Meabhraíonn an tAire Heydon d'fheirmeoirí go bhfuil an spriocdháta chun scórchártaí ACRES a chur isteach ag druidim linn
- Foilsithe: 20 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Lúnasa 2025
Mhol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, do rannpháirtithe ACRES agus dá gcomhairleoirí ACRES a chinntiú go gcuirfear na scórchártaí riachtanacha go léir isteach faoin spriocdháta atá le teacht, is é sin an 31 Lúnasa 2025.
Dúirt an tAire:
"Bhí infhaighteacht íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí ina nuálaíocht shuntasach i ndearadh ACRES. Ciallaíonn an measúnú ar na tailte atá i gceist trí huaire ar a laghad thar thréimhse cúig bliana conartha ACRES go léirítear feabhas ar chaighdeán comhshaoil na talún sin sa leibhéal íocaíochta a fhaigheann an feirmeoir. Tá ról lárnach ag comhairleoirí ACRES sa ghné seo den Scéim mar is iadsan na daoine a shiúlann an talamh agus a dhéanann an measúnú agus ansin a scórálann é trí scórchártaí caighdeánaithe a úsáid. Chun an cúram sin a chur i gcomhthéacs, eisíodh thart ar 125,000 scórchárta chuig comhairleoirí ACRES sa chéad seachtain de mhí an Mheithimh lena dtabhairt chun críche agus lena dtabhairt ar ais faoin 31 Lúnasa 2025."
Cé gur thug an tAire Heydon dá aire go bhfuil an spriocdháta sin níos lú ná dhá sheachtain ar shiúl, dúirt sé:
“Tá áthas orm a thabhairt faoi deara go bhfuil scórchártaí comhlánaithe á ndréachtú agus á gcur isteach ar bhonn leanúnach, agus go bhfuil beagán os cionn an ceathrú cuid fágtha anois lena gcur ar ais. Is mór agam go bhfuil comhairleoirí ACRES ar an eolas go maith faoin spriocdháta chun scórchártaí ACRES comhlánaithe a chur isteach. Tá ciorclán eisithe ag mo Roinn chuig na comhairleoirí chun a mheabhrú dóibh go bhfuil feidhm tuarascála ar fáil i gcóras GLAM mo Roinne ionas gur féidir leo stádas na scórchártaí a sheiceáil, agus tugann an ciorclán comhairle freisin maidir le conas déileáil le saincheisteanna eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus scóráil á déanamh. Measaim go bhfuil sé tráthúil an spriocdháta atá le teacht a chur in iúl toisc go bhfuil gá le gach scórchárta comhlánaithe a thabhairt ar ais chun íocaíochtaí leis na feirmeoirí lena mbaineann a phróiseáil."
Nótaí d’Eagarthóirí
- Is í an Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agrai-Aeráid (ACRES) an beart aeráide agra-chomhshaoil faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse 2023-2027.
- Tá an Scéim á cómhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus ag an Státchiste Náisiúnta.
- Tá dhá chur chuige laistigh de ACRES eadhon:
- cur chuige ginearálta ACRES lena dtairgtear raon Gníomhaíochtaí Ginearálta d'fheirmeoirí, lena n-áirítear ceithre ghníomhaíocht bunaithe ar thorthaí.
agus
- cur chuige comhair, atá ar fáil d'fheirmeoirí in ocht limistéar gheografacha ardtosaíochta sainithe, ar cur chuige uile-fheirme é atá bunaithe ar thorthaí agus a bhfuil an rogha ann gníomhaíochtaí ginearálta breise a dhéanamh. Tá foireann Tionscadail Chomhoibrithe ACRES (CP) i bhfeidhm i ngach ceann de limistéir Chomhoibrithe ACRES chun cabhrú le feirmeoirí an Scéim a chur i bhfeidhm.
- Gné nuálach in ACRES is ea cur chuige atá bunaithe ar thorthaí agus gníomhaíochtaí comhchoiteanna a ionchorprú i raon na ngníomhaíochtaí agus na mbeart atá ar fáil d'fheirmeoirí. Bhí dearadh ACRES bunaithe ar cheachtanna a foghlaimíodh ón Scéim Ghlas Ísealcharbóin Agra-Chomhshaoil (GLAS), ón Treoirthionscadal bunaithe ar Thorthaí Comhshaoil-Talmhaíochta (REAP) agus ó thionscadail faoi stiúir áitiúil a rinneadh faoi na Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha (EIPanna). Tugann íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí luach saothair d’fheirmeoirí as a ngníomhaíocht chomhshaoil féin agus as a n-uaillmhian ar leibhéal na feirme.
Tá bileog eolais maidir le hÍocaíochtaí Bunaithe ar Thorthaí in ACRES ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag acres-cp-farmers-results-based payments-information-leaflet.pdf (assets.gov.ie)