English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Oscailt Scéimeanna Nuálaíochta agus Éagsúlaithe sa Ghairneoireacht

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD agus an tAire Stáit, Pippa Hackett inniu go bhfuil trí scéim á n-oscailt chun tacú le nuálaíocht agus éagsúlú méadaithe i measc táirgeoirí tosaigh san earnáil gairneoireachta.

Agus na scéimeanna á bhfógairt aige, dúirt an tAire McConalogue:

“Tá spreagadh agus soláthar tacaíochta don éagsúlú agus don nuálaíocht inár n-earnáil gairneoireachta ar cheann de na Príomhghníomhartha Straitéiseacha atá leagtha amach sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta do 2023 go 2027. Tá mian nach beag ag ár saothróirí gairneoireachta teicneolaíochtaí nuálacha nua a lorg chun cabhrú le héifeachtúlachtaí agus táirgiúlacht a fheabhsú ar a bhfeirmeacha. Ba léir é sin leis an spéis a léiríodh níos luaithe i mbliana nuair a seoladh Scéimeanna Nuálaíochta agus Éagsúlaithe 2024. Tá lúcháir orm gur féidir linn leanúint leis na scéimeanna do 2025, atá maoinithe ag an Státchiste Náisiúnta.”

Tá Scéim um Nuálaíocht agus Éagsúlú sa Ghairneoireacht 2025 (Staidéir Féidearthachta / Dheisce) dírithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá i mbun táirgeadh príomhúil gairneoireachta ar mhaith leo a bheith nuálach agus éagsúlú a dhéanamh i dtionscal na gairneoireachta ach ar gá dóibh staidéir shonracha a dhéanamh (staidéir féidearthachta / dheascbhunaithe) sula ndéanfaidh siad amhlaidh.

Tá sé mar aidhm ag Scéim um Nuálaíocht agus Éagsúlú sa Ghairneoireacht 2025 (Infheistíochtaí Caipitil) nuálaíocht agus éagsúlú sa ghairneoireacht a mhéadú trí chúnamh deontais a thabhairt d'infheistíochtaí caipitil i ngléasra agus trealamh speisialaithe.

Is scéim nua do 2025 í an Scéim um Chúnamh Infheistíochta le haghaidh Nuálaíocht Próisis agus Eagrúcháin i nGairneoireacht d’Fhiontair Mhóra, a bhfuil sé mar aidhm léi cabhrú le fiontair mhóra atá ag gabháil do ghairneoireacht phríomhúil chun nuálaíocht próisis agus eagrúcháin a mhéadú.

Dúirt an tAire Hackett:

“Cuireann oscailt na scéimeanna seo cosán tacaíochta ar fáil do tháirgeoirí tosaigh atá ag iarraidh nuálaíocht nó éagsúlú a dhéanamh, rud a chabhraíonn le hinmharthanacht fhadtéarmach a ngnólachtaí féin agus earnáil gairneoireachta na hÉireann a chinntiú. Soláthraíonn na scéimeanna seo tacaíocht do shaothróirí ag gach céim dá n-aistear i dtreo nuálaíochta agus éagsúlú, ó chúnamh deontais le haghaidh staidéir féidearthachta dóibh siúd atá sna céimeanna tosaigh, go cúnamh deontais le haghaidh infheistíochtaí caipitil dóibh siúd atá ag céim níos airde. Cabhróidh na scéimeanna seo lena chinntiú go leanann earnáil gairneoireachta na hÉireann ag cur go luachmhar le geilleagar na hÉireann.”

DEIREADH


Nótaí d’Eagarthóirí

Is é meán oíche Dé hAoine, an 7 Feabhra 2025 an spriocdháta chun iarratais chomhlánaithe a fháil faoin dá scéim sin.

Is féidir Foirmeacha Iarratais agus Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime a fháil ar leathanach gréasáin na Roinne anseo nó trí ríomhphost a sheoladh chuig Horticultureinnovation@agriculture.gov.ie

Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023 – 2027