English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann na hAirí Heydon agus Healy-Rae an Scéim leathnaithe um Luathú ar Liúntais Chaithimh agus Chuimilte do Threalamh Sábháilteachta Feirme

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Sábháilteacht Feirme, Michael Healy-Rae TD, an Scéim leathnaithe um Luathú ar Liúntais Chaithimh agus Chuimilte do Threalamh Sábháilteachta Feirme inniu.

Dúirt an tAire Heydon:

“Tugann Clár an Rialtas tosaíocht d’fheabhsuithe ar shábháilteacht feirme, ar shláinte agus ar fholláine trí thacaíochtaí neartaithe. Mholfainn do gach feirmeoir machnamh a dhéanamh ar an deis seo chun infheistíocht a dhéanamh i saoráidí agus i dtrealamh a dhéanfaidh a bhfeirmeacha níos sábháilte agus níos éifeachtaí.”

Agus é ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le tacaíocht leanúnach d’fheirmeoirí chun infheistíocht a dhéanamh ina sábháilteacht, sláinte agus folláine, dúirt an tAire Healy-Rae:

“Cuirfidh leathnú an liosta trealaimh incháilithe le haghaidh liúntais chaipitil luathaithe spreagadh breise ar fáil d’fheirmeoirí chun infheistíocht a dhéanamh i saoráidí agus i dtrealamh, rud a sholáthróidh dálaí oibre níos fearr agus a chinnteoidh gur féidir obair a dhéanamh agus an riosca gortaithe nó báis á íoslaghdú. Is ábhar imní é líon na ngortuithe marfacha agus neamh-mharfacha a bhaineann le beostoc agus sonraítear leis sin an gá atá ann go ndéanfadh feirmeoirí measúnú ar na rioscaí agus iad ag obair le beostoc agus go gcinnteoidís go bhfuil a saoráidí ar chaighdeán leordhóthanach chun beostoc a láimhseáil agus plé leo go sábháilte.”

D’fhógair an tAire Airgeadais ar dtús leathnú na scéime mar chuid de Bhuiséad 2025 leis an liosta méadaithe trealaimh a bhfuil reachtaíocht déanta ina leith san Acht Airgeadais, 2024. Dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, inniu:

“An scéim seo de liúntais chaipitil luathaithe do threalamh sábháilteachta feirme agus an liosta a leathnaíodh le déanaí de threalamh incháilithe, léiríonn siad tiomantas an Rialtais seo do shábháilteacht feirme. Is é is aidhm don scéim dreasachtaí a thabhairt chun trealamh sábháilteachta feirme a cheannach, agus trealamh a d’fhéadfadh a bheith faoi bhun an chaighdeáin a athsholáthar. Tá an beart deartha freisin chun cabhrú le feirmeoirí faoi mhíchumas leanúint den obair, agus tá trealamh oiriúnaitheach áirithe incháilithe don scéim freisin. Cabhróidh an scéim seo le feirmeoirí promhadh sábháilteachta a dhéanamh ar a gcuid feirmeacha agus molaim do gach feirmeoir leas a bhaint as an scéim seo.”

Soláthraítear liúntais chaipitil luathaithe leis an scéim leathnaithe do raon níos leithne de threalamh sábháilteachta feirme. Tá aonaid feistithe láimhseála caorach, gabhlaigh agus cosáin eallaigh, geataí breithe laonna, tuilsoilse, monatóirí beostoic agus doirse sleamhnáin nó rollála incháilithe do liúntais chaipitil luathaithe anois. Tógann an scéim um liúntais chaipitil luathaithe ar an gcúnamh deontais 60% atá ar fáil faoi TAMS3 le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le sábháilteacht. Dhéanfaí aon deontais a gheofar do threalamh cáilitheach a asbhaint ón gcaiteachas cáilitheach sa chaoi nach mbeidh ach an glanchostas ar an bhfeirmeoir incháilithe don scéim um liúntais chaipitil luathaithe. Tá éileamh mór ar infheistíochtaí sábháilteachta feirme faoi TAMS i measc feirmeoirí agus is ionann an Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme agus 30% d’iarratais TAMS3 ar fad.

Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus na Coimisinéirí Ioncaim a riarann an próiseas deimhniúcháin don scéim um liúntais chaipitil luathaithe do threalamh sábháilteachta feirme. Tá buiséad bliantúil €5 mhilliún in aghaidh na bliana, gan CBL san áireamh, leithdháilte don bheart do 2025 agus 2026.

Sa chás ina bhfuil deimhniú cáilitheach faighte ag feirmeoirí, is féidir leo leas a bhaint as liúntais chaipitil de 50% in aghaidh na bliana, atá le héileamh thar thréimhse luathaithe dhá bhliain ar na hinfheistíochtaí sin, i gcomparáid leis an tréimhse chaighdeánach ocht mbliana do ghléasra agus innealra. Tá an scéim ar fáil d’fheirmeoirí a oibríonn mar thrádálaí aonair, mar chuideachta nó i gcomhpháirtíocht. Is féidir an liúntas a éileamh don tréimhse inmhuirir ina n-úsáidtear an trealamh den chéad uair don trádáil feirmeoireachta. Féadfar an liúntas a éileamh ar thuairisceán cánach an fheirmeora.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar na Liúntais Chaipitil Luathaithe do Chaitheamh agus Cuimilt Trealaimh Sábháilteachta Feirme, féach ar https://www.gov.ie/ga/an-roinn-talmha%C3%ADochta-bia-agus-mara/foilseachain/farm-safety/ agus https://www.revenue.ie/en/tax-professionals/tdm/income-tax-capital-gains-tax-corporation-tax/part-09/09-02-07.pdf nó seol ríomhphost chuig acafarmsafetyequipment@agriculture.gov.ie.


Nótaí d’Eagarthóirí

Tá na Téarmaí agus Coinníollacha agus an Fhoirm Iarratais maidir le Luathú ar na Liúntais Chaithimh agus Chuimilte don Scéim Trealaimh Sábháilteachta Feirme ar fáil ag https://www.gov.ie/ga/an-roinn-talmha%C3%ADochta-bia-agus-mara/foilseachain/farm-safety/. Tá buiséad €5 mhilliún in aghaidh na bliana leithdháilte don Scéim.

Sa chás mar a bhainfidh sé le haonaid feistithe láimhseála caorach, gabhlaigh eallaigh feistithe, geataí breithe laonna, tuilsoilse faoi choinne clóis feirme, monatóirí beostoic agus doirse sleamhnáin nó doirse rollóra le haghaidh foirgnimh thalmhaíochta, níl an liúntas luathaithe caithimh agus cuimilte seo ar fáil ach amháin i leith infheistíochtaí arna ndéanamh idir an 1 Eanáir 2025 agus an 31 Nollaig 2026.

I gcás na n-infheistíochtaí eile go léir a liostaítear thíos, tá an liúntas luathaithe caithimh agus cuimilt seo ar fáil i ndáil le hinfheistíochtaí a rinneadh idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2026.

Tá sonraí an trealaimh incháilithe leagtha amach sa tábla thíos.

Cineál trealaimh Cur síos
Córais seacála tarracóra feisithe ar airm nascála hiodrálacha Córas seacaithe tarracóra talmhaíochta a úsáideann na géaga nascála íochtair ar an gcúl nó ar an tosach chun tarracóir talmhaíochta a ardú ionas gur féidir roth amháin nó níos mó a athsholáthar ar an tarracóir talmhaíochta. Beidh comhartha CE ar an gcóras seacála i gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir maidir le hinnealra agus beidh sé i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin
Ardaitheoir mála mhóir (arb ionann iad agus 500kg nó níos mó ná sin), le nó gan córas gearrtha málaí comhtháite Córas ardaithe do mhálaí leasacháin nó síolta de mhais 500kg nó níos mó. Beidh an córas suite ar nascáil trí phointe tarracóra talmhaíochta, lódaire tosaigh tarracóra talmhaíochta nó feistithe ar leatóir leasacháin nó síoladóir. Beidh an t-ardaitheoir in ann an mála a choinneáil go daingean agus an mála a ardú thar leatóir leasacháin nó síoladóir. D'fhéadfadh sé go mbeadh córas comhtháite ag an gcóras chun an mála a oscailt go huathoibríoch. Beidh comhartha CE ar an gcóras ardaithe i gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir maidir le hinnealra agus beidh sé i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin
Caibinéid stórála ceimiceán Caibinéad stórála atá feistithe le feiste glasála agus bunda inmheánach comhtháite chun lotnaidicídí agus ceimiceáin eile a stóráil. Féadfaidh an caibinéad a bheith déanta as miotal nó plaisteach crua, nó meascán den dá cheann. Déanfar an caibinéad a aeráil go cuí chun carnadh múiche a chosc
Geata frithchúlaithe ainmhithe lena úsáid i ngabhlach nó i gcosán eallaigh Gléas atá le feistiú ar thaobh gabhlaigh eallaigh nó cosáin eallaigh chun cosc a chur ar ainmhí cúlú feadh an ghabhlaigh eallaigh nó an chosáin eallaigh. Cuirfidh an fheiste ar chumas ainmhí dul suas feadh an ghabhlaigh eallaigh nó an chosáin eallaigh agus bogfar í go huathoibríoch nó de láimh nuair a bheidh ainmhí imithe thart
Meicníocht nascóra sciobtha le haghaidh nascáil trí phointe cúil agus tosaigh le gur féidir uirlisí a cheangal gan gá le himeacht ón tarracóir Córas aonpháirte nó dhá pháirt lena bhféadfar uirlisí a cheangal go nascáil tarracóra talmhaíochta trí phointe gan gá le himeacht ón tarracóir talmhaíochta. Beidh an córas nasctha le nascáil hiodrálach trí phointe an tarracóra talmhaíochta agus cuirfidh sé ar chumas an tarracóra talmhaíochta nascadh le huirlisí. Beidh comhartha CE ar an gcóras i gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir maidir le hinnealra agus beidh sé i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin
Ardaitheoir rochtana nó rampa comhtháite chuig an bhfeithicil feirme, lena n-áirítear bealach isteach modhnaithe nuair is gá Rampa nó ardaitheoir comhtháite a sholáthar chun rochtain duine faoi mhíchumas ar fheithicil feirme a éascú. Féadfaidh an córas bealach isteach modhnaithe taoibh nó cúil a ionchorprú chun rochtain a chumasú. Beidh comhartha CE ar an gcóras ardaitheora i gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir maidir le hinnealra agus beidh sé i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin
Srianta cathaoireacha rothaí Srianta cathaoireacha rothaí a sholáthar laistigh d'fheithicil feirme. 
Stáisiún nasctha do chathaoireacha rothaí Stáisiún nasctha do chathaoireacha rothaí laistigh d'fheithicil feirme a sholáthar.
Rialuithe modhnaithe chun oibriú láimhe iomlán feithicle feirme a chumasú

Athchumrú forleathan ar na príomhrialuithe is gá le chun go bhféadfaidh duine faoi mhíchumas feithicil feirme a thiomáint agus a oibriú

 

Suíocháin mhodhnaithe chun feithicil feirme a oibriú

Suíochán atá modhnaithe go forleathan a sholáthar chun go bhféadfaidh duine faoi mhíchumas feithicil feirme a oibriú

Céimeanna breise curtha leis an bhfeithicil nó innealra feirme chun rochtain níos éasca a sholáthar

Céimeanna breise curtha leis an bhfeithicil feirme nó leis an innealra feirme chun rochtain níos éasca a sholáthar. Beidh comhartha CE ar na céimeanna breise i gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir maidir le hinnealra agus beidh sé i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin

Rialuithe modhnaithe ar fheithiclí feirme nó ar innealra chun rialú de láimh nó de chois a chumasú

Athchumrú fairsing ar na rialuithe is gá le duine faoi mhíchumas a chumasú le feithicil feirme nó innealra feirme a oibriú

Airm nascála hiodrálacha trí phointe atá suite go híochtarach

Córas hiodrálach a sholáthar chun suíomh na n-arm nascála trí phointe íochtair d'fheithicil feirme a rialú

Aonad láimhseála caorach feistithe

Aonad láimhseála caorach feistithe chun caoirigh a choinneáil lena gcóireáil, tógtha de réir sonraíochtaí struchtúir na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara S100, S129, S136 agus S136A arna bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin arna choinneáil ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara nó thar a cheann nó ag an Rialtas. Caithfidh dhá loca ar a laghad a bheith san aonad feistithe agus cosán le geataí ag gach ceann díobh. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis freisin folcadán cos feistithe, cliathbhosca rollta feistithe, scálaí meáite feistithe agus umar tumtha

Gabhlach eallaigh nó cosán eallaigh feistithe

Gabhlach eallaigh nó cosán eallaigh feistithe, lena n-áirítear geata ceanra agus geata cúil chun ainmhithe a choinneáil le haghaidh cóireála, tógtha ar choincréit nua nó atá ann cheana agus tógtha de réir sonraíochtaí struchtúir na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara S100, S129 agus S137 arna bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin arna choinneáil ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara nó thar a cheann nó ag an Rialtas. D’fhéadfadh an cosán a bheith déthaobhach nó, má thógtar é taobh le balla atá ann cheana féin, d’fhéadfadh sé a bheith aontaobhach

Geata breithe laonna

Geata breithe laonna, a úsáidtear chun bó a shrianadh le linn breithe nó ina diaidh chun cóireáil shábháilte a chur ar an mbó nó ar an lao, nó ar an dá cheann, tógtha agus feistithe de réir sonraíocht struchtúir na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara S138 arna foilsiú ar shuíomh gréasáin arna choinneáil ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara nó thar a cheann nó ag an Rialtas

Tuilsoilse le haghaidh clóis feirme

Tuilsoilse i gclós feirme chun timpeallacht oibre shábháilte a sholáthar nuair a bhíonn an solas íseal nó nuair a bhíonn sé dorcha, suiteáilte agus deimhnithe a bheith i gcomhréir leis na Rialacha Náisiúnta um Shuiteálacha Leictreacha (I.S. 10101) arna bhfoilsiú ag an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann. Tuilsoilse hailíde miotail nó LED a bheidh sna tuilsoilse agus beidh aschur lucsa acu arb ionann é agus solas halaigine 200W nó níos mó ná é

Monatóirí beostoic

Ceamara feistithe monatóireachta beostoic a nascann go cianda le fón cliste nó le ríomhaire chun cianmhonatóireacht a chumasú ar bheostoc atá ag breith agus a fheistítear de réir sonraíocht struchtúir na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara S147 arna foilsiú ar shuíomh gréasáin arna choinneáil ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara nó thar a cheann nó ag an Rialtas.

Doras sleamhnáin nó doras rollóra le haghaidh foirgnimh thalmhaíochta

Doras sleamhnáin nó doras rollóra nua ar fhoirgneamh talmhaíochta chun rochtain shábháilte a sholáthar, tógtha agus feistithe de réir sonraíochtaí struchtúir na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara S101 agus S102 arna bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin arna choinneáil ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara nó thar a cheann nó ag an Rialtas