English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráitis N &P d'Eanáir go Iúil 2022 ar fáil anois

Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil ráitis Nítrigine agus Fosfair d’Eallach amháin (Ráitis N&P) don tréimhse 1 eanáir go 31 Iúil 2022 (eallach amháin) ar fáil anois ar chóras ar líne na Roinne www.agfood.ie.

Tá na ráitis seo úsáideach chun ligean d'fheirmeoirí pleanáil don bhliain amach romhainn agus chun a chinntiú go gcomhlíontar teorainneacha na Rialachán Níotráití, agus ar an gcaoi sin pionóis a sheachaint as teorainneacha 170 kg nítrigine in aghaidh an heicteáir a shárú nó is é 250 kg nítrigine in aghaidh an heicteáir an teorainn dóibh siúd a bhfuil maolú ceadaithe acu. Le héifeacht ón 9 Márta 2022, is é an ráta stoic uasta a cheadaítear le haghaidh coimíneachtaí ná 50kg N / ha gan aon nítrigin cheimiceach ceadaithe.

I measc na mbeart is féidir le gach feirmeoir a ghlacadh chun teorainneacha níotráití 170 kg/ha (nó 250 kg/ha do shealbhóirí maolaithe) a sheachaint tá:

  • Talamh breise a ligean ar cíos.
  • Uimhreacha beostoic a laghdú.
  • Dóthain aoiligh sciodair/clós feirme a easpórtáil agus an ghluaiseacht a dhearbhú ar líne.

Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh agfood.ie cheana féin é sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus cliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/en/service/department-of-agriculture-and-foods-online-services/#agfood.ie.

Tá tuilleadh eolais faoi Níotráití agus físeán taispeántais maidir le conas an córas gluaiseachtaí sciodair ar líne a úsáid ar fáil anseo: gov.ie - Timpeallacht Tuaithe &Inbhuanaitheacht - Níotráití (www.gov.ie).