English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Níl ach seachtain amháin eile ag Feirmeoirí Caorach le leas a bhaint as Scéim Fóirdheontais Clibe Caorach EID

Ba mhaith leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a mheabhrú d'fheirmeoirí caorach gurb é an 30 Meán Fómhair 2019 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais do Scéim Fóirdheontais Clibe Caorach EID.

Níl ach achar gearr ag feirmeoirí caorach nach bhfuil clibeanna caorach ordaithe acu ón 1 Deireadh Fómhair 2018 an chéad ordú de chlibeanna leictreonacha caorach a chur i gcrích chun leas a bhaint as íocaíocht faoi Scéim Fóirdheontais Clibe Caorach EID.

Tá an Scéim aonuaire á cur i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2018 agus tá breis agus €1.4 milliún íoctha le feirmeoirí caorach go dtí seo.

Faoin Scéim, tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag tabhairt fóirdheontais €1 den chostas a bhaineann le gach clib leictreonach a ceannaíodh faoin gcéad ordú clibeanna leictreonacha caorach a cuireadh i gcrích idir an 1 Deireadh Fómhair 2018 agus an 30 Meán Fómhair 2019, suas le híocaíocht uasta €100 an duine. Ní mór 10 gclib leictreonacha ar a laghad a ordú le bheith incháilithe faoin Scéim.

Is féidir orduithe do chlibeanna leictreonacha aonair, an chomhpháirt leictreonach de thacair clibeanna EID nó meascán den dá rud a bheith incháilithe, ar an gcoinníoll go gcuirtear iad i gcrích ar an dáta céanna.

Níl aon ghá le hiarratas a dhéanamh ar íocaíocht faoin Scéim. Déantar incháilitheachta chinneadh agus íocaíochtaí atá dlite a ríomh trí chórais DAFM, bunaithe ar shonraí na n-ordaithe clibe incháilithe atá curtha i gcrích. Déantar íocaíochtaí le feirmeoirí go huathoibritheach i dtráinsí ráithiúla, agus íocadh an chéad cheann díobh i mí Eanáir 2019. Is ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2019 a íocfar na híocaíochtaí deiridh maidir le horduithe incháilithe a cuireadh i gcrích idir an 1 Iúil agus an 30 Meán Fómhair 2019.

Tá rialacha nua i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2019 maidir le caora a aithint agus a bhogadh. Ón dáta sin ar aghaidh, ní mór gach caora a bhogtar ó aon ghabháltas a shainaithint go leictreonach gan eisceacht.

D'fheadfaí caoirigh atá níos óige ná 12 mhí d'aois agus a bhogtar go díreach chuig seamlas ón ngabháltas bunaidh a aithint trí bhíthin clib leictreonach aonair a chuirtear i gcluas dheas an ainmhí. Maidir le caoirigh a bheith á mbogadh i ngach cás eile (lena n-áirítear iad a bhogadh chuig marglanna, chuig feirmeacha eile, chuig seónna etc.) ní mór iad a aithint le tacar iomlán clibeanna EID ina gcuimsítear clib leictreonach aonair i gcluas dheas an ainmhí agus gnáthchlib a chomhfhreagraíonn leis agus ar a bhfuil an uimhir aitheantais chéanna don ainmhí, i gcluas chlé na caorach. Glactar freisin le tacair bólas leictreonach.

Le héifeacht ón 1 Meitheamh 2019, níl gnáthchlibeanna aonair bailí in imthosca ar bith chun caoirigh a aithint. Ba chóir stoic de chlibeanna dá leithéid atá fanta a dhiúscairt go cúramach nó is féidir clibeanna faoi leith atá comhfhreagrach a ordú chun tacair iomlána clibeanna EID a dhéanamh.

CRÍOCH