An tAire Heydon i mbun gníomhaíochta chun Éire a chosaint ar bhagairtí galar ó ainmhithe coimhthíocha
- Foilsithe: 27 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Bealtaine 2025
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, an rialtas ar an eolas inniu faoi na bearta atá á ndéanamh aige chun beostoc na hÉireann a chosaint ar an mbagairt maidir le ráig de ghalar ó ainmhithe coimhthíocha.
“Is mó an baol d’Éirinn ó ghalair ainmhithe coimhthíocha anois ná mar a bhí riamh roimhe seo i stair na linne seo. San am a caitheadh, bhí bagairtí ó ghalair aonair romhainn uaireanta, ach inniu tá ár mbeostoc faoi bhagairt ó roinnt galar an-tromchúiseach i gcóngar dúinn. “Táim ag díriú ar gach ar ár ndícheall a dhéanamh chun ár n-ainmhithe a chosaint, chun an earnáil agraibhia a chosaint, agus chun déileáil le haon ráig go héifeachtach,”
a dúirt an tAire Heydon
Leag an tAire amach don Rialtas na galair ainmhithe éagsúla ar ábhar mór imní iad , agus na bearta atá á gcur i bhfeidhm aige mar fhreagairt orthu.
Thagair an tAire Heydon do na ráigeanna le déanaí den Ghalar Crúibe agus Béil (GCB) san Eoraip.
“Bheadh ráig de GCB in Éirinn ina bhuille tubaisteach. Is galar laethúil é an galar seo i mórán tíortha i mbéal forbartha san Afraic agus san Áise, agus in 2025 tá trí thír san Aontas Eorpach buailte le ráigeanna, don chéad uair le blianta fada. Bhí ráig amháin sa Ghearmáin i mí Eanáir, agus ina dhiaidh sin bhí ráigeanna iolracha san Ungáir agus sa tSlóvaic i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin. Buíochas le Dia, is cosúil go bhfuil na ráigeanna seo thart anois, a bhuíochas leis na gníomhartha éifeachtacha a glacadh chun scaipeadh an ghalair sna tíortha sin a chosc. Is léir go bhfuil Éire fós i mbaol, agus sin an fáth ar chuir mé ina luí ar pháirtithe leasmhara agus ar aon duine atá ag filleadh ó limistéir ionfhabhtaithe dianchleachtas maidir le bithshlándáil a bheith acu agus ionfhabhtú a choinneáil amach,”
a dúirt sé.
Agus é ag iarraidh ar an bpobal smaoineamh ar bhithshlándáil agus na céimeanna is gá do dhaoine a ghlacadh, dúirt an tAire:
“Agus muid ag druidim le séasúr saoire an tsamhraidh, ba mhaith liom teachtaireacht shoiléir a sheoladh: má bhí tú ag taisteal thar lear i limistéar atá buailte ag an ngalar crúbaigh agus béil (lena n-áirítear an chuid is mó den Afraic, den Áise agus den Mheánoirthear), seachain teagmháil le heallach, caoirigh, gabhair agus muca ar feadh 14 lá tar éis duit filleadh ar Éirinn. Ciallaíonn sé sin gan chuairt a thabhairt ar fheirmeacha, feirmeacha oscailte nó feirmeacha agrathurasóireachta san áireamh. Má thagann tú i dteagmháil le hainmhithe feirme agus tú thar lear, nigh do chuid éadaí agus díghalraigh do bhróga sula bhfillfidh tú, nó díreach tar éis duit filleadh. Ná tabhair dramhbhia do mhuca ná d’aon ainmhithe, mar is féidir leis sin a bheith ina fhoinse do roinnt galair ainmhithe.”
“Tá an galar gormtheanga tar éis scaipeadh ar fud na hEorpa ó bhí 2023 ann, agus tá cósta thiar thuaidh Shasana bainte amach aige”, a dúirt sé. "Scaiptear galar seo an eallaigh agus na gcaorach trí chuileoga prioctha." Is mó an baol anois mar gheall ar an athrú aeráide, toisc nach dtarchuireann na cuileoga an víris ach amháin i míonna níos teo. Tá mo Roinn ag déanamh faireachais chun aon ionradh a bhrath a luaithe is féidir, agus ag obair le Met Éireann chun a fheiceáil cén áit a bhféadfadh an ghaoth cuileoga ionfhabhtaithe ón mBreatain Mhór nó ón bhFrainc a shéideadh anall go hÉirinn. Go luath beidh an tráth is mó riosca den bhliain buailte linn, agus tá mo Roinnse i mbun caidrimh le geallsealbhóirí agus le hoifigigh an Aire Muir i dTuaisceart Éireann chun feasacht a spreagadh agus chun ullmhú d’aon chásanna.”
Labhair an tAire faoin riosca maidir leis an víreas gormtheanga ó ainmhithe d'allmhairiú.
"Tá cosc ar allmhairiú ainmhithe atá so-ghabhálach i leith an víris gormtheanga ó n mBreatain Mhór ó bhí mí na Samhna 2023 ann." Cé gur féidir le hainmhithe teacht isteach in Éirinn ó chriosanna saor ón víreas gormtheanga i dtíortha eile de chuid an AE faoi choinníollacha deimhniúcháin dochta áirithe, níor tharla aon ghluaiseachtaí den sórt sin ó bhí mí Iúil 2024 ann. Le blianta fada, rinne mo Roinn seiceáil agus tástáil fola ar aon eallach, caoirigh nó ainmhithe so-ghabhálacha eile díreach tar éis dóibh teacht ó thíortha eile de chuid AE, agus tá an polasaí seo i bhfeidhm fós, rud a chosnaíonn i gcoinne an riosca go dtiocfaidh ainmhí atá ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga isteach.”
Agus é ag caint ar bhagairt an fhliú éanúil, dúirt an tAire:
“Le cúpla mí anuas, bhí bagairt an-tromchúiseach orainn go mbeadh ráig den fhliú éanúil inár n-éanlaith chlóis. Bhraith mo Roinn an víreas H5N1 i roinnt éan fiáin ar fud na tíre, agus ar an drochuair bhí trí ráig i bhfeirmeacha éanlaithe clóis i dTuaisceart Éireann i mí Feabhra. Is í an dhian-bhithshlándáil an bealach is éifeachtaí chun tréad a chosaint, agus tá moladh ar leith ag dul do ghníomhartha feirmeoirí éanlaithe clóis agus an tionscail éanlaithe clóis ina leith seo. Táimid tagtha slán anois as an tréimhse geimhridh ina bhfuil riosca níos airde maidir leis an ngalar seo, ach tá coinne leis go mbeidh leibhéal riosca leanúnach go fiú i míonna an tsamhraidh. Is galar é seo nach bhfuil ina bhagairt d'éanlaithe clóis amháin; cruthaíonn sé riosca an-tromchúiseach do shláinte an duine freisin.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Leis na gníomhartha atá déanta agam ní féidir na rioscaí seo a dhíchur ná a ráthú go n-éalóimid ó ráig; is fíor- rioscaí iad agus níl deireadh ag teacht leo” Ach trí chur in iúl conas ár mbeostoc a chosaint, trí fheasacht a spreagadh, trí fhaireachas luathrabhaidh spriocdhírithe a dhéanamh, agus trí oibriú ar fud an Rialtais agus le comhpháirtithe go hidirnáisiúnta, tá muinín againn go bhfuilimid ullamh agus réidh mar gheall ar na bearta sin.”