English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Meabhrúchán: Dúnfar an comhairliúchán poiblí ar Athnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht ar an 31 Eanáir 2025.

I mí Dheireadh Fómhair seo a chuaigh thart, bunaíodh an Coimisiún ar Athnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht. Tá cur chuige oibiachtúil, bunaithe ar fhianaise, á ghlacadh ag an gCoimisiún chun scrúdú a dhéanamh ar na tosca a chuireann le déimeagrafaic aoise reatha na hearnála agus cuirfidh sé roghanna beartais i láthair lena mbreithniú. Tá an Coimisiún i dteagmháil go dlúth le páirtithe leasmhara agus foilsítear fógra comhairliúcháin ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an seoladh seo a leanas: gov.ie - Comhairliúchán Poiblí ar an Athnuachan ó Ghlúin gó Glúin san Fheirmeoireacht.

Fáiltíonn an Coimisiún roimh do thuairimí ar Athnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht. Ba cheart go mbeadh achoimre ghearr nach mó ná 300 focal i ngach aighneacht ina leagtar amach na príomhphointí. Maidir le haighneachtaí ó eagraíochtaí nó ó ghrúpaí, ba cheart go mbeadh cuntas gairid ar bhallraíocht, ar aidhmeanna agus ar chuspóirí na heagraíochta nó an ghrúpa sin san áireamh. Ba cheart gach aighneacht a sheoladh i scríbhinn ar r-phost le tagairt “Comhairliúchán Poiblí” i líne an ábhair chuig: GenerationalRenewalCommission@agriculture.gov.ie.

Is é 4i.n. ar an 31 Eanáir 2025 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí agus ní chuirfear aon cheann a gheofar tar éis an spriocdháta sin san áireamh