An tAire Dooley i gceannas ar rannpháirtíocht na hÉireann ag Comhdháil Ár nAigéin in Busan, sa Chóiré
- Foilsithe: 28 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2025
Chuir Timmy Dooley TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Iascaigh sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Cúrsaí Mara ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, tús inniu le cuairt trí lá ar Busan, sa Chóiré, áit a mbeidh sé rannpháirteach sa 10ú Comhdháil Ár nAigéin.
Ag labhairt dó ag tús a chuairte ar Busan, dúirt an tAire Dooley:
“I mbliana déantar comóradh ag an gComhdháil Ár nAigéin ar chloch mhíle na comhdhála, cothrom deich mbliana a bunaithe agus trí bheith rannpháirteach inti tá súil agam tiomantas na hÉireann do rialachas aigéin inbhuanaithe, cosaint na bithéagsúlachta muirí, agus an comhoibriú idirnáisiúnta a athdhearbhú arís eile.”
Trí rannpháirtíocht na hÉireann sa chomhdháil, athdheimhneofar tiomantas na hÉireann do chreataí idirnáisiúnta um chosaint na n-aigéan, beidh aird mhór ar cheannaireacht na hÉireann in iascaigh inbhuanaithe, i bpleanáil spásúil mhuirí agus i bhforbairt limistéar cosanta mara. Neartófar leis freisin comhpháirtíochtaí na hÉireann le ballstáit an Aontais Eorpaigh, leis an gCoimisiún Eorpach, le Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha (SIDS) agus le stáit mhuirí atá ar aon intinn linn féin.
Trí chuairt an Aire Dooley léirítear agus atreisítear an cháil atá ar Éirinn go hidirnáisiúnta mar stát aigéin freagrach agus leagtar amach an cúrsa don uair a óstálfaidh Éire Lá Eorpach na Mara 2025 i gCorcaigh i mí na Bealtaine agus as sin beidh Comhdháil Aigéin na Náisiún Aontaithe ar siúl sa Fhrainc i mí Meithimh 2025. Beidh ceannaireacht as Éirinn sna hócáidí seo in éineacht le hUachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach in 2026 ríthábhachtach maidir leis an gComhshocrú Iascaigh agus Aigéan, ar tionscnamh polaitiúil é arb é is aidhm dó bainistíocht inbhuanaithe na n-aigéan a chur chun cinn agus sláinte, athléimneacht, agus táirgiúlacht na n-aigéan a chinntiú mar aon le rathúnas phobail chósta an Aontais dá réir sin. Labhróidh an tAire Dooley ag dinnéar oscailte na gceannairí ardleibhéil agus anuas ar a bheith rannpháirteach go díreach sa chomhdháil beidh sé páirteach freisin i roinnt ócáidí eile ag imeachtaí faoi stiúir an Aontais agus ag cruinnithe déthaobhacha le ceannairí eile.
Cuireadh tús le Comhdháil Ár nAigéin mar thionscnamh de chuid na Stát Aontaithe in 2014, faoi cheannas iar-Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, John Kerry. Inniu, tugann sé deis don phobal aigéin ar fud an domhain an comhoibriú a bhrú chun cinn ar mhaithe lenár bhfarraigí agus ár n-aigéin trí bhearta praiticiúla a ghealladh mar thaca leis an gcaomhnú agus leis an inbhuanaitheacht.
Dúirt an tAire Dooley mar fhocal scoir:
“Táim muiníneach go dtiocfaidh gníomhaíochtaí inbhraite a dhéanfaidh difear do dhaoine as cur is cúiteamh na seachtaine seo, agus go gcuideoidh sé linn ár n-uaillmhian roinnte ón gComhdháil a chur i gcrích, is é sin aigéan dóchais a dhéanamh d’aigéan atá i gcruachás i láthair na huaire.”