English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas maidir le Fálta Sceach a Bhaint go Mídhleathach

Tá meabhrú láidir tugtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D. d'fheirmeoirí agus do chomhairleoirí go bhfuil fálta sceach, crainn i líne agus draenacha / díoga ainmnithe ina ngnéithe tírdhreacha faoin Dea-riocht Talmhaíochta agus Comhshaoil (GAEC). Tá dualgas ar thairbhithe an GAEC 7 gnéithe tírdhreacha ainmnithe a choimeád agus a chaomhnú. Tá gnéithe tírdhreacha incháilithe d'íocaíocht faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí agus scéimeanna eile limistéarbhunaithe.

Ina theannta sin, déantar teorainneacha idir garraithe ar nós fálta sceach, ballaí cloiche agus bruacha cré a chosaint faoi na Rialacháin um Measúnacht Tionchair Timpeallachta (Talmhaíocht) (EIA) I.R. 456 de 2011 (arna leasú ag I.R. Uimh. 142 de 2013 agus I.R. Uimh. 407 de 2017). D'fhéadfadh sé go gcaithfeadh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara aon oibreacha athstruchtúraithe a scagadh agus a cheadú faoi na rialacháin EIA.

Má bhaintear fálta sceach agus má fhaightear go bhfuil sin ina shárú ar riachtanais scagtha an EIA:

  • beidh an talamh faoi réir iniúchta ag oifigigh na Roinne
  • beidh oibreacha de dhíth agus cuirfear iad i bhfeidhm chun fálta sceach a baineadh a chur ar ais agus nó a fheabhsú agus d'fhéadfadh ionchúiseamh a bheith i gceist
  • déanfar na hoibreacha a chuirtear i gcrích a thuairisciú chuig na rannáin ábhartha lena n-áirítear Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí

CRÍOCH


Nótaí d'Eagarthóirí:

Áirítear Gnéithe Tírdhreacha a ainmníodh in 2009 faoin Dea-riocht Talmhaíochta agus Comhshaoil (GAEC) 7:

  • fálta sceach agus fálta sceach a bhfuil bearnaí iontu
  • crainn atá curtha i líne
  • draenacha agus díoga
  • sconsaí ina bhfuil meascán d'fhálta sceach, draenacha agus limistéir iontu

Tá siad incháilithe le haghaidh íocaíochtaí faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí agus ní mór iad a choimeád ar an ngabháltas.

Leagtar síos i Rialacháin um Measúnacht Tionchair Timpeallachta (Talmhaíocht) (I.R. 456 de 2011 (arna leasú) ceanglais shoiléire maidir le scagadh agus ceadú i leith oibreacha áirithe ar fheirmeacha lena n-áirítear fálta sceach a bhaint.

Tá treoir ar fáil ar láithreán gréasáin an DAFM agus tugtar achoimre thíos.

‘Má tá fad theorann an gharraí atá le baint níos faide ná 500 méadar nó má tá limistéar na dtailte a bhfuil athstruchtúrú le déanamh orthu trí theorainneacha an gharraí a bhaint as níos mó ná 5 ha beidh iarratas le cur chuig an DAFM chun scagadh a dhéanamh.

Beidh gá le scagadh a dhéanamh freisin.

Má tá an ghníomhaíocht bheartaithe laistigh, nó cóngarach do Limistéar Oidhreachta Nádúrtha nó anaclann dúlra nó sa chás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an ngníomhaíocht orthu;

Sa chás go bhféadfadh an ghníomhaíocht bheartaithe tionchar suntasach a imirt ar an gcomhshaol. Nuair a bheidh measúnú le déanamh maidir le cibé a mbeidh nó nach mbeidh tionchar suntasach ag an bhforbairt ar an gcomhshaol, ní mór don té atá i gceist ceisteanna a thabhairt san áireamh ar nós flúirse ghinearálta na gnáthóige sa cheantar (a d'fhéadfadh deireadh a bheith leis de bharr na n-oibreacha atá beartaithe), íogaireacht an chomhshaoil sna ceantair a mbeidh tionchar ag an tionscadal orthu (tugtar tuilleadh mionsonraí sa lámhleabhar).

Má aithnítear go mbeidh 'cead de dhíth' ag teastáil i leith an tionscadail atá beartaithe nó gur 'gníomh infhógartha' ar shuíomh Eorpach é (e.g. Limistéar Caomhantais Speisialta nó Limistéar Cosanta Speisialta), nó NHA. I gcásanna dá leithéid, d'fhéadfadh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) treoir a thabhairt don úinéir talún iarratas a dhéanamh ar scagadh chuig an DAFM i gcás oibreacha fo-thairseacha atá tugtha dá n-aire (tríd an gcóras gníomhartha infhógartha nó eile) nó

Sa chás go bhféadfadh an ghníomhaíocht atá beartaithe cur isteach ar shéadchomhartha seandálaíochta, d'fhéadfadh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta treoir a thabhairt don úinéir talún iarratas a chur isteach ar scagadh sa chás go bhfuil oibreacha fo-thairseacha tugtha dá n-aire’.