English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nóta Teicniúil - Leasú ar na Rialacháin um Dhea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint

Mar chuid de phlean an Rialtais cáilíocht uiscí a fheabhsú agus an chéad Mhaolú Níotráite eile de chuid na hÉireann a áirithiú, comhaontaíodh leis an gCoimisiún go reáchtálfaí athbhreithniú eatramhach ar an 5ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití a bheidh i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana 2025.

Tugadh an t-athbhreithniú eatramhach seo i gcrích nuair a síníodh rialachán athbhreithnithe ina dhlí.

Cuimsítear sa rialachán roinnt bearta neartaithe agus nua a forbraíodh i gcomhairle leis an Sainghrúpa um Níotráití mar aon le páirtithe leasmhara ar an Meitheal Talmhaíochta maidir le Cáilíocht Uisce.

De réir na mbeart rialála a tugadh isteach leis an athbhreithniú, éilíodh leasú ar na Rialacháin um Dhea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint (IR Uimh. 113 de 2022, arna leasú). Tá an leasú seo foilsithe anois mar IR Uimh. 42 de 2025.

Is iad seo a leanas na hathruithe a thugtar isteach leis an leasú seo:

1. Rátaí leasaithe eisfheartha cothaitheach do laonna chun a n-aschur níos ísle cothaitheach a léiriú, go háirithe sa chéad 90 lá dá saol. Déantar rátaí eisfheartha cothaitheach d’eallaí eile atá faoi bhun 1 bhliain d’aois agus d’eallaí atá idir 1-2 bhliain d’aois a nuashonrú freisin leis an taighde is déanaí de chuid Teagasc a léiriú.

2. Aitheantas don ráta níos ísle eisfheartha i gcás nítrigine atá bainte amach ag feirmeoirí déiríochta a roghnaíonn garbhphróitéin a bhainistiú sa bheatha dlútháin a thugann siad dá mba le linn na bliana.

3. Idir an 15 Aibreán agus an 30 Meán Fómhair déanfar laghdú ar uasmhéid an chion garbhphróitéine atá ceadaithe sa bheatha dlútháin a thugtar d’eallaí atá dhá bhliain d’aois nó os a chionn ó 15% go 14% agus tá feidhm ag an gceanglas seo maidir le gach feirmeoir anois.

4. Foráil a thabhairt isteach faoina ligfear d’uasráta stocála an Mhaolaithe Níotráite laghdú go 220kg N/ha i limistéir inar sainaithin an GCC (an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil) gá do bhearta um níotráití a laghdú mar thosaíocht chun uiscí a fheabhsú ach nach ndearnadh iad a mheas faoi chritéir an Choimisiúin Eorpaigh san athbhreithniú dhá bhliain ar cháilíocht uiscí a reáchtáladh in 2023. I gcás na limistéar breise seo, beidh feidhm ag an teorainn níos ísle ar an ráta stocála le héifeacht ó mhí na Nollag 2025. Scríobhfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chuig feirmeoirí aonair go luath a bhféadfadh tionchar a bheith ag an athrú seo orthu.

5. Laghdú 5% ar lamháltas i leith na nítrigine ceimicí d’fheirmeacha féarthalún nó d’fheirmeacha a bhfuil stoc níos mó acu. Lamháltas nua níos ísle i leith na nítrigine ceimicí d’fheirmeacha beostoic a bhfuil réimse leathan stoic acu.

6. I gcás iarratasóirí ar Mhaolú Níotráite, beidh teorainn 170kg N/ha i bhfeidhm mar an t-uasráta stocála maidir le talamh atá níos faide ná 30km ‘i líne dhíreach trasna na tíre’ ón bpríomhghabháltas feirme ach amháin má chuirtear fianaise fhollasach ar fáil don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara lena léirítear go bhfuil feirmeoireacht á déanamh ar an talamh ag leibhéal níos airde iomchuí.

7. Tá sé éigeantach do gach feirmeoir seamair a chur anois agus iad ag athshíolú báinseach le seagalach ilbhliantúil.

8. Tugadh foráil isteach chun srian a chur i bhfeidhm ar úsáid na húiré neamhchosanta i bhfoirm gráinníní. Beidh feidhm ag an srian sin ón 15 Meán Fómhair 2025 chun úsáid na stoc atá ann cheana a éascú. Ceadófar úiré a úsáid i bhfoirm leachtach fós.

Ina theannta sin, rinneadh roinnt leasuithe riaracháin le go mbeadh níos mó soiléire i leith fhorfheidhmiú na Rialachán.

DEIREADH


Nótaí d’Eagarthóirí

Tá cóip iomlán de na rialacháin leasaitheacha (IR Uimh. 42 de 2025) ar fáil ag https://www.irishstatutebook.ie/eli/2025/si/42/made/en/pdf

Ba chóir go gcuimseofaí mar chuid de na rialacháin leasaitheacha na táblaí leasaithe teicniúla lena gcuirtear i bhfeidhm na hathruithe ag Pointí 1, 2 agus 5 thuas.

Maidir le Pointe 6 thuas, tar éis di iarratais ar Mhaolú Níotráite don bhliain 2025 a fháil, rachaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i dteagmháil le hiarratasóirí aonair ar mhaolú a bhféadfadh tionchar a bheith ag an athrú seo orthu ionas go dtabharfar deis dóibh fianaise fhollasach a chur ar fáil. Más mian leis an iarratasóir an lamháltas níos airde Nítrigine um aoileach beostoic a éileamh ar an talamh seo, iarrfar ar an iarratasóir a dheimhniú go gcomhlíonann sé nó sí ar a laghad ceann amháin de na critéir seo a leanas:

1. Córas innilte uainíochta i bhfeidhm ar an talamh

2. Bleánlann ghníomhach ar an talamh agus í curtha san áireamh ar fhoirm an iarratasóra don Scéim um tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta (BISS).

3. Áiseanna gníomhacha um stóráil sciodair ar an talamh agus iad curtha san áireamh ar fhoirm BISS an iarratasóra.

4. Má tá an talamh á ghearradh i gcomhair foráiste agus/nó má tá barra curaíochta á gcur ann, ní mór fianaise ar aistriú sciodair a chur chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara laistigh de 4 lá ón dáta a cuireadh isteach an t-iarratas sciodair.