Molann an tAire McConalogue cion na bhfeirmeoirí ar son na timpeallachta agus na bithéagsúlachta
- Foilsithe: 27 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Mhol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, feirmeoirí ar fud na hÉireann as a gcuid iarrachtaí chun dobharlaigh a chosaint agus cáilíocht an uisce a fheabhsú, feabhas a chur ar ghnáthóga agus astaíochtaí talmhaíochta a laghdú.
Agus aitheantas á thabhairt don obair atá á déanamh ag feirmeoirí, dúirt an tAire McConalogue:
“Beidh buntáistí móra dúinne uile ag baint leis an obair atá á déanamh ag feirmeoirí mar chuid den Scéim Timpeallachta Tuaithe Talmhaíochta agus Aeráide (ACRES). Chomh maith le gníomhaíochtaí a dhéanamh chun cúrsaí uisce a chosaint, mar shampla, gheall úinéirí talún freisin go gcuirfidís níos mó ná 2,000 ciliméadar d’fhálta sceach agus thart ar 580,000 crann dúchasach. Tríd sin, léirítear cuid de na cionta dearfacha atá á ndéanamh ag feirmeoirí ar son inbhuanaitheacht timpeallachta na tíre.
“Níor cheart dúinn an luach atá á chur ag feirmeoirí lenár dtírdhreach agus lenár saol a mheas faoina luach, ná níor cheart dúinn tábhacht na hoibre a dhéanann siad a mheas faoina luach ach an oiread. Téann an méid sin thar na buntáistí inláimhsithe atá ag táirgeadh bia ar ardchaighdeán. Mar chuid de ACRES, tá feirmeoirí ag cuidiú chun lapairí pórúcháin amhail crotaigh agus naoscacha a chaomhnú; tá gnáthóga cósta amhail dumhcha agus riasca goirt á gcaomhnú agus á bhforbairt acu; tá siad ag tacú le féarach garbh chun dul chun tairbhe do chromáin na gcearc, scréachóga reilige agus éin agus mamaigh bheaga; agus tá gnáthóga leathnádúrtha de thalamh féaraigh á gcoinneáil acu do phailneoirí,”
a chuir an tAire leis sin.
Chomh maith le fálta sceach agus speicis crann dhúchasacha a chur, faoi ACRES, tá níos mó ná 10,000km de bhallaí cloiche tirime traidisiúnta á gcaomhnú ag feirmeoirí freisin, agus tá na mílte boscaí ulchabhán, éan agus ialtóg á suiteáil acu, agus tá níos mó ná 1,400 ciliméadar d’fhálta á n athnuachan acu. Tá an chuid oibre á déanamh freisin ag feirmeoirí chun thart ar 560,000 heicteár de thalamh ard agus de thalamh portaigh a bhainistiú agus a chosaint. Thug feirmeoirí gealltanas freisin go ndéanfaidís sraith gníomhaíochtaí chun speicis ionracha a rialú, cleachtais féaraigh a fheabhsú, baint agus innilt a mhoilliú chun éin atá ag neadú ar talamh a chosaint agus fásra ar talamh a athrú, i measc réimse gníomhaíochtaí agra chomhshaoil eile.
“Is mian liom buíochas a ghabháil leis an líon rannpháirtithe ACRES, ar mó ná 54,000 duine iad, a thug gealltanas go gcuirfidís an timpeallacht i gcroílár fheirmeoireacht na hÉireann. Is údar an mhór misnigh é go bhfuil an suim á cur i ngníomhaíochtaí timpeallachta breise a dhéanamh lena gcomhlánaítear na hiarrachtaí sin atá fairsing cheana, lena n áirítear cur crann breise agus fálta breise a bhunú trí chlár Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla na scéime. Aithním gur bhain dúshláin le scála agus riarachán eilimintí áirithe den scéim, ach níor mhaith liom dearmad a dhéanamh ar an méid mór oibre a cuireadh i gcrích agus atá ar bun cheana, ná ar an tionchar dearfach a bheidh aige sin. Tá mo Roinne ag obair chun a chinntiú go réiteofar na saincheisteanna atá fágtha go luath sa bhliain úr,”
a dúirt an tAire McConalogue mar fhocal scoir.
Nótaí don Eagarthóir
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an Aontais Eorpaigh an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.
Is í an Scéim Timpeallachta Tuaithe Talmhaíochta agus Aeráide (ACRES) an beart aeráide náisiúnta agra-chomhshaoil faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse 2023-2027.
Tá an Scéim cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach agus ag an Státchiste Náisiúnta.
Tá dhá chur chuige laistigh den Scéim:
o ACRES Ginearálta, atá ar fáil go náisiúnta (lasmuigh den limistéar geografach ardtosaíochta de réir mar atá sainmhínithe do chur chuige Comhoibrithe ACRES thíos), a thairgeann réimse beart (treoir agus bunaithe ar thorthaí araon); agus
o Comhoibriú ACRES, atá ar fáil d'fheirmeoirí i limistéir shainithe gheografacha ardtosaíochta.
Tá tuilleadh eolais le fáil ag gov.ie - an Scéim Timpeallachta Tuaithe Talmhaíochta agus Aeráide (ACRES)