English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Pléann an tAire Healy-Rae na moltaí atá ag teacht chun cinn leis an nGrúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht

Chruinnigh an tAire Stáit le freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae, T.D., leis an nGrúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta le bliain anuas, agus plé a dhéanamh ar phríomh-mholtaí atá ag teacht chun cinn atá dírithe ar úsáid adhmaid a mhéadú san fhoirgníocht agus sa timpeallacht thógtha.

Ag labhairt dó ag an gcruinniú, dúirt an tAire Healy-Rae:

“Tá deis shuntasach ag Éirinn úsáid adhmaid san fhoirgníocht a leathnú, ag tacú lenár spriocanna aeráide agus ag an am céanna ag soláthar riachtanais tithíochta. Beidh foirgníocht níos cliste, níos airde agus níos sábháilte ag teastáil le cleachtais inbhuanaithe tógála adhmaid. Tá obair an ghrúpa seo ríthábhachtach chun na cineálacha cur chuige a aithint maidir le tógáil adhmaid níos leithne, agus le teacht ar réitigh phraiticiúla. Spreagfar an t-athrú seo le cur chuige comhordaithe tríd an nGrúpa Stiúrtha seo, thar na páirtithe leasmhara ábhartha go léir, lena n-áirítear an Rialtas, an tionscal agus institiúidí taighde. Táim ag tnúth le tuarascáil bhliantúil an ghrúpa agus moltaí eatramhacha a thabhairt faoi bhráid na Comh-Aireachta go luath, ag leagan amach an aistir don chéad chéim eile den obair thábhachtach seo.”

Bunaíodh an Grúpa Stiúrtha um Adhmad sa Fhoirgníocht i mí na Samhna 2023, agus díríonn sé ar chúig phríomhréimse théamacha, is iad sin, Deis Mhargaidh, Rialachán agus Caighdeáin, Soláthar Poiblí agus Tionscadail Taispeána, Taighde agus Forbairt, agus Cumarsáid agus Oideachas.

Dúirt Cathaoirleach an Ghrúpa, an tOllamh J. Owen Lewis:

“Le béim láidir ar chomhoibriú, tá dul chun cinn déanta ag an ngrúpa cheana féin maidir le bealaí a aithint chun muinín a mhéadú as adhmad mar ábhar tógála príomhshrutha. Tá obair ar siúl chun margaí féideartha a aithint chun úsáid adhmaid a mhéadú i dtógáil na hearnála poiblí agus príobháidí araon, rud a laghdóidh astaíochtaí carbóin corpraithe. Tá an grúpa i mbun feasacht a mhúscailt i measc ailtirí, innealtóirí agus lucht déanta beartas faoi bhuntáistí agus indéantacht an adhmaid san fhoirgníocht, agus leanfaidh ag plé le lucht féachana níos leithne.”

Is príomhghné de Chlár an Rialtais, de Straitéis Foraoise na hÉireann 2023-2030 agus den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide í úsáid adhmaid i bhfoirgníocht, agus den iarracht leanúnach chun bithgheilleagar inbhuanaithe agus ciorclach a fhorbairt.

*CRÍOCH*


Nótaí d’Eagarthóirí:

Bunaíodh an Grúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht chun coinníollacha a chruthú le cur le húsáid an adhmaid san fhoirgníocht, agus an leibhéal is airde slándála foirgníochta agus cosanta réadmhaoine a chinntiú san am céanna; chun measúnú a dhéanamh ar na dúshláin rialála agus chaighdeánaithe; agus chun úsáid an adhmaid dúchais san fhoirgníocht a uasmhéadú.

Cheap an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht an Grúpa Stiúrtha ina bhfuil 16 chomhalta agus an Cathaoirleach Neamhspleách i mí Dheireadh Fhómhair 2023. Tacaíonn cúig ghrúpa théamacha a bhfuil breis is 60 comhalta iontu thar réimse leathan páirtithe leasmhara leis an nGrúpa. Is ionadaithe na bpríomhchomhlachtaí tionscail iad na comhaltaí, chomh maith le ionadaithe sinsearacha na ranna rialtais agus na ngníomhaireachtaí cuí a bhfuil freagracht acu as an mbeartas agus as forbairt na n-earnálacha. I measc na ngrúpaí téamacha sin, tá:

• GT1: Deis Mhargaidh,

• GT2: Rialúchán, Caighdeáin agus Comhlíontacht,

• GT3: Soláthar Poiblí agus Tionscadail Taispeána

• GT4: Taighde agus Forbairt, agus

• GT5: Cumarsáid, Oideachas, Traenáil agus Feasacht an Phobail.

Bhuail an Grúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht le chéile den chéad uair ar an 6 Samhain 2023, agus bhí naoi gcruinniú aige i rith na chéad bhliana.

Thacaigh Rialtas na hÉireann leis an tionscal adhmaid ar roinnt bealaí: cleachtais inbhuanaithe foraoiseachta a chur chun cinn, soláthar adhmaid a mhéadú, tacú le forbairt eacnamaíoch i gceantair thuaithe, agus cur le hiomaíochas tháirgí adhmaid na hÉireann sa bhaile agus go hidirnáisiúnta araon. Tá dul chun cinn suntasach déanta ar thaighde agus ar fhorbairt acmhainní foraoise na hÉireann a bhuí le maoiniú an Rialtais, ó thréithriú speiceas adhmaid a fhad le dearadh agus feidhmíocht gnéithe tógála adhmaid. Go sonrach, tá breis is €8 milliún curtha ar fáil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ó 2010 ar thionscadail taighde adhmaid agus ar sholáthar poiblí glas a chothaíonn cumas agus saineolas sa tionscal adhmaid.

Tá na tuarascálacha ón ngrúpa ar fáil ar an suíomh gréasáin um Adhmad san Fhoirgníocht: