov.ie) faoi ‘Comhairliúcháin’. Ba cheart gach tuairim agus aighneacht a sheoladh ar aghaidh trí ríomhphost chuig woolfeasibilitystudy@agriculture.gov.ie agus ní mór an t-ábhar cuí a chur ar fáil don Roinn faoi 5.30 pm, Dé hAoine, an 2 Aibreán 2021

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat