Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Heydon, O’Brien, agus Grealish ciste €10 milliún do thionscadail faoin Tionscnamh Taispeána Bithgheilleagair

  • €10 milliún le haghaidh ‘Tionscnamh Taispeána Bithgheilleagair 2025’ faoi Chiste an Aontais um Aistriú Cóir
  • Tacóidh sé seo le forbairt dhá thionscadal phíolótacha agus taispeántais bithgheilleagair i 'Tailte' Lár Tíre, lena n-áirítear contaetha Laoise, Longfoirt, Uíbh Fhailí, na hIarmhí, Ros Comáin, agus Ceantair Bhardasacha Bhéal Átha na Sluaighe (Co. na Gaillimhe), Bhaile Átha Í agus Claonadh–Maigh Nuad (Co. Chill Dara), agus Charraig na Siúire agus Dhurlas (Co. Thiobraid Árann).

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O’Brien TD, agus an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Noel Grealish TD, oscailt an dara glao ar thograí le haghaidh treoirthionscadail bhithgheilleagair agus tionscadail taispeántais faoi Chiste an Aontais um Aistriú Cóir.

Baineann an bithgheilleagar le bithmhais in-athnuaite agus inbhuanaithe ón talmhaíocht agus ón bhforaoiseacht a úsáid chun táirgí malartacha a tháirgeadh lena laghdaítear an spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht acmhainní. Tá an ‘Tionscnamh Taispeána Bithgheilleagair’ ceaptha chun an ‘bithgheilleagar i mbun gníomhaíochta’ a phíolótú agus a léiriú laistigh de na críocha ainmnithe faoin gciste. Tá an scéim á cómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach trí Chiste an Aontais um Aistriú Cóir.

Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire Heydon:

“Tá ríméad orm a fhógairt gur osclaíodh an Glao €10 milliún seo ar Thograí le haghaidh Tionscnaimh Taispeána Bithgheilleagair. Is é is fócas don tionscnamh seo dlús a chur le tráchtálú na nuálaíochta bithbhunaithe agus na réiteach bithbhunaithe, amhail táirgí bithghualach a fhorbairt chun a n-úsáid sa talmhaíocht agus sa tionsclaíocht a chur chun cinn, le haghaidh comhábhair nuálacha bhithbhunaithe bhia agus bheatha, le haghaidh ábhair bhithbhunaithe don earnáil tógála agus le haghaidh slabhraí luacha bithbhunaithe chun barra inbhuanaithe a luachshocrú. Féachann an ciste le gníomhaíochtaí taisealbhaidh ceannródaíocha a mhéadú, a rachaidh chun tairbhe go háirithe don phobal feirmeoireachta agus do thionscail agraibhia trí éagsúlú sruthanna luacha a chumasú, trí luach a chur le hiarmhair feirme, trí ról na dtáirgeoirí príomhúla sa slabhra luacha a neartú, agus trí phoist nua a ghiniúint i gceantair thuaithe.”

Dúirt an tAire don Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O’Brien TD:

“Tugann infheistíocht sa bhithgheilleagar deis luachmhar d’Éirinn a hacmhainní nádúrtha a ghiaráil chun aistriú cóir chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a chur ar fáil. Is é is aidhm don tionscnamh seo cumhacht a thabhairt do Lár na Tíre a bheith ina cheannaire i bhforbairt bhithgheilleagar na hÉireann, agus fás eacnamaíoch á chur chun cinn ag an am céanna agus astaíochtaí carbóin agus cailliúint na bithéagsúlachta á laghdú ag an am céanna. Táim ag súil go léireoidh na tionscadail arna gcistiú ag an Tionscnamh Taispeána Bithgheilleagair éagsúlacht agus scála na ndeiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann san earnáil seo atá ag fás go tapa’.

Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air maidir le Taighde agus Forbairt, Noel Grealish:

“Tógfaidh an maoiniú seo do thionscnaimh taispeána bithgheilleagair ar thaighde agus nuálaíocht de níos mó ná €40 milliún sa bhithgheilleagar a mhaoinigh mo Roinn roimhe seo. Agus na codanna sin i bhfeidhm anois, tá sé ríthábhachtach go n-aistrímid na nuálaíochtaí bithgheilleagair sin ón tsaotharlann taighde go dtí an leibhéal taispeána méadaithe. Cuideoidh sé sin leis an gcóras agraibhia a bheith níos ciorclaí, níos inbhuanaithe agus níos athléimní.”

Seo mar a labhair Stiúrthóir Cúnta Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre, Údarás Bainistíochta Chiste an Aontais um Aistriú Cóir, Clare Bannon:

“Is é tosaíocht uileghabhálach an chiste an geilleagar áitiúil a éagsúlú, rud a chiallaíonn seiftiúlacht Lár na Tíre a chur in úsáid, sa chás seo trí nuálaíocht chomhshaoil. D’fhéadfadh an Bithgheilleagar sruthanna nua ioncaim ardluacha a chruthú trí úsáid a bhaint as ábhair inbhuanaithe a fhaightear ón gcomhshaol nádúrtha. Is céim thábhachtach é sin i dtreo todhchaí inbhuanaithe a dhéanamh inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de’.

Ní móriarratais a chur isteach ar líne tríd an Tairseach Aighneachta Iarratais - An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le dáta deiridh 08.08.2025 ag 12pm.


Nótaí don Eagarthóir

Tá téarmaí agus coinníollacha iomlána na scéime ar fáil ag:Tionscnamh Taispeána Bithgheilleagair 2025 Chiste an Aontais um Aistriú Cóir (Glao 2) (www.gov.ie)

Maidir le Ciste AE AistriúCóir, Éire:

  • Tacóidh an ciste €169 milliún leis na pobail is mó atá thíos leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise agus le deireadh a chur le heastóscadh móna tráchtála.
  • Gheobhaidh Éire suas le €84.5 milliún ó Chiste an Aontais um Aistriú Cóir thar an tréimhse go dtí 2027. Le maoiniú meaitseála Rialtas na hÉireann trí úsáid a bhaiant as acmhainní an Státchiste, beidh suas le €169 milliún ar fáil.
  • Áirítear leis na 'Críocha Ainmnithe' seo contaetha Laoise, Longfoirt, Uíbh Fhailí, na hIarmhí, Ros Comáin, agus Ceantair Bhardasacha Bhéal Átha na Sluaighe (Co. na Gaillimhe), Bhaile Átha Í agus Claonadh–Maigh Nuad (Co. Chill Dara), agus Charraig na Siúire agus Dhurlas (Co. Thiobraid Árann).
  • Féadfaidh scéim an Tionscnaimh Taispeána Bithgheilleagair tacú le forbairt ‘Ceantar Bithgheilleagair’ agus ‘Saotharlanna Maireachtála’ chun tacú le forbairt shlabhra luacha an bhithgheilleagair chiorclaigh laistigh den Réigiún.
  • Maoinítear an scéim ó leithdháileadh €20 milliún ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ó Chiste an AE um Aistriú Cóir. Rinneadh glao tosaigh ar thograí in 2023 agus is é seo an dara glao ar thograí.
  • Rinneadh dhá thionscadal a mhaoiniú ón gcéad ghlao ar thograí.
  • Baineann Scéim an Tionscnaimh Taispeána Bithgheilleagair le Gníomhaíocht JM/23/4 ‘Deiseanna a fhorbairt chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an bhithgheilleagair i Réigiún Lár na Tíre’ i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 a seoladh i mí na Nollag 2022.

Maidir leis an mBithgheilleagar

  • Is éard atá sa bhithgheilleagar acmhainní bitheolaíocha a tháirgeadh, a úsáid, a chaomhnú agus a athghiniúint, lena n-áirítear eolas, eolaíocht, teicneolaíocht agus nuálaíocht ghaolmhar, chun réitigh inbhuanaithe (faisnéis, táirgí, próisis agus seirbhísí) a sholáthar laistigh de na hearnálacha eacnamaíocha uile agus ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha uile agus chun claochlú chuig geilleagar inbhuanaithe a chumasú.Faigh tuilleadh eolais faoi bheartas bithgheilleagair na hÉireann ar shuíomh gréasáin na Roinne nó féach ar an tsraith físeán ‘Bioeconomy in Action’.