Fáiltíonn an tAire Healy-Rae roimh an méadú a tháinig ar fhigiúirí plandaithe foraoiseachta sa chéad ráithe den bhliain 2025
- Foilsithe: 11 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 14 Aibreán 2025
Tá fáilte curtha ag Aire Stáit na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Healy-Rae TD, roimh an méadú a tháinig ar phlandú nua foraoiseachta a rinneadh ó thús 2025, agus thug sé suntas freisin go bhfuil níos mó ná 6,000 heicteár ceadúnaithe agus ar fáil lena bplandú. Dúirt an tAire Stáit:
“Fáiltím go mór roimh na figiúirí maidir le plandú nua, 627 heicteár ó bhí mí Eanáir ann. Sin ardú 130% ar an achar a bhí ann ag an am céanna anuraidh. Ina theannta sin, tá níos mó ná 6,000 heicteár réidh le sluaisteáil, is é sin le rá go bhfuil ceadúnas faighte agus nár cuireadh aon rud go fóill. Tá maoiniú níos airde ná riamh á fháil ag an gClár Foraoiseachta, agus ba mhaith liom na húinéirí talún sin a bhfuil formheas acu a spreagadh go mór chun dul ar aghaidh leis an bplandú, ionas gur féidir leo leas a bhaint as na deontais agus na préimheanna nua agus an-mhealltach ar feadh tréimhse suas le 20 bliain. Go dtí seo in 2025, íocadh €43 milliún i ndeontais agus i bpréimheanna le húinéirí foraoise.”
Faoi láthair, tá breis agus 24,000 úinéir foraoise (19,500 feirmeoir) tar éis crainn a chur in Éirinn. Le deontais phlandaithe agus fálaithe a chlúdaíonn costais bhunaithe, chomh maith le préimheanna bliantúla ar feadh suas le 20 bliain atá saor ó cháin ioncaim, is rogha an-mhealltach í an fhoraoiseacht, go háirithe d’fheirmeoirí. Tá dhá chineál foraoise déag ann, chomh maith leis an Scéim mhionscála um Limistéar Crann Dúchasach, ar fáil faoin gClár Foraoiseachta 2023-27.
Lean an tAire Stáit air, ag rá:
“Caithfidh mé a admháil go bhfuil an scéim foraoisithe bunaithe ar éileamh, agus nár baineadh na spriocanna rannpháirtíochta amach le blianta beaga anuas, ach táim tiomanta do rogha luachmhar talamhúsáide a chur chun cinn ar gach bealach is féidir liom. Ba mhaith liom an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag Stoirm Éowyn, inar leagadh 24,000 heicteár de chrainn, ar mhuinín an phobail as crainn a chur sa ghearrthéarma a aithint freisin. Mar sin féin, ghníomhaigh mé go tapa chun an Tascfhórsa um Fhoraoisí leagtha ag an nGaoth a bhunú, agus táim ag obair i gcomhar le páirtithe leasmhara agus le húinéirí foraoiseachta chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán nua seo. Táim meáite ar na torthaí is fearr a chur ar fáil d’úinéirí foraoise agus don tionscal sna cúinsí seo.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Beidh straitéis chuimsitheach chumarsáide á leanúint ag mo Roinnse chun na roghanna foraoiseachta a chur chun cinn i measc feirmeoirí agus úinéirí talún eile trí úsáid a bhaint as gach bealach teachtaireachtaí atá ar fáil.”
Deireadh
Faisnéis d’Eagarthóirí:
Leanfaidh an Roinn ag déanamh fógraíochta ar an raidió náisiúnta agus áitiúil, ar na meáin chlóite agus ar na meáin shóisialta. Beidh deis ann freisin do pháirtithe leasmhara agus do pháirtithe eile ar spéis leo tograí a chur isteach faoi Ghairm ar Thograí 2025-26 le haghaidh Tionscadail um Chur Chun Cinn na Foraoiseachta a seoladh an tseachtain seo.
Gairm Oscailte ar Thograí le haghaidh Tionscadail um Chur Chun Cinn na Foraoiseachta