English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Préimheanna bliantúla €24.2 milliún íoctha le níos mó ná 7,000 úinéir foraoise

D'fháiltigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht as foraoiseacht, an Seanadóir Pippa Hackett, roimh eisiúint íocaíochtaí bliantúla préimhe foraoiseachta saor ó cháin don bhliain 2025. Eisíodh na híocaíochtaí d'úinéirí foraoise a rinne iarratas ar a n-íocaíochtaí trí shuíomh gréasáin Seirbhísí Ar Líne na Roinne: www.agfood.ie.

Íocadh préimheanna foraoiseachta bliantúla dar luach €24.2 milliún san iomlán i mórshraith íocaíochta na seachtaine seo caite i leith os cionn 7,000 iarratas.

Dúirt an tAire Hackett an méid seo a leanas:

“Fáiltím go mór roimh an íocaíocht shuntasach seo d'úinéirí foraoise. Tá os cionn 19,500 feirmeoir ag baint leas as na buntáistí a thugann foraoiseacht dá bhfiontar feirme cheana féin. Mholfainn go láidir d'fheirmeoirí a d'fhéadfadh a bheith ag smaoineamh ar chrainn a chur labhairt le comharsana leo a bhfuil a leithéid déanta acu cheana féin, agus teagmháil a dhéanamh le foraoiseoir cláraithe nó le comhairleoir Foraoiseachta Teagasc. Íocann an Clár Foraoiseachta reatha na rátaí íocaíochta is airde a bhí ar fáil riamh d'úinéirí foraoise, agus tá raon roghanna plandaithe nach bhfacthas riamh ar fáil anois: ó choillearnacha dúchasacha ar scála beag, a fhad le hagrafhoraoiseacht, go foraoiseacht leanúnachais, i measc go leor cineálacha foraoise eile. Tá ceadúnais bhailí coillteoireachta ar fáil faoi láthair chun níos mó ná 5,000 heicteár a chur agus ceadaíodh os cionn 3,400 ceadúnas treascartha in 2024, agus táim muiníneach go leanfaidh figiúirí ceadúnaithe ag feabhsú i gcaitheamh 2025.”

Is féidir le húinéirí foraoise nár chuir a n-iarratais ar líne isteach go dtí seo iarratas a dhéanamh fós ar líne ar a bpréimheanna foraoiseachta trí shuíomh gréasáin Seirbhísí Ar Líne na Roinne (www.agfood.ie). Fanfaidh an áis seo oscailte i rith na bliana ar fad, agus leanfaidh an Roinn ag próiseáil iarratas ar líne do phréimheanna foraoise 2025 de réir mar a fhaightear iad, agus eiseofar íocaíochtaí ar bhonn seachtainiúil.

Fotheideal na hÍomhá: Préimheanna Foraoiseachta a Íocadh de réir Contae


Nóta d’Eagarthóirí

Clúdaíonn na deontais atá ar fáil faoin Scéim Deontais agus Préimhe Foraoisithe an costas a bhaineann leis an bhfáschoill foraoise a bhunú agus préimh foraoiseachta bhliantúil suas le €1,142 in aghaidh an heicteáir a íoc ar feadh tréimhsí suas le 20 bliain. Tá tuilleadh eolais faoi thacaíochtaí d'fhoraoiseacht ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag https://www.gov.ie.