Osclaíonn Scéim Leasa Mairteola Déiríochta den Phlean Straitéiseach CBT roimh iarratasóirí nua
- Foilsithe: 9 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu athoscailt na Scéime Leasa Mairteola Déiríochta (DBWS) den Phlean Straitéisigh CBT d’iarratasóirí nua. Tá buiséad €25 milliún ag an DBWS thar cheithre bliana (2024 – 2027) agus tá sé cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach mar chuid de Phlean Straitéiseach an Chomhbheartais Talmhaíochta.
Ag labhairt dó ar athoscailt na scéime, dúirt an tAire Heydon:
“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil bliain a dó den Scéim Leasa Mairteola Déiríochta oscailte d’iarratasóirí nua anois. Léiríonn an scéim seo, a éascaíonn oscailt bhliantúil d’iarratasóirí nua, tiomantas an Rialtais seo do thacú le comhtháthú níos fearr a dhéanamh ar na tréada déiríochta agus mairteola chun cáilíocht, leas agus inmharthanacht laonna fireanna ó thréada déiríochta a fheabhsú.”
Is beart pórúcháin é an DBWS a thugann tacaíocht d’fheirmeoirí déiríochta chun sláinte agus leas ainmhithe an tréada déiríochta náisiúnta a fheabhsú trí leas a bhaint as aithreacha mairteola atá níos fearr ó thaobh na géinitice de chun laonna mairteola déiríochta a phórú. Ceanglaítear ar rannpháirtithe soip inseamhnaithe shaorga nó tairbh thréada, a bhfuil rátáil trí réalta ar a laghad acu ar an Innéacs Mairteola Déiríochta (DBI) de chuid Chónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (ICBF) agus ar fho-innéacs mairteola an DBI a úsáid.
Seo an dara bliain den scéim mar chuid de Phlean Straitéiseach an Chomhbheartais Talmhaíochta agus íocaíochtaí €4.73 milliún eisithe an mhí seo caite do thart ar 7,612 feirmeoir a rinne iarratas ar bheith rannpháirteach sa scéim in 2024. Ní gá d’iarratasóirí ar an scéim in 2024 iarratas a dhéanamh arís ar an scéim mar beidh a n-iarratas á leanúint ar aghaidh go huathoibríoch go dtí 2025.
Mhaígh an tAire:
“Chomh maith leis an Scéim Leasa Mairteola Déiríochta, leithdháileadh €4 mhilliún i mBuiséad 2025 chun an Scéim Náisiúnta Meáite Mairteola Déiríochta arna maoiniú ag an státchiste a chur i bhfeidhm agus atá ar oscailt freisin d’iarratais trí Agfood.ie go dtí an 15 Bealtaine 2025, rud a léiríonn tiomantas daingnithe an Rialtais seo chun tacú leis an earnáil seo.”
Mar fhocal scoir, chuir an tAire i gcuimhne d’fheirmeoirí: “Má rinne tú iarratas ar an Scéim Leasa Mairteola Déiríochta in 2024 ní gá duit iarratas a dhéanamh arís mar go leanfaidh do rannpháirtíocht sa scéim ar aghaidh go huathoibríoch.”
Gheobhaidh feirmeoirí a chomhlíonann riachtanais na scéime íocaíocht €20 in aghaidh an lao incháilithe suas le huasmhéid 50 lao in aghaidh an ghabháltais.
Féadfaidh iarratasóirí nua, nó an comhairleoir FAS atá údaraithe chun gníomhú ar a son, a n-iarratas a chur isteach chuig Scéim Leasa Mairteola Déiríochta an CSP ar líne trí Agfood.ie go dtí 23.59 uair an 15 Bealtaine 2025. [link broken]
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Maidir le Plean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an Aontais Eorpaigh an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.
Tá an Scéim Leasa Mairteola Déiríochta tugtha isteach chun tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí déiríochta chun sláinte agus leas ainmhithe an tréada náisiúnta a fheabhsú, trí aithreacha mairteola lena mbaineann fiúntas géiniteach níos fearr a úsáid. Mairfidh an scéim ar feadh ceithre bliana ó 2024 go 2027. Is í an íocaíocht ná €20 in aghaidh an lao incháilithe, suas go dtí uasmhéid de 50 lao, do gach bliain scéime ina bhfuil an t-iarratasóir ina rannpháirtí gníomhach.
Beidh rannpháirtithe gníomhacha a rinne iarratas in 2024 incháilithe le haghaidh íocaíochta do gach ceann de cheithre bliana na scéime, faoi réir téarmaí agus coinníollacha na scéime a chomhlíonadh. Beidh feirmeoirí a dhéanann iarratas ar an scéim in 2025 incháilithe le haghaidh íocaíochta do 2025, 2026 agus 2027, beidh feirmeoirí a dhéanann iarratas ar an scéim in 2026 incháilithe le haghaidh íocaíochta do 2026 agus 2027, agus beidh feirmeoirí a dhéanann iarratas in 2027 incháilithe le haghaidh íocaíochta in 2027 amháin, faoi réir téarmaí agus coinníollacha na scéime a chomhlíonadh.
Déanfar íocaíochtaí le rannpháirtithe incháilithe i mí an Mhárta tar éis dheireadh bhliain na scéime, e.g. déanfar íocaíochtaí do Bhliain na Scéime 2 (01 Eanáir 2025 go 31 Nollaig 2025) i Márta 2026 le hiarratasóirí incháilithe.