Maoiniú gan fasach €3,200,000 d’Eagraíochtaí Leasa Ainmhithe fógartha ag an Aire McConalogue
- Foilsithe: 16 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 10 Eanáir 2021
Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil dámhachtainí maoinithe gan fasach €3,200,000, le tabhairt do 101 eagraíocht leasa ainmhithe ar fud na tíre atá i mbun ainmhithe a chosaint.
Dúirt an tAire
“Tá ríméad orm an maoiniú seo a bhronnadh ar chomhlachtaí leasa ainmhithe ar fud na tíre le linn bliana a bhí fíordhúshlánach d’earnáil na gcarthanas. Is ionann na dámhachtainí seo agus an maoiniú is mó atá leithdháilte ar chomhlachtaí leasa maoinithe ag mo Roinnse, agus táim cinnte go ndéanfar difríocht mhór do shaol ainmhithe in Éirinn mar gheall ar an tacaíocht.’’
Chomh maith le dámhachtain maoinithe an lae inniu, d’athdhearbhaigh an tAire McConalogue Clár an Rialtais chun maoiniú a mhéadú sna blianta atá amach romhainn agus dhearbhaigh sé go bhfuil an Roinn
“lántiomanta d’athbhreithniú a dhéanamh ar an múnla agus ar na bunchuspóirí beartais a bhaineann leis, le súil is maoiniú a chuirtear ar fáil a mhéadú faoi dhó laistigh de dhá bhliain.”
Thug an tAire aitheantas do na daoine a oibríonn gan sos gan scíth ar fud na tíre chun leas ainmhithe a chosaint. Dúirt sé,
‘‘tá an t-ádh linn in Éirinn go bhfuil earnáil dheonach láidir agus ghníomhach againn atá dúthrachtach faoi leas ainmhithe. Léiríonn na baill foirne agus oibrithe deonacha in eagraíochtaí i ngach contae ar fud na hÉireann atá chun maoiniú an lae inniu a fháil dúthracht as cuimse i ndáil le hainmhithe atá tréigthe agus i mbaol a chosaint agus aire a thabhairt dóibh.”
Thug an tAire aitheantas don obair iontach a dhéanann oifigigh DSPCA agus ISPCA atá údaraithe faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013. Dúirt sé,
“Cuirim fáilte roimh an obair thábhachtach a dhéanann oifigigh údaraithe na gcarthanachtaí seo. Tá ról lárnach acu maidir leis an Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe a chur i bhfeidhm, trína mbaintear amach Clár tiomantais an Rialtais i ndáil le forfheidhmiú láidir. Tá moladh mór tuillte ag na heagraíochtaí áitiúla níos lú freisin a dhéanann obair shárluachmhar. Tá gach duine san earnáil tarrthála ag cuidiú chun leas ainmhithe a fheabhsú ina mbealach féin.’’
Mhol an tAire do dhaoine smaoineamh go cúramach maidir le peata a fháil an Nollaig seo. Dúirt sé,
“Má chinneann tú go bhfuil an t-am agus na acmhainní agat chun peata nua a thabhairt isteach i do theach, smaoinigh faoi cheann a uchtú ó eagraíocht tarrthála iontaofa.’’
Chomh maith leis sin, mhol sé do dhaoine atá ag smaoineamh ar pheata a cheannach aird a thabhairt ar chomhairle an ipaag.ie/ agus dúirt sé freisin go
“mbaineann aoibhneas le peata a fháil, ach go mbaineann freagracht leis sin freisin – ba chóir d’úinéirí nua a chinntiú go ndéanann siad peata a uchtú nó a cheannach de réir dlí agus ó fhoinse iontaofa – ba chóir go mbeadh eolas agat i gcónaí cé as a tháinig do pheata.”
Mar fhocal scoir, mheabhraigh an tAire do dhaoine a bhfuil imní orthu faoi eachtraí maidir le faillí nó cruálacht i leith ainmhithe gur féidir leo teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ar an nguthán nó ag an seoladh ríomhphoist tiomnaithe.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tá sonraí maidir leis na heagraíochtaí atá ceadaithe i ndáil le maoiniú agus na suimeanna atá leithdháilte ar gach eagraíocht faoi leith mionsonraithe sa tábla faoi iamh. Déanfar na híocaíochtaí le héifeacht láithreach.
Líne Chabhrach maidir le Leas Ainmhithe:
Glao Sábhála: 0761 064408
Guthán: 01-607 2379
Seoladh ríomhphoist tiomnaithe - animalwelfare@agriculture.gov.ie