Leagann an tAire Heydon amach tosaíochtaí na hÉireann don chaibidlíocht faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) tar éis 2027
- Foilsithe: 6 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2025
Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, cur síos inniu ar thosaíochtaí na hÉireann don chéad CBT eile tar éis 2027.
Tá an earnáil agraibhia fós ar an tionscal dúchasach is tábhachtaí in Éirinn, ina bhfostaítear os cionn 169,000 duine agus ina dtacaítear le honnmhairí ar fiú €19 mbilliún iad.
Dúirt an tAire Heydon:
“Cuireadh i dtábhacht, leis na himeachtaí le blianta beaga anuas, ó phaindéim Covid go dtí an cogadh san Úcráin, go dtí an teannas trádála atá ann faoi láthair leis na Stáit Aontaithe, a ríthábhachtaí is atá an earnáil seo.
“Is léir go bhfuil slabhraí an tsoláthair bia athléimneach, ach níor cheart dúinn talamh slán a dhéanamh dár mbia, ná de na daoine a tháirgeann é. Agus tá CBT ríthábhachtach d’athléimneacht agus d’iomaíochas na hearnála.”
Tá buiséad €9.8 billiún ag Plean Straitéiseach CBT reatha na hÉireann 2023-2027, lena n-áirítear €2.28 billiún i gcistí náisiúnta, thar thréimhse cúig bliana.
Déanfar todhchaí na dtacaíochtaí feirme a mhúnlú le dhá mhórthogra beartais a fhoilseofar níos déanaí i mbliana - ar an gcéad dul síos, foilsiú bhuiséad an Aontais, ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), agus ina dhiaidh sin foilsiú tograí le haghaidh CBT nua tar éis 2027. Cé go bhfuil an t-uainiú beacht fós éiginnte, is dócha go mbeidh Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach sa dara leath de 2026 ríthábhachtach chun an creat reachtach don chéad CBT eile a chur chun cinn.
De réir ghealltanais Chlár an Rialtais, tá ceithre phríomhthosaíocht ag Éirinn don chéad CBT eile:
- CBT atá níos simplí d’fheirmeoirí - lena gcuirtear bearta simplí ar fáil ar féidir le feirmeoirí iad a thuiscint agus a chur chun feidhme; níos mó saoirse a thabhairt do na Ballstáit bearta a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr ar a gcúinsí féin; leanúint leis na bearta a bhfuil ag éirí go maith leo.
- CBT níos solúbtha agus níos freagrúla - solúbthacht chun freagairt do chineálacha cur chuige nua agus do chineálacha cur chuige atá ag teacht chun cinn agus chun féachaint ar shruthanna cistiúcháin nua ar cheart dóibh a bheith sa bhreis ar CBT agus comhlántach leis.
- Cothromaíocht iomchuí idir gach gné den inbhuanaitheacht – eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta.
- Buiséad leordhóthanach le haghaidh CBT éifeachtach lena gcoinnítear bosca uirlisí iomlán na mbeart reatha faoi Cholún 1 agus faoi Cholún 2, agus a bhfuil buiséad tiomnaithe leordhóthanach aige.
Lean an tAire Heydon ar aghaidh leis an méid seo a leanas a rá:
“Tá an t-ord domhanda athraithe ar an mbealach is doimhne ó rinneadh an chaibidlíocht dheireanach maidir le CAI. Beidh saincheisteanna ar nós na slándála agus an iomaíochais ina bpríomhghnéithe den chéad phlé eile. Má táimid chun CBT a chosaint, tá sé ríthábhachtach go leagfaimid síos an talmhaíocht agus an bia mar phríomhthosaíocht straitéiseach don Aontas Eorpach.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:
“Cuirfidh mo Roinn tús le rannpháirtíocht chuimsitheach le páirtithe leasmhara maidir le CBT tar éis 2027 san fhómhar.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíochta a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.
Tá tuilleadh eolais faoi chur chun feidhme CBT reatha ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-talmha%C3%ADochta-bia-agus-mara/feachtais/cap-strategic-plan-for-ireland/.