English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Heydon le cuairt a thabhairt ar chuideachtaí Éireannacha atá ag feidhmiú sa Mheániarthar ar an gcéim dheiridh dá mhisean sna Stáit Aontaithe

Leanfaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, ar aghaidh lena chuairt ar na Stáit Aontaithe inniu, i gcomhar le Bord Bia agus Fiontraíocht Éireann, leis an gcéim dheiridh den chuairt in Chicago.

Buailfidh sé le roinnt cuideachtaí Éireannacha atá ag feidhmiú i réigiún an Mheániarthair. Is í Éire an séú foinse is mó d’infheistíocht dhíreach choigríche isteach sna Stáit Aontaithe, agus cuireann cuideachtaí bia agus talmhaíochta go mór leis an 200,000 duine atá fostaithe ag 770 cuideachta Éireannach ar fud na 50 Stát go léir.

Níos luaithe sa tseachtain, thionóil an tAire sraith cruinnithe le hionadaithe sinsearacha polaitiúla ó na Stáit Aontaithe, lena n-áirítear Brooke Rollins, Rúnaí Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe, inar díríodh ar dhul i dteagmháil le Rialtas nua na Stát Aontaithe chun tábhacht an chaidrimh agraibhia dhéthaobhaigh idir Éire agus na Stáit Aontaithe a chur chun cinn.

Ina dhiaidh sin, tionóladh cruinnithe in Kentucky le príomhpháirtithe leasmhara agus cuideachtaí sna Stáit Aontaithe atá ag feidhmiú sa tionscal eachaí, i dtionscal na ndeochanna biotáilleacha, sa tionscal beatha ainmhithe agus i dtionscal na teicneolaíochta talmhaíochta chun plé a dhéanamh ar an gcaidreamh trádála idir Éire agus na Stáit Aontaithe, caidreamh a théann chun tairbhe an dá thaobh. In 2024, onnmhairíodh os cionn €1.9 billiún de tháirgí agraibhia Éireannacha chuig na Stáit Aontaithe, rud a fhágann gur príomh-mhargadh easpórtála iad d’onnmhairí agraibhia.

Ag labhairt dó roimh choinní an lae inniu, dúirt an tAire Heydon:

“Thug an chuairt seo deis thráthúil dom aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach trádála idir ár dtíortha. Tharraing mé aird freisin ar chur chuige cuimsitheach na hÉireann i leith forbairt agraibhia mar fhoinse táirgí agraibhia atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe. Cé gurb iad na Stáit Aontaithe an dara margadh onnmhairithe is mó le haghaidh táirgí agraibhia na hÉireann, tá cuideachtaí Éireannacha ag infheistiú sna Stáit Aontaithe freisin, ag cruthú fostaíochta do na mílte duine agus, chomh tábhachtach céanna, ag ceannach táirgí ó fheirmeoirí Mheiriceá.

“Inné, bhí an deis agam an tionchar dearfach reatha a imríonn an caidreamh déthaobhach seo ar an tionscal eachaí, ar thionscal na ndeochanna biotáilleacha, ar an tionscal beatha ainmhithe agus ar thionscal na teicneolaíochta talmhaíochta a fheiceáil in Kentucky. Táim ag tnúth le bualadh le cuideachtaí Éireannacha inniu atá lonnaithe i réigiún an Mheániarthair chun leanúint den chomhrá seo agus chun léargas pearsanta a fháil ar na buntáistí a bhaineann leis an gcaidreamh trádála seo.”

Agus é ag labhairt dó inniu freisin, dúirt POF Bhord Bia Jim O’Toole:

“Thug an chuairt trádála seo deis thráthúil dúinn teagmháil dhíreach a dhéanamh lenár bpríomhchustaiméirí sna Stáit Aontaithe agus lena soláthraithe Éireannacha. Trí thuiscint a shaothrú ar na saindúshláin chasta a bhaineann leis na taraifí, is féidir linn a chinntiú go ndéanfar tacaíocht straitéiseach Bhord Bia a shaincheapadh chun freastal ar riachtanais gach cliaint agus gach custaiméara, seachas cur chuige amháin a ghlacadh.

“Is margadh onnmhairithe den scoth iad na Stáit Aontaithe d’onnmhaireoirí bia agus dí na hÉireann agus beidh siad fós ina margadh tosaíochta dár dtionscal. De réir mar a leanaimid orainn ag comhoibriú go dlúth lenár gcliantchuideachtaí atá buailte, leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus le príomhpháirtithe leasmhara chun aghaidh a thabhairt ar an staid athraitheach seo, is é an phríomhchuspóir atá againn a chinntiú go mbeidh rath leanúnach ar chuideachtaí na hÉireann le linn dálaí athraitheacha margaidh."

Inniu, buailfidh an tAire Heydon le hinfheisteoirí féideartha ó na Stáit Aontaithe in Éirinn agus le comhaltaí den Bhord Comhairleach Bia atá nuabhunaithe ag Fiontraíocht Éireann. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh straitéiseach seo Infheistíocht Dhíreach Choigríche a chur chun cinn in earnáil bia na hÉireann. Tiocfaidh deireadh leis an misean trádála amárach.