Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Healy-Rae Gairm Oscailte ar thograí le haghaidh Oiliúint Scileanna Foraoiseachta 2025 - 2026

D’fhógair an tAire Stáit atá freagrach as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae, TD, inniu an dara cuid den ghairm oscailte ar thograí le haghaidh Oiliúint Scileanna Foraoiseachta. Tá sé mar aidhm ag an ngairm phoiblí sin ar thograí le haghaidh tionscadal oiliúna eolas agus acmhainn grúpaí éagsúla san earnáil foraoiseachta a leathnú. I measc na ngrúpaí spriocdhírithe tá mic léinn foraoiseachta in oideachas ardleibhéil, foraoiseoirí cláraithe agus conraitheoirí foraoiseachta.

Agus an ghairm á fógairt aige, dúirt an tAire Stáit Healy-Rae:

“Tá áthas orm seoladh na gairme oiliúna tiomnaithe sin a fhógairt. Tá sé ríthábhachtach go n-aithnítear an tábhacht a bhaineann le hoiliúint i scileanna cuí laistigh den earnáil foraoiseachta, do mhic léinn foraoiseachta atá ag tosú ar a ngairm bheatha foraoiseachta agus iad siúd atá ag obair cheana féin san earnáil foraoiseachta araon. Cabhróidh an ghairm oscailte sin le tacú le tionscadail a dhíríonn ar riachtanais theicniúla agus sábháilteachta reatha na hearnála, rud a chinnteoidh go leanfaidh an tionscal ag feidhmiú ar bhealach sábháilte agus táirgiúil.”

Tá dhá mhodúl sa ghairm sin, agus gach ceann acu dírithe ar ghrúpa difriúil laistigh den earnáil foraoiseachta. Beidh Modúl 1 dírithe ar oiliúint a chur ar mhic léinn atá cláraithe ar chláir foraoiseachta lánaimseartha ag Leibhéal 5 QQI agus os a chionn, agus beidh modúl 2 dírithe ar thograí atá dírithe ar oiliúint a chur ar ghairmithe foraoiseachta agus ar dhaoine eile atá ag obair, nó atá ag smaoineamh ar oibriú, laistigh den earnáil foraoiseachta. Táthar ag súil go maoineofar trí thogra in aghaidh an mhodúil in aghaidh na bliana, le haghaidh sé thionscadal san iomlán ar uasmhéid €50,000 in aghaidh an tionscadail.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó aon ghrúpa nó duine aonair. Ba cheart do thionscadail ceann amháin de na deich dtosaíocht oiliúna a shainaithnítear a chomhlíonadh, atá liostaithe thíos:

  1. Comhlíonadh Comhshaoil
  2. Scileanna Oibreora Foraoise
  3. Cosaint Foraoise agus Sláinte Foraoise
  4. Sláinte agus Sábháilteacht
  5. Bainistíocht Foraoise Inbhuanaithe
  6. Maolú Aeráide i bhforaoisí agus adhmad
  7. Oiriúnú Foraoisí, don athrú aeráide
  8. Reachtaíocht Foraoiseachta
  9. Teicneolaíocht Foraoise
  10. Éiceolaíocht

Tá na tosaíochtaí oiliúna mar an gcéanna don dá mhodúl. Tá an próiseas iomaíoch seo oscailte do chách, agus táthar ag lorg iarratas ó réimse chomh leathan agus is féidir de pháirtithe leasmhara, chun gach ceann de na Tosaíochtaí Oiliúna a chlúdach.



Nótaí do na heagarthóirí:

Tá an Doiciméad Sonraíochta agus an fhoirm iarratais ar fáil le feiceáil ar Ghairm ar Thograí Oiliúna Scileanna Foraoiseachta 2025-2026

· Is féidir iarratais a sheoladh trí ríomhphost chuig ForestrySkillsTraining@agriculture.gov.ie

Is é 5i.n. an 11 Iúil 2025 an dátadeiridh le haghaidh iarratas.