Meabhraíonn an tAire McConalogue d’fheirmeoirí an 16 Bealtaine an spriocdháta d’iarratais BPS
- Foilsithe: 28 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Mheabhraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, d'fheirmeoirí gurb é an spriocdháta chun a n-iarratais ar Scéim na hÍocaíochta Bunasaí (BPS) 2022 a chur isteach ar líne ná meán oíche Dé Luain an 16 Bealtaine. Is é seo an spriocdháta chomh maith chun iarratais ghaolmhara a chur isteach don méid seo a leanas
- Aistriú Teidlíochtaí
- Feirmeoirí Óga/Cúlchiste Náisiúnta
- Beart Ionchorpraithe Tuí (SIM)
- Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC), agus
- An Scéim Cúnaimh Próitéine.
Cinnfidh na barra a dhearbhaítear ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2022 incháilitheacht don Scéim Dreasachta Curaíochta agus do Scéimeanna Barra Próitéine.
Tá an Roinn ag cabhrú le feirmeoirí a gcuid iarratas a dhéanamh le seachtainí beaga anuas trína gclinicí BPS i bpearsa in áiteanna ar fud na tíre. Tá clinicí BPS eile sceidealaithe le linn mhí na Bealtaine. Is féidir le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Chabhrach d'Íocaíochtaí Díreacha ar 057 -8674422. Beidh na línte ar oscailt ar feadh uaireanta fada sa tréimhse roimh an dáta iarratais mar seo a leanas:
- Idir 9.15am agus 9pm ón Luan an 9 Bealtaine go dtí an Aoine an 13 Bealtaine
- Idir 9.30am agus 5pm Dé Sathairn an 14 agus Dé Domhnaigh an 15 Bealtaine
- Idir 9.15 am agus 12 meán oíche Dé Luain an 16 Bealtaine.
Dúirt an tAire,
“Molaim do gach feirmeoir a n-iarratais a chur isteach a luaithe is féidir roimh an spriocdháta an 16 Bealtaine. Má theastaíonn treoir ó fheirmeoir ar bith a n-iarratas a dhéanamh, ba cheart dóibh freastal ar Chlinic BPS nó glaoch ar Dheasc Chabhrach na Roinne áit a mbeidh ball foirne in ann cabhrú leo."
Nóta d'Eagarthóirí:
Más mian le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an Roinn maidir le hiarratas ar líne is féidir leo é sin a dhéanamh ag
- 049-4368288 maidir le fiosrúcháin faoi chlárú do https://agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login – mar shampla fiosruithe ar phasfhocail caillte, conas clárú srl.
- 057 8674422 maidir le fiosrúcháin ar an iarratas BPS a chomhlánú nuair atá siad cláraithe ar www.agfood.ie. nó cóip pháipéir de na Téarmaí agus Coinníollacha a iarraidh.
Beidh foireann ar fáil freisin ag oifigí na Roinne i bPort Laoise, Co. Laoise chun bualadh le feirmeoirí as seo go dtí spriocdháta an BPS an 16 Bealtaine 2022.