English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Preasráiteas Ag Climatise

Tá an comhairliúchán poiblí leanúnach atá ar siúl i ndáil le Plean Oibre Náisiúnta Aeir & Aeráide don Earnáil Talmhaíochta go dtí an bhliain 2030 agus ina dhiaidh - dar teideal Ag-Climatise meabhraithe arís ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu don phobal feirmeoireachta agus don phobal i gcoitinne.

Dúirt an tAire, “ Tá go leor freagraí fiúntacha faighte ag mo Roinn cheana féin ó cuireadh tús leis an gcomhairliúchán an tseachtain seo caite”. Dúirt an tAire freisin go raibh sé ag iarraidh cloisteáil ó níos mó feirmeoirí “Níl aon dream níos eolaí ar na dúshláin atá roimh an tionscal mar gheall ar an athrú aeráide ná feirmeoirí na tíre seo. Spreagaim tuilleadh díobh a bheith páirteach sa chomhairliúchán poiblí d'fhonn tionchar a imirt ar chúrsaí talmhaíochta na hÉireann sna deich mbliana atá amach romhainn. Ní mór cluas a thabhairt dá gcuid tuairimí. Tá sé fíorthábhachtach go dtabharfaimis aghaidh ar an dúshlán seo le chéile agus plean oibre inchreidte a leagan amach don tionscal”.

Baineann trí ghné le struchtúr an phlean oibre:

  • Athruithe a Chur i bhFeidhm Anois: I measc samplaí de ghníomhartha atá beartaithe, áirítear: trealamh scartha sciodair astaíochtaí ísle a ghlacadh agus athruithe a dhéanamh sa chineál leasaithe a úsáidtear
  • Gníomhú i gComhar: Le go n-éireoidh leis an tionscadal, beidh ar gach páirtí leasmhar, ón bhfeirm go dtí an bord, cuidiú a thabhairt i meon na comhpháirtíochta, agus aistriú cóir a dhéanamh do gach earnáil sa tionscal a chur san áireamh
  • Ullmhú don Todhchaí: leas a bhaint as an eolaíocht is fearr atá ar fáil chun eolas a dhéanamh d'fhorbairt beartais agus chun cuidiú le páirtithe leasmhara roghanna straitéiseacha a dhéanamh don todhchaí

Cé go mbeifear ag díriú ar dtús ar athruithe a chur i bhfeidhm anois, mar shampla, maidir le saincheisteanna ar nós cothaithigh a bhainistiú ar gach feirm in Éirinn, bhí fonn ar an Aire béim a leagan ar na deiseanna atá ag teacht chun cinn do thalmhaíocht na hÉireann sa mheántéarma. Leag sé béim ar an obair leanúnach atá ar bun laistigh den Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach darb ainm Biorefinery Glas agus dúirt, “Cuirfidh an bithgheilleagar ar fad deiseanna iontacha ar fáil d'fheirmeoirí. Tá féar úr á thiontú ina réimse bithábhar luachmhar. Ní hé amháin go mbaineann luach le féar mar bhia do bheostoc, is féidir linn an luach atá leis a uasmhéadú don bhuntáirgeoir trí go leor táirgí úsáideacha a bhaint as agus bia snáithín cothaitheach d'eallaí a bheith fós ann ag deireadh an phróisis.”

Tá aidhm shoiléir ag Ag Climatise ina ndéantar spriocanna náisiúnta a ghlacadh agus dréachtphlean earnála don earnáil a dhéanamh astu. Bhí fonn ar an Aire béim a leagan ar go bhfuiltear ag iarraidh ar gach réimse de shochaí na hÉireann cúnamh a thabhairt. Mar fhocal scor dúirt an tAire “Ba mhaith liom go dtuigfeadh feirmeoirí, agus is pointe an-tábhachtach é seo, go bhfuiltear ag iarraidh ar gach réimse den tsochaí cúnamh a thabhairt san aistriú seo i dtreo shochaí ísealcharbóin. Iarradh ar roinnt earnálacha laghdú níos mó ná 50% a dhéanamh ar a gcuid astaíochtaí sna deich mbliana atá amach romhainn.”

Nótaí d'Eagarthóirí

Dé hAoine an 10 Eanáir 2020 an dáta a mbeidh deiridh leis an gcomhairliúchán.

Tá dhá ghné ag baint leis an gcomhairliúchán, mar seo a leanas:

  • plean Oibre maidir le Ag Climatise (Hipearnasc) ina leagtar amach cúinsí agus ina gcuirtear roinnt ceisteanna
  • suirbhé ar líne chun freagra ar na ceisteanna a éascú. Glacfaidh sé thart ar 35 nóiméad an suirbhé a chur i gcrích

Cuirtear fáilte chomh maith roimh thuairimí i scríbhinn chuig agclimatise@agriculture.gov.ie agus sa phost chuig:

Comhairliúchán maidir le Plean Oibre Aeráide & Aeir

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara,

An Rannán Beartas um Athrú Aeráide & Bithfhuinneamh

Ionad Gnó Grattan,

Bóthar Bhaile Átha Cliath,

Port Laoise,

Co. Laoise

Éire

R32 K857

Is féidir an Plean Gníomhaithe Uile-Rialtais ar son na hAeráide a fháil anseo

CRÍOCH