Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An t-eolas is déanaí tugtha ag an Aire Heydon faoin obair chun Maolú na hÉireann i dtaca leis an Treoir maidir le Níotráití a thabhairt i réim

Is tosaíocht ríthábhachtach don Rialtas é síneadh ar mhaolú na hÉireann i dtaca leis an Treoir maidir le Níotráití a thabhairt i réim. Tá an maolú atá ann faoi láthair le dul in éag ag deireadh na bliana.

Chuir an tAire Heydon agus an tAire O’Brien meamram comhpháirteach le chéile chun an Rialtas a chur ar an eolas maidir leis an scéal is déanaí i dtaca leis an gcéad Chlár Gníomhaíochta um Níotráití eile de chuid na hÉireann agus maidir le maolú na hÉireann i dtaca leis an Treoir maidir le Níotráití a athnuachan.

Tá plé leanúnach ann idir Éirinn agus an Coimisiún maidir leis an bpróiseas agus tá dhá chur i láthair déanta aici don choiste Níotráití, an coiste comhairleach tábhachtach atá comhdhéanta de Bhallstáit.

Leanfaidh Éire de bheith ag plé leis an gcoiste sin agus le hoifigigh an Choimisiúin sna míonna amach romhainn.

Is foráil den Treoir maidir le Níotráití í an Maolú maidir le Níotráití lena gceadaítear teorainn níos airde, a bhfuil bonn eolaíoch leo, maidir le nítrigin in aoileach beostoic a leathadh ar thalamh, teorainn níos airde ná an teorainn chaighdeánach atá leagtha síos sa Treoir.

Leis an maolú sin, éascaítear córais uathúla na hÉireann atá bunaithe ar féar, maidir le táirgeadh beostoic lasmuigh agus is iad na córais sin is údar leis. Is í Éire an t-aon Bhallstát den AE atá ag lorg cead chun leas a bhaint as an maolú tar éis 2025. Tá deireadh curtha ag gach ballstát eile leis an maolú d'iarraidh nó tá an Coimisiún tar éis diúltú dóibh.

Athdhearbhaítear sa meamram agus sa phlé an tiomantas láidir tras-Rialtais chun feabhas a chur ar cháilíocht an uisce agus chun Maolú na hÉireann maidir le Níotráití a choimeád. Leanann an bheirt Aire den obair ina leith seo.

Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara tar éis dul i mbun plé le raon leathan geallsealbhóirí agus thug oifigigh dá chuid an nuacht is déanaí don Ghrúpa Oibre um Cháilíocht Uisce Talmhaíochta maidin inniu ina leagtar amach an próiseas atá ar siúl ag a Roinn chun a áirithiú go leanfar de Mhaolú na hÉireann maidir le Níotráití. Beidh sé seo dúshlánach go maith ós rud é gurb í Éire an t-aon tír atá ag iarraidh go leanfar de mhaolú.


Notaí

FAQs on Nitrates

This article was updated at 16.30 on 7 July 2025.