Tugann an tAire Healy-Rae cuairt ar Ollscoil na Gaillimhe chun tuarascáil nua maidir le riachtanais taighde tógála adhmaid foraoise a sheoladh
- Foilsithe: 9 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 9 Iúil 2025
D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae TD, inniu foilsiú tuarascála nua “RiachtanaisTaighde agus Forbartha maidir le hAdhmad Foraoise san Fhoirgníocht inÉirinn” agus é ar cuairt ag Ollscoil na Gaillimhe.
Tá an tuarascáil seo mar chuid den obair a rinne an Grúpa Oibre Idir-Rannach & Tionscail ar Adhmad san Fhoirgníocht, a bhfuil sé mar aidhm aige úsáid adhmaid foraoise san fhoirgníocht a mhéadú agus úsáid adhmaid a fhástar in Éirinn a uasmhéadú ag an am céanna. Thug an tAire cuairt freisin ar na háiseanna in Ollscoil na Gaillimhe agus chonaic sé go díreach an taighde atá ar siúl faoi láthair ar adhmad.
Agus béim á leagan aici ar ról na taighde maidire le tógáil ísealcharbóin a spreagadh, dúirt an tAire Healy-Rae: “Le hearnáil na tógála ag lorg roghanna eile níos inbhuanaithe, tá sé ríthábhachtach go n-aithnímid an ról is féidir lenár bhforaoisí a imirt i múnlú thodhchaí ár dtimpeallachta tógtha.” Tá an rialtas seo tiomanta do thacú le húsáid adhmaid i dtionscadail tógála, agus cuirim fáilte roimh dhíograis na bpáirtithe leasmhara in Éirinn, taighdeoirí go háirithe, maidir le sainaithint a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh nuálaíocht cabhrú le húsáid adhmaid san earnáil tógála in Éirinn a chur chun cinn.”
Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí suirbhé a rinneadh i measc bhaill den ghrúpa Taighde agus Forbartha laistigh den Ghrúpa Stiúrtha maidir le hAdhmad Foraise san Fhoirgníocht. Leagtar amach ann gníomhartha taighde agus forbartha tosaíochta chun tacú le húsáid níos mó adhmaid foraoise san earnáil tógála, tógáil inbhuanaithe agus i laghdú carbóin.
Dúirt an tAire Healy-Rae freisin: “Tá fíor-dheis ann chun an margadh do thithe déanta as fráma adhmaid foraise agus úsáid adhmaid foraise dúchasach a mhéadú mar fhreagairt ar an ngéarchéim tithíochta agus aeráide.” Tá spéis ag méadú freisin i adhmad mais le haghaidh foirgneamh meánach agus ard, agus cuireann an tuarascáil seo treoir shoiléir ar fáil le haghaidh taighde spriocdhírithe.”
Dúirt an tAire Healy-Rae mar fhocal scoir: “Molaim do gheallsealbhóirí ról an adhmaid foraise sa timpeallacht thógtha a chur chun cinn.” Le blianta beaga anuas, tá maoiniú tugtha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do thionscadail thábhachtacha taighde adhmaid agus soláthair phoiblí ghlasa, rud a chabhraigh le forbairt na hearnála foraoiseachta agus a thacaigh lenár bhfeirmeoirí agus lenár saothróirí foraoise. Tá tionscail fhoraoiseachta agus adhmaid rathúla againn, agus tá an t-am ceart chun adhmad a chomhtháthú ar bhealach níos éifeachtaí in earnáil tógála na hÉireann.
Dúirt an Dr Patrick McGetrick ó Ollscoil na Gaillimhe agus Cathaoirleach an Ghrúpa Taighde agus Forbartha: “Tá foilsiú na tuarascála seo an-tábhachtach chun dul chun cinn na tógála adhmaid foraoise in Éirinn. Tá ról ríthábhachtach ag an taighde maidir le húsáid shábháilte agus éifeachtach adhmaid mar ábhar struchtúrach foraoise a chinntiú. Cuireann sé fianaise eolaíoch ar fáil lena gcuirtear le muinín innealtóirí, ailtirí, tógálaithe agus an phobail i gcoitinne mar úsáideoirí deiridh. Tá go leor ceisteanna le freagairt fós maidir le húsáid adhmaid san earnáil tógála, ní hamháin ó thaobh dearadh struchtúrach foirgneamh de, ach freisin chun a fheidhmíocht a uasmhéadú, agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar na buntáistí comhshaoil a bhaineann lena úsáid mar fhoinse stórála carbóin. Chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo, ní mór do lucht na hacadúlachta, d'earnáil na tionsclaíochta agus do lucht déanta beartas oibriú le chéile, agus tá áthas orm go léirítear na torthaí agus an poitéinseal a d'fhéadfadh a bheith ag comhar den sórt sin amach anseo sa tuarascáil seo.”

Timber in Construction Steering Group
An Grúpa Stiúrtha maidir le hAdhmad Foraoise san Fhoirgníocht
Bunaíodh an Grúpa Stiúrtha maidir le hAdhmad Foraoise san Fhoirgníocht chun na dálaí a chruthú chun úsáid adhmaid san fhoirgníocht a mhéadú agus an leibhéal is airde sábháilteachta foirgneamh agus cosaint maoine a chinntiú ag an am céanna; chun dúshláin rialála agus caighdeánaithe a scrúdú; agus chun úsáid adhmaid dúchais san fhoirgníocht a uasmhéadú. gov - An Grúpa Stiúrtha maidir le hAdhmad Foraoise san Fhoirgníocht (www.gov.ie)
Ceapadh an Grúpa Stiúrtha ina bhfuil 16 chomhalta agus an Cathaoirleach Neamhspleách ag an Aire Stáit le freagracht as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht. Tacaíonn cúig ghrúpa téamacha leis an nGrúpa, ina bhfuil breis is 60 ball ó raon leathan geallsealbhóirí. Is ionadaithe iad na comhaltaí do chomhlachtaí tionscail thábhachtacha, chomh maith le hionadaithe sinsearacha ó ranna agus gníomhaireachtaí rialtais ábhartha a bhfuil freagrachtaí orthu as beartas agus forbairt earnálacha. Áirítear leis na grúpaí téamacha sin:
- Deiseanna Margaidh,
- Rialachas, Caighdeáin agus Comhlíontacht,
- Soláthar Poiblí agus Tionscadail Taispeántais,
- Taighde agus Forbairt, agus
- Cumarsáid, Oideachas, Oiliúint agus Feasacht Phoiblí.
Bhuail an Grúpa Stiúrtha maidir le hAdhmad Foraoise san Fhoirgníocht le chéile den chéad uair ar an 6 Samhain 2023, agus bhí dhá chruinniú déag acu go dtí seo.
Tá Rialtas na hÉireann ag tacú le tionscal an adhmaid agus an adhmad foraoise ar bhealaí éagsúla le fada an lá: cleachtais foraoiseachta inbhuanaithe a chur chun cinn, cur le soláthar adhmaid foroaise, forbairt eacnamaíoch a thacú i gceantair thuaithe, agus feabhas a chur ar iomaíochas táirgí adhmaid foraise de chuid na hÉireann go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá maoiniú rialtais tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar thaighde agus ar fhorbairt acmhainní foraoise na hÉireann, ó shainiú speiceas adhmaid go dearadh agus feidhmíocht eilimintí foirgníochta adhmaid. Go sonrach, tá breis is €8 milliún curtha ar fáil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Rialtais Áitiúil ó 2010 i leith ar thionscadail taighde adhmaid agus ar sholáthar poiblí glas a thógann acmhainn agus saineolas sa tionscal adhmaid.
Tá na tuarascálacha ar fáil ó shuíomh gréasáin Timber in Construction.
An Grúpa Taighde Innealtóireachta Adhmaid Foraoise (TERG) Ollscoil na Gaillimhe
Bunaíodh an Grúpa Taighde Innealtóireachta Adhmaid Foraoise (TERG) in Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2004 ag an Ollamh Annette Harte. Tá sé mar aidhm ag TERG tacú le méadú ar úsáid adhmaid foraoise mar ábhar tógála inbhuanaithe trí thaighde teicniúil agus eolaíoch a dhéanamh chun tuiscint níos leithne a chruthú ar an ábhar bunúsach agus táirgí adhmaid innealtóireachta breisluacha a fhorbairt. Tá an grúpa cleamhnaithe le hInstitiúid Ryan um Thaighde Mara, Comhshaoil agus Fuinnimh.