Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Clár ACORNS chun Tacú le ban-Fhiontraithe i gceantair thuaithe seolta ag an Aire Heydon

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu (21 Iúil) an glao ar iarratais don chlár ACORNS 11 (Accelerating the Creation of Rural Nascent New-Ups). An spriocdháta le haghaidh iarratas: meán oíche, 22 Meán Fómhair,

Dúirt an tAire Heydon:

“Ag teacht sna sála ar deich mbliana de thacaíocht ó mo Roinnse do bhanfhiontraithe tuaithe faoin gCiste Forbartha Nuálaíochta Tuaithe, tá áthas orm an timthriall is déanaí a sheoladh. Tá an clár ag dul ó neart go neart i gcónaí agus tá tacaíocht tugtha aige do bhreis is 550 bean i gceantair thuaithe na hÉireann le deich mbliana anuas.”

Dúirt an tAire Heydon freisin:

“Is clár thar a bheith rathúil é clár ACORNS, atá deartha chun tacú le banfhiontraithe atá ag tosú amach i gceantair thuaithe na hÉireann. Tá sé mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na bearnaí scileanna, fiontraíochta agus cumais a bhíonn roimh banfhiontraithe agus ar an gcaoi sin soláthraítear leis tacaíocht chun cabhrú le dul i ngleic leis na bacainní a chuireann srian go minic ar ghníomhaíocht fiontraíochta i gceantair thuaithe.”

Tagann an glao seo i ndiaidh gur roghnaíodh ACORNS mar iontráil náisiúnta na hÉireann do Ghradaim Chur Chun Cinn Fiontraíochta na hEorpa, sa chatagóir Infheistíocht i Scileanna Fiontraíochta.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon:

“Ag spreagadh banfhiontraithe i gceantair thuaithe na hÉireann chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoin gclár ACORNS a chabhróidh leo a n-aislingí a bhaint amach maidir le gnólachtaí rathúla a thosú agus a fhás.”

Dúirt Príomh-Fhiontraí ACORNS, Mary B Walsh ó Ire Wel Pallets:

“Is cúis áthais dom a bheith i mo Phríomh-Fhiontraí ar chlár ACORNS don11ú bliain as a chéile.”

Mar fhocal scoir, dúirt Ms Walsh:

“Bhí mé thar a bheith sásta leis an dul chun cinn a rinne rannpháirtithe roimhe seo agus a bhforbairt agus a bhfás a fheiceáil ar leibhéal pearsanta agus gairmiúil. Táim ag tnúth le tacú le comhghleacaithe baineanna atá ina gcónaí i gceantair thuaithe na hÉireann ag an gcéim is luaithe dá dturas fiontraíochta”.

Nóta d’Eagarthóirí

Is tionscnamh saor in aisce é ACORNS, a sheasann doAccelerating the Creation Of Rural Nascent Start-ups, do mhná atá ag foghlaim conas gnólachtaí nuathionscanta a chruthú i gceantair thuaithe na hÉireann. Maoinítear tríd an gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe atá á oibriú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Tá an clár seo ina11ú bliain agus Fitzsimons Consulting a d'fhorbair é.

Bhí ACORNS sa dara háit i nGradaim 'European Enterprise Promotion Awards, Investing in Entrepreneurial Skills'.Tá an clár ar fáil do bhan-fiontraithe luathchéime atá ina gcónaí i gceantar tuaithe na hÉireann agus a bhfuil díolacháin ginte acu tráth nach luaithe ná deireadh mhí an Mheithimh 2022. Tá suas le 50 áit ar fáil. Ní mór dóibh siúd ar mian leo iarratas a dhéanamh a spéis a chlárú ar dtús tríd an suíomh gréasáin(www.acorns.ie). Seolfar iarratas chucu ansin trí ríomhphost.

Ní bheidh aon táille ar na daoine a roghnófar chun páirt a ghlacadh i gclár ACORNS 11, a bhuíochas leis an tacaíocht leanúnach ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus leis an ranníocaíocht dheonach ama ó na Príomhfhiontraithe a chreideann go láidir i bhfiontraithe de bheith ag cabhrú le fiontraithe eile.

Tagann an glao is déanaí seo i ndiaidh gur roghnaíodh ACORNS mar iontráil náisiúnta na hÉireann do Ghradaim Chur Chun Cinn Fiontraíochta na hEorpa, sa chatagóir Infheistíocht i Scileanna Fiontraíochta. Tá an clár ag ceiliúradh freisin gur ainmníodh é mar ‘dhea-chleachtas’ ar Ardán Foghlama INTERREG an AE.

Bhí rath ar chlár ACORNS 10 na bliana seo caite arís agus tá torthaí iarbhír mar thoradh air, amhail:

  • Chuaigh ceithre ghnólacht i mbun trádála le linn na tréimhse,
  • Tháinig méadú i 54% ar láimhdeachas bliantúil comhcheangailte rannpháirtithe ACORNS 10, ó €2.8m go €4.3m,
  • Bhí 104 ball foirne fostaithe ag rannpháirtithe ACORNS 10 ag deireadh an timthrialla, méadú de 15, agus
  • Bhí taithí easpórtála ag ocht rannpháirtí déag ag deireadh an timthrialla.
SON6340 095
Bhuail Martin Heydon, TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, le grúpa de bhaill Phobal ACORNS ag Graí Náisiúnta na hÉireann, agus é ag oscailt go foirmiúil an ghlao ar iarratasóirí do thimthriall nua ACORNS. I measc na ndaoine a bhí ag bualadh leis an Aire bhí Caitriona Cullen, Cullen Nurseries, Co. Cheatharlach, Mary B Walsh, Ire Wel Pallets, Príomhfhiontraí ACORNS, Martin Heydon, TD, Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Magda Seymour, Pure Oskar, Co. Chill Dara. Pictiúr ORLA MURRAY COALESCE
SON6340 109
Bhuail Martin Heydon, TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, le grúpa de bhaill Phobal ACORNS ag Graí Náisiúnta na hÉireann, agus é ag oscailt go foirmiúil an ghlao ar iarratasóirí do thimthriall nua ACORNS. I measc na ndaoine a bhí ag bualadh leis an Aire bhí Caitriona Cullen, Cullen Nurseries, Co. Cheatharlach, Mary B Walsh, Ire Wel Pallets, Príomhfhiontraí ACORNS, Martin Heydon, TD, Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Magda Seymour, Pure Oskar, Co. Chill Dara. Pictiúr ORLA MURRAY COALESCE
SON6340 123
Bhuail Martin Heydon, TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, le grúpa de bhaill Phobal ACORNS ag Graí Náisiúnta na hÉireann, agus é ag oscailt go foirmiúil an ghlao ar iarratasóirí do thimthriall nua ACORNS. I measc an lucht freastail bhí Anne Marie Feighery, Feighery Farm Beetroot Juice, Uíbh Fhailí, Magda Seymour, Pure Oskar, Co. Chill Dara, Mary B Walsh, Ire Wel Pallets, Príomhfhiontraí ACORNS, Martin Heydon, TD, Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Elizabeth Gavin, NuaFund, Co. Chorcaí agus Caitriona Cullen, Plandlann Cullen, Co. Cheatharlach. Pictiúr ORLA MURRAY COALESCE

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat