Molann McConalogue go mbunófar Coimisiún ar Athnuachan ó Ghlúin go Glúin
- Foilsithe: 11 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfuil sé i gceist aige Coimisiún ar Athnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht a bhunú.
Ag labhairt dó ag Seó Talmhaíochta Thulach Mhór ar Eastát Butterfield, Co. Uíbh Fhailí, dúirt an tAire:
“Is dúshlán domhanda é daoine óga a spreagadh le tabhairt faoin talmhaíocht. Táim ag súil go bhfoilseoidh an Coimisiún Eorpach a thograí le haghaidh Comhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027 i lár 2025. I bhfianaise an chúlra sin, is tréimhse chuí í seo lena mheas an soláthraíonn an creat atá i bhfeidhm faoi láthair tacaíocht d'fheirmeoirí óga atá ag smaoineamh ar dhul isteach san earnáil agus a spreagann athnuachan ó ghlúin go glúin ar bhonn éifeachtach.
“Tá raon tacaíochtaí níos mó ná riamh curtha i bhfeidhm againn cheana féin d'fheirmeoirí óga, lena n-áirítear tacaíocht do chomhpháirtíochtaí feirme, an Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach d’Fheirmeoirí Óga, rátaí níos airde deontas d'infheistíocht chaipitil ar fheirm, rochtain mhéadaithe ar airgeadas agus faoisimh shuntasacha ó agra-chánachas.
“Is tionscnaimh dhearfacha iad sin, ach tá sé thar am díospóireacht ionraic agus atá go hiomlán oibiachtúil a dhéanamh air seo, lena n-áirítear na tacaíochtaí atá i bhfeidhm, lena mheas an mbíonn an éifeacht inmhianaithe ag na bearta sin, conas is fearr a d'fhéadfaí tacaíochtaí a chumrú chun athnuachan ó ghlúin go glúin a spreagadh, mar shampla trí aistrithe talún agus pleanáil chomharbais.
“Is réimse casta é comharbas feirme agus tá go leor tosca ann a théann i bhfeidhm ar chinntí feirmeoirí. Ní mór dúinn machnamh ceart a dhéanamh air sin agus a mheas an bhfuil aon bhacainn neamhbheartaithe ar iontráil do dhaoine óga faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair.
"Agus é seo san áireamh, tá sé i gceist agam grúpa a bhunú a bhfuil an saineolas agus an taithí ábhartha acu chun scrúdú oibiachtúil láidir fianaise-bhunaithe a dhéanamh ar na tosca go léir atá i gceist lena chinntiú go bhfuil bonn a ndearnadh taighde fiúntach ina leith againn leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na huirlisí beartais atá ar fáil chun daoine óga, arb iad na daoine ar a mairfidh an fheirmeoireacht, a spreagadh le gabháil isteach san earnáil.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Táimse tiomanta fós d'earnáil feirme spleodrach inbhuanaithe a fhorbairt in Éirinn. Tá daoine óga agus iontrálaithe nua ríthábhachtach san iarracht sin. Tá sé ar intinn agam athnuachan ó ghlúin go glúin a cheapadh ina ghné lárnach dár n-ullmhúcháin do CBT nua. Ní mór dúinn a chinntiú go dtógfaimid an deis anois le hullmhú i gceart, leis an anailís agus an éirim ar fad is gá chun a chinntiú go mbeidh an creat beartais chomh héifeachtach agus is féidir leis a bheith.”
*CRÍOCH*
Nótaí d’Eagarthóirí
Is é Seó Náisiúnta Beostoic Thulach Mhór an seó talmhaíochta aonlae is mó in Éirinn.
Tabharfaidh an tAire McConalogue aitheasc tosaigh ag an Seó.
Osclóidh an tAire McConalogue an Sráidbhaile Beostoic Inbhuanaithe go hoifigiúil freisin, a thaispeánann na céimeanna praiticiúla atá á ndéanamh ag feirmeoirí chun inbhuanaitheacht feirme a fheabhsú agus tionchar comhshaoil a bhfeirmeacha a laghdú.