Ceapann an tAire Stáit Healy-Rae beirt Stiúrthóirí nua ar Bhord Coillte
- Foilsithe: 11 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Meitheamh 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit um Fhoraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae TD, go bhfuil Michael Patten agus Declan Meehan ceaptha ina Stiúrthóirí Neamhfheidhmiúcháin ar Bhord Coillte.
Ag cur fáiltiú roimh na na ceapacháin nua, dúirt an tAire Healy-Rae:
“Tá áthas orm Michael Patten agus Declan Meehan a cheapadh ar Bhord Coillte. Tugann siad saibhreas taithí agus scileanna don bhord. Mar gheall ar a gceapacháin, tá ballraíocht iomlán an bhoird ar ais, ina bhfuil ceathrar ban agus cúigear fear, agus ar an gcaoi sin comhlíonann siad an sprioc maidir le cothromaíocht inscne de 40% do bhoird stáit.”
Ceapadh an tUasal Patten agus an tUasal Meehan araon ar feadh tréimhse 5 bliana le héifeacht ón 6 Meitheamh 2025. Rinneadh ceapachán an Uasail Patten tar éis próiseas iomaíoch a rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (publicjobs) i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Ceapacháin ar Bhoird Stáit. D'ainmnigh SIPTU an tUasal Meehan don phost mar Stiúrthóir Ionadaíoch Oibrithe ar Bhord Coillte, agus rinne cathaoirleach Bhord Coillte moladh maidir leis an Uasal Meehan a cheapadh.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Healy-Rae:
“Mar chuideachta foraoiseachta an stáit, tá ról lárnach ag Coillte i dtáirgeadh tráchtála déanta as adhmad dúchasach na hÉireann. Is táirge nádúrtha agus in-athnuaite é an t-adhmad agus tá ról aige maidir le carbón a stóráil agus carbón a bhaint den atmaisféar, rud a chuireann go díreach lenár spriocanna uaillmhianacha maidir le gníomhú ar son na haeráide. Mar fhocal scoir dúirt an tAire Healy-Rae: “Mar chuideachta foraoiseachta an stáit, tá ról lárnach ag Coillte i dtáirgeadh tráchtála adhmaid a fhástar sa bhaile in Éirinn. Guím gach rath ar na ceapacháin nua agus ar an mbord ar fad ina chuid iarrachtaí.”
CRÍOCH
Nótaí d’eagarthóirí
Michael Patten
Ba é Michael Patten an Príomhoifigeach Daoine agus Gnóthaí Corparáideacha agus an Príomhoifigeach Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais agus Gnóthaí Corparáideacha le Glanbia plc ó 2014-2021 agus 2021-2023. Bhí sé ina Stiúrthóir Caidrimh Chorparáidigh Grúpa agus ina Stiúrthóir Gnóthaí Poiblí Domhanda le Diageo plc ó 2004-2014. Roimhe sin bhí sé ina Stiúrthóir Gnóthaí Corparáideacha Grúpa le Glanbia ó 1995-2003.
Tá sé ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin faoi láthair ar an Institiúid um Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha (ó 2024 i leith) agus ar Institiúid Bainistíochta na hÉireann (ó 2021). Ceapadh é ina Chomhalta Boird den Gharda Síochána i mí Dheireadh Fómhair 2024.
Declan Meehan
Thosaigh Declan Meehan ag obair le Coillte in Aibreán 1986 mar oibrí Foraoise agus le tacaíocht ó Coillte, chríochnaigh sé an tArd-Dioplóma Náisiúnta i bhForaoiseacht ó Ollscoil Lancashire le linn na tréimhse 2005-2008. Rinne an tUasal Meehan dul chun cinn chun bheith ina Thacaíocht Oibríochtaí i gceann d’aonaid limistéar gnó Coillte agus leanann sé de bheith ag obair sa ról sin, áit a gcuireann sé ról tábhachtach maoirseachta ar fáil, i measc dualgais eile.