Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Dooley ag bualadh leis an Aire Zeichner

I Londain inniu, bhuail an tAire Stáit um Iascach agus Muir, Timmy Dooley TD, le Daniel Zeichner MP, Aire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe.

Labhair na hAirí ar shaincheisteanna comhleasa lena n-áirítear Pleanáil Spásúil Mhuirí agus uaillmhian na hÉireann Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe náisiúnta a fhorbairt d’Fhuinneamh In-athnuaite Lasmuigh den Mhuir agus dul chun cinn maidir le Limistéir Mhuirí faoi Chosaint a ainmniú, áit a bhfuil sé beartaithe ag Éirinn 30% dár bhfarraigí a ainmniú mar Limistéir Mhuirí faoi Chosaint faoi 2030.

Labhair na hAirí freisin ar chúrsaí iascaigh leasa choitinn; an iomaíocht atá ag dul i méid maidir le húsáid an spáis mhuirí agus na dúshláin mhéadaithe atá os comhair na n-earnálacha bia mara agus iascaigh amhail cailliúint na bithéagsúlachta agus an gá atá lenár n-uiscí a bhainistiú ar bhealach níos inbhuanaithe. Labhair an tAire Dooley freisin faoi mhian na hÉireann teacht ar bhealach chun cinn a bheadh comhaontaithe go frithpháirteach maidir le ceist Rockall a raibh rannpháirtíocht fhorleathan ann ina leith le húdaráis na hAlban agus na Ríochta Aontaithe.

D'aithin an tAire Dooley an dul chun cinn suntasach atá déanta ag na páirtithe go léir le roinnt blianta anuas maidir le hiascaireacht inbhuanaithe agus stoic a atógáil agus an gá atá ann leanúint leis an gcomhoibriú sin, go háirithe i gcás príomhstoc sa Mhuir Cheilteach atá fós i staid leochaileach. D’aithin na hairí Dooley agus Zeichner an obair leanúnach atá á déanamh ag an AE agus ag an Ríocht Aontaith e maidir leis an méid sin agus maidir le saincheisteanna tábhachtacha eile, lena n-áirítear trí chreat an Choiste Speisialaithe um Iascach. Chuir an tAire Dooley in iúl freisin go bhfuil Éire ag tnúth le ról Uachtaránacht Chomhairle an AE a ghlacadh an bhliain seo chugainn, agus táimid ag súil le roinnt príomhchomhad a chur chun cinn le linn ár dtréimhse oifige, b’fhéidir meastóireacht an Choimisiúin ar thoradh Rialachán CBI agus Fís 2040 don Iascach agus Dobharshaothrú.

Tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Dooley:

“Fáiltím go mór roimh an deis bualadh leis an Aire Zeichner inniu agus, de réir mheon ár gceannairí, an caidreamh idir an dá thír seo againne agus go deimhin, an dá Roinn seo againne a neartú.”

IMG-20250709-WA0006
Daniel Zeichner MP An tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe agus an tAire Stáit um Iascach agus Muir, Timmy Dooley TD